Iontas na gCrann: tiocfaidh an duilliúr agus ansin an bláth

Mórshaothar nua foilsithe i nGaeilge ina dtugtar mioneolas ar shaintréithe chrainn na tíre agus ar an seanchas a ghabhann leo.

FOCLÓIR: Bailéiríne – ballerina; toir -bushes/shrubs; Carraig Phádraig - Rock of Cashel; míochaine - Materia medica; aolchloch – limestone; leithinis – peninsula; luibheanna – herbs; sleá – spear; Aiséirí – Resurrection; Iubhar (Iúr) - Yew; ríshliocht - dynasty.

‘Ní raibh ach an t-aon chrann amháin sa pharóiste inar rugadh mise, an crann fuinseoige, agus tá sé ann fós.”

Sin a dúirt Máirín Uí Chonchubhair, údar an mhórshaothair nua dar teideal Crainn & Toir, agus í ag caint le Tuarascáil faoi fhásra a dúiche baile, a bhfuil cuimhne fós aici air óna hóige.

Is as Dún Chaoin in Iarthar Dhuibhneach i gCo Chiarraí do Mháirín. Bhain sí céim eolaíochta amach i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh sna 1960idí, agus caith sí a saol oibre ag múineadh eolaíochta i gColáiste na gCnoc Glas i mBaile Bhailcín, Baile Átha Cliath.

READ MORE

D’fhoilsigh sí an leabhar iomráiteach Flóra Chorca Dhuibhne sa bhliain 1995 ina ndearna sí cur síos ar bhláthanna, ar phlandaí, ar luibheanna a dúiche baile agus na nósanna traidisiúnta a théann leo. Is as an obair sin a d’fhás Crainn & Toir.

Agus í ag trácht ar a hóige, is léir go raibh suim aici i gcónaí i gcrainn agus i dtoir na hÉireann.

Mar sin féin, níor fhás mórán crann i nDún Chaoin, áit ar tógadh teach a muintir ar aghaidh na farraige amach, ar an leithinis is faide siar i nGaeltacht Chiarraí agus sa tír.

“Bhí suim agam i gcónaí iontu ach níor cuireadh ach cúpla crann taobh thiar den tig againne agus níor fhásadar thar airde an dorais,” a dúirt sí.

Bhí cóngas ag a máthair le muintir An tSeabhaic, Muintir Uí Shiochfhradha, as Baile an Ghóilín.

“Is dócha go bhfuaireamar cúpla sampla uathu sin chun na crainn a chur, ach níor fhásadar san fhiántas,” a dúirt sí.

Ach anois, na blianta níos déanaí, agus an-chuid ama caite aici ag bailiú eolais faoin iliomad crann don leabhar nua, cé acu is ansa léi?

“Athraíonn sé ó am go ham,” a dúirt sí.

“Ach an chéad uair a chonaic mé Crann Péine i nGairdíní Mount Usher, an Péine Montezuma, cheapas go raibh sé go haoibhinn ar fad. Tá snáthaidí fada caola air agus iad mar a bheadh sciorta ar bailéiríne.”

Tá cáil ar an gcrann áirithe sin. Sa chur síos atá aici sa leabhar, deir Bean Uí Chonchubhair gur toirbheartha d’Impire Mheicsiceo, Montezuma II, taoiseach deireanach na nIndiach Aztec atá ann.

Tá cur síos ag Máirín ar timpeall 400 speiceas sa leabhar, a n-ainmneacha curtha i láthair i Laidin, Gaeilge agus Béarla.

Más áil leis an léitheoir eolas a fháil ar bheagnach crann ar bith, tiocfar ar chur síos cuimsitheach air sa leabhar.

I gcás an iubhair (an Iúr), mar shampla, mínítear go luaitear é leis an litir I, an cúigiú guta in aibítir an Oghaim agus an naoú litir in aibítir na Nua-Ghaeilge.

“Cuirtear an crann i reiligí mar chomhartha na beatha síoraí agus chun na marbh a chosaint agus iad ag súil leis an Aiséirí.”

Mínítear go bhfuil an iubhar ar cheann de na crainn is fadsaolaí a fhásann i dtuaisceart na hEorpa - thángthas ar shleá iubhair 450,000 bliain d’aois in 1911 i Sasana, “é deimhnithe ag anailís radacharbóin.”

Tá gaol ag an gcrann leis an ainm Eoghan, a eascraíonn as ‘Eo ghein’, sé sin, síolraithe ón iubhar. Déantar trácht ar ríshliocht Eoghanachta a raibh an lámh in uachtar acu i gCúige Mumhan sna Luath-Mheánaoiseanna.

“Mhóradh an treibh seo an t-iubhar,” a deir sí.

“Thógadar a gceanncheathrú i gCaiseal Mumhan toisc go bhfacadar crann iubhair ag fás ar Sí-Dhroim (mar a thugtaí ar Charraig Phádraig, anallód).”

Níl ansin ach blúirín den eolas atá sa leabhar faoin gcrann sin. Agus sin, ar bhealach, an luach atá leis an leabhar seo, Crainn & Toir.

Roinnte ina chúig chuid, tá sé breac le léaráidí, le léarscáileanna, le grianghraif agus gach cineál eolais eile a bhaineann leis an mbitheolaíocht, an t-éiceachóras agus le stair thíreolaíochta na tíre.

Tá saibhreas eolais agus feasacht chultúrtha ann leis. Tugtar sainléargas ar gach a mbaineann le crainn agus toir agus ar an eolas míochaine agus béaloidis a bhaineann leo freisin.

Leabhar toirtiúil atá san fhoilseachán seo ina bhfuil beagnach ocht gcéad leathanach ann. Ní minic a fhoilsítear leabhar mar é i dteanga ar bith.

Beidh Crainn & Toir riachtanach do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu sa dúlra ach beidh luach ar leith leis do scoileanna freisin. Tá costas sách ard air (€85) ach más féidir é a cheannach, is fiú go mór é – é sin nó abair le do leabharlann cóip a chur ar ordú.

Breis eolais: crainnagustoir.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.