‘Is é an rud is laige an rud is láidre in a lán slite’

Tá “athrú paraidíme” ag teastáil má táthar chun fadhbanna na linne a réiteach - an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin

Foclóir: Fealsúnacht – philosophy; oideam - maxim; misean inbhuanaithe - sustainable mission; sláine – wholeness/healthiness; comhaimseartha – contemporary; cuspóir – objective/purpose; inmharthanacht – viability; gabhal - fork; fuarbhruite – lukewarm.

Is iomaí teoiric ón ársaíocht chlasaiceach Ghréagach a thugann tuiscint dúinn ar an saol agus ar na gnéithe daonna sin a mbíonn ina n-údar crá ag an duine ó am go chéile.

Ní hamháin go luaitear Sócraitéas, Plato agus Arastatail le forais daonlathacha na linne seo, ach chuir gnéithe d’fhealsúnacht na Gréige bonn faoin dtuiscint atá againn ar fhadhbanna comhaimseartha an tsaoil.

Ar cheann de na smaointe a mhair ón ársaíocht chlasaiceach, tá an t-oideam nó an nath ‘Gnothi sauton’. Nath é sin a bhí inscríofa ar Theampall Apalló.

READ MORE

Is éard a bhí i gceist leis is dócha ná gur ceart don duine aithne, tuiscint nó eolas a chur air nó uirthi féin chun tuiscint níos fearr a fháil ar an nduine aonair agus ar an saol máguaird.

Agus dar leis an scríbhneoir agus ollamh, Fionnbarra Ó Brolcháin, is minic a bhíonn an ghné áirithe sin in easnamh ar an saol comhaimseartha in Éirinn.

Tá Ó Brolcháin i bhfeighil cúrsa do dhioplóma gairmiúil san fhiontraíocht ghlas, a chuireann Gaelchultúr ar fáil.

Creideann sé gur “acmhainní cumhachtacha” iad cultúr agus traidisiúin na hÉireann agus gur féidir iad a úsáid chun tabhairt faoin stoiteacht atá sa sochaí.

Is féidir iad a mhúnlú, dar leis, in éindí leis an fhéintuiscint, chun sláine éiceolaíoch agus rathúnas eacnamaíoch a chur chun cinn. Ach, chun iad sin a bhaint amach, tá géarghá le “athrú paraidíme” má táthar chun fadhbanna sóisialta agus éiceolaíochta na linne a réiteach.

Cloistear uaireanta nach bhfuil “luach ar bith” leis an teanga, a dúirt Ó Brolcháin, ach creideann sé go bhfuil ról ar leith aici sa phróiseas athraithe paraidíme sin.

“Is é an rud is laige an rud is láidre in a lán slite,” a dúirt sé.

“Creidim go láidir go bhfuil laigí faoi leith againn in Éirinn de bharr meath na teanga agus de bharr na staire.”

“Mura n-aithníonn muid é sin, ní éireoidh linn na dúshláin mhóra ó thaobh na hinmharthanachta a bhaint amach.”

“Tá an teanga i dtrioblóid agus tá brú uirthi de bharr an mhargaidh,” a dúirt sé.

“Tá luach ann troid i gcoinne na bhfórsaí sin agus sin an áit ina bhfuil an deis. Sin an fáth gur bhunaigh mé an cúrsa.”

Fiontair Bheo: Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht teideal an chúrsa.

Múinfear é thar thréimhse dhá sheachtain déag agus cuirfear béim ar fhéinmhachnamh agus fhéinchlaochlú.

“Cuirim béim sa chúrsa ar an nduine aonair i gcomhthéacs an pobal lena mbaineann siad agus an gaol atá acu leis na sinsir a chuaigh rompu,” a dúirt Ó Brolcháin.

Cuirfear béim freisin ar thábhacht na féiniúlachta agus na n-údarachta sa bhfiontraíocht agus i gcomhthéacs fiontraíochta pobail.

“An rud is tábhachtaí maidir leis an gcúrsa ná deis a thabhairt do na mic léinn machnamh a dhéanamh ar cé hiad féin, cá as dóibh agus cén fáth gur cóir dóibh é seo nó é siúd a dhéanamh,” a dúirt sé.

“Má chothaíonn tú brí i do shaol nó má chothaíonn tú cuspóir i gcomhthéacs comhlachta atá níos doimhne ná mar atá an margadh, is as an meon sin a thagann inmharthanacht agus inbhuanaitheacht.”

Déantar caint go minic ar an tábhacht atá le geilleagar ciorclach inbhuanaithe a chruthú ach tá níos mó ná caint de dhíth chun an sprioc sin a bhaint amach dar le Ó Brolcháin.

“Níl comhlacht ar domhan anois nach bhfuil “misean inbhuanaithe” nó a leithéidí sin scríofa acu,” a dúirt sé.

“Ach, I ndeireadh na dála, níl in a lán de sin ach caint san aer. An tslat tomhais a úsáidimse ná ‘an bhfuil tú sásta beart a dhéanamh de réir do bhriathar?’”

“An bhfuil an comhlacht nó an duine aonair sásta airgead nó rud éigin luachmhar a ghéilleadh de bharr go gcreideann siad i rud éigin?”

“Caithfear an cheist a chur ar an nduine aonair - an bhfuil tú sásta gan teach mór a bheith agat, gan gluaisteán a bheith agat, nó gan saoire a thógáil?”

Gabhal sa bhóthar

Cé nach léiríonn polaiteoirí mórán suime i gcoincheap na hinbhuanaitheachta dar leis, tá athrú meoin feicthe aige san óige.

“Tá gabhal sa bhóthar romhainn. Ar bhóthar amháin tá comhlachtaí ar nós Google, Facebook agus Amazon. Tá siad in iomaíocht lena chéile ó thaobh praghsanna agus costas.”

“Ar an mbóthar eile tá daoine a bhfuil poist áitiúla uathu atá fréamhaithe sa phobal. B’fhéidir nach bhfuil an tuarastal céanna á thuilleamh ach tá obair le déanamh agat atá luachmhar duit féin.”

“Tá i bhfad níos mó daoine óga ag dul ar an mbóthar eile sin anois. Tá rud beag á lorg acu, rud dúshlánach, rud le brí agus rud atá fréamhaithe.”

“Is éard atá uainn uilig mar dhaoine ná saol sona sásta ach tá an córas caipitleachais tar éis cur i gcéill nó dallamullóg a dhéanamh faoin bhfrása sin ‘folláine nó wellbeing’.

“I ndeireadh na dála baineann sé sin le hairgead agus leis an margadh.”

“Tríocha bliain ó shin ba é 39 nó 40 bliain d’aois an mheán-aois ag a bhuail dubhach nó íseal brí daoine. Anois tarlaíonn sé sin ag 14 nó 15.”

An fáth atá leis sin, dar leis, ná go bhfuil an domhan “corraithe” agus ná go bhfuil na daoine “dífhréamhaithe”.

“Tá daoine in ann an féachaint ar an idirlíon agus tuiscint a fháil ar chultúir eile go tapa ach tá siad níos neamhcheangailte leis an stair, leis an dúchas agus leis na rudaí sin a thugann ciall, tuiscint agus brí don duine ina shaol.”

“Mura bhfuil tú sásta troid ina choinne sin agus iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna mar: cé hé an duine aonair, cad as dó nó di, ní féiniúlacht atá i gceist.”

Reáchtálfar seisiún eolais faoin gcúrsa ar an Máirt, 8 Lúnasa. Breis eolais: gaelchultur.com/ga/cursai/


Suirbhéireacht na Gaeilge

Sa bhliain 2000 i suirbhé de chuid Fhoras na Gaeilge tuairiscíodh go raibh 68 faoin gcéad de na daoine a ceistíodh san fhiche sé chontae ag aontú leis an moladh go mbeadh seirbhísí poiblí ar fáil mar cheart do lucht labhartha na Gaeilge. Bhí 22 faoin gcéad ó thuaidh a d’aontaigh le moladh mar an gcéanna don tuaisceart.

Thar na blianta thuairiscigh a lán suirbhéanna bá mar sin leis an Ghaeilge. Ar na suirbhéanna is déanaí, tuairiscíodh go bhfuil móramh den phobal ó dheas ar son soláthar níos fearr don oideachas trí mheán na Gaeilge ar an dara leibhéal.

Creideann 70 faoin gcéad go bhféadfaí úsáid a bhaint as an dteanga chun a thuilleadh turasóirí a mhealladh.

Fiú má ghlactar go bhfuiltear dáiríre leis an tacaíocht sin don teanga, nach fíor fós go dteipeann glan ar fhormhór na ndaoine a mhaíonn tacaíocht don Ghaeilge í a labhairt taobh amuigh den chóras oideachais?

Tá luach leis an tsuirbhéireacht dar ndóigh ach nach mbeadh sé níos torthúla fós airgead a chaitheamh ar thaighde ar bhealaí chun fáil réidh leis na baic chultúrtha atá ar labhairt na Gaeilge ná meoin fuarbhruite an phobail a thomhas agus a aththomhas?

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.