Daoine

Leithscéal na leithscéalta é gurb é an córas nó an sistéam a loiceann ar dhaoine.

Nach deas comair gonta mar theideal é? D’fhéadfainn rud ar bith a rá. D’fhéadfainn scríobh mar gheall ar laochra, ar ghaiscígh, ar bhligeaird agus ar bhaothóga, agus go díreach é, is chuige sin atáim, mar tá gach aon chineál, shórt agus shaghas duine ann.

Agus is iad na cineálacha daoine sin a shocraíonn go dtarlaíonn seo nó siúd, ann nó as.

Mar le scannal mór uafásach úd an Stardust agus an loscadh do-inste a déanadh ar réaltaí óga cheantar lucht oibre Bhaile Átha Cliath, is duine nó daoine a shocraigh go mbeadh dálaí an chlub oíche mar a bhí tráthnóna an ghreadhnaigh thine. Duine nó daoine a chinn go ndéanfaí fiosrú uiscealach ina thaobh an chéad uair riamh, agus duine nó daoine a tháinig ar an toradh cam bréagach ar dá dheasca a caitheadh deicheanna de bhlianta eile ag iarraidh é a chur ina cheart.

Leithscéal na leithscéalta é gurb é an córas nó an sistéam a loiceann ar dhaoine. Níl in aon chóras nó sistéam ach na daoine arb iad an córas nó an sistéam iad. Is fíor go mbíonn laincis dlíthe agus nósimeachtaí agus béasa agus sluasmaointe mar thimpeallacht ag daoine, ach ní príosún ná carcair ná ceangal na gcúig caol iad ach oiread.

READ MORE

Duine éigin a shocraigh ar ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin ar an 22 Feabhra 2022 (agus tá tuairim mhaith againn cérbh é féin); duine amháin a shocraigh go ndéanfaí ionradh ar an Iaráic 20 Márta 2003 (agus tá a ainm siúd againn, leis). Níorbh iad na córais a dhein an cinneadh ach daoine.

Is mó sin éagóir atá á nochtadh anseo de réir a chéile agus caithfear muileann leithscéalta an stáit a chur ag obair go dian chun breith suas orthu. B’fhéidir gur mithid Roinn na Leithscéalta a chruthú ar eireaball roinne éigin nach bhfuil oiread sin de scothóga eile amach as. Fág ar tharla cheana as an áireamh, beidh gnóthach agus gníomhach amach anseo ag déanamh leithscéalta maidir lenar chaitheamar le soláthar díreach do theifigh agus a raibh ann ag fanacht ar feadh a n-óige gan fios fanachta ná imeachta, ar scannail drochthógála tithe agus árasán, ar rialachán cleite-éadrom airgeadais agus eile.

Chaitheas sciar maith dem shaol agus dem chuid néaróga ag plé le ranna stáit éagsúla, an Roinn Oideachais, Scileanna, Eolaíochta, Traenála, Scoileanna, Institiúidí, Foras agus Cibé Eile a Bhí sa bhFaisean san áireamh. Daoine geanúla den scoth ba ea a bhformhór, daoine arbh fhéidir labhairt leo, daoine a samhlófá saol lasmuigh den oifig leo. Go deimhin féin, cuid de na cairde is fearr…

Ina choinne sin thall, sa chás is gur cumadh praiseach de pholasaí éigin, rud a tharla anois is arís, nó thall is abhus, nó uair éigin nach bhfeadair, nó ní fios cathain, níorbh é duine ná daoine faoi dear an prácás, ach an córas, an sistéam, an t-inneall, an eagraíocht, a deirtí. Ní féidir an teibíocht a mhilleánú chomh furasta céanna.

B’in é an pátrún le linn fhormhór na scannail mhóra sláinte a bhí sa stát, Bríd Mhic Cumhaill a tholg heipitíteas C de dheasca easpa cúraim na seirbhíse fuilaistriúcháin; an t-uafás a lean na tástálacha smearaidh iomrallacha ar de urchóid na scrúduithe ceirbheacsacha; uafás tí altranais na mBánta áit a raibh othair breac le hanacraí leapan, gan trácht ar shimfisitóime nó ar thailidimíd ag dul tamall níos sia siar. Tá againn fós inniu le tuairisc ar bhás Aoife Johnston san ospidéal i Luimneach.

Is é claonadh atá ann locht a chur ar an gcóras, ar an modheolaíocht, ar earra éigin neamhphearsanta amuigh ansin nach féidir pont do mhéire a leagan air. Is é an bun beag ar an mbarr mór é gurb é duine nó daoine a dhéanann an cinneadh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar