Leabhair agus teidil

I measc na leabhar a phrioc m’aire fadó ba ea ‘An Irishman’s Difficulties with the Dutch Language’ le húdar a bhfuil ‘Cuey-na-Gael’ mar ainm pinn aige.

Tá sé ráite riamh nár cheart leabhar a mheas ar a chlúdach, cé go bhféadfadh bonn éigin a bheith ag cúram foilsitheora leis an saothar agus a bhfuil istigh ann. B’fhéidir gur tábhachtaí fós gan an bhreith a thabhairt ar an teideal. Bhí ainm dráma Shakespeare ‘All’s well that ends well’ ar ‘Chogadh agus Síocháin’ Tolstoi ar dtús, agus ‘Na Neamh-mhairbh’ ar ‘Dracula’. Ba dheacair iad a shamhlú faoi na teidil sin anois.

Ina choinne sin, bhí nós ag údair Ghaeilge céad bliain ó shin agus ina dhiaidh ar theidil leamha trípháirteacha a bhualadh ar leabhair, cuid acu a bhí go maith mar leabhair, seachas mar theidil: ‘Thall is Abhus,’ ‘An Ghráin is an Ghruaim’, ‘Anois is Arís’, ‘Thuas Seal agus Thíos Seal’, ‘Isteach is Amach’, ‘Suas is Síos’, ‘Craic agus Craiceann’, ‘Sonas agus Donas’ ‘Ar Muir is ar Tír’ agus mar sin de.

Níl aon cheann de na teidil sin chomh meallacach le, abraimis, ‘An Fear a Shíl gur Hata ba ea a Bhean’ le hOliver Sacks, ‘An Duine arbh é an Déardaoin é’ a scríobh Chesterton, ná go leor eile a rithfeadh leat ar do shiúlta duit.

Ina measc siúd tá: ‘D’fhéadfainn mún a dhéanamh air seo, agus dánta eile le cait’, nó ‘Cén dóigh le fios a bheith agat go bhfuil do chat ag iarraidh tú a mharú’ (ní fios cad ina thaobh oiread faoi chait a bheith san earnáil seo), nó ‘Sádmhasacas do Chuntasóirí’ (saothar nach mbeadh aon ghá leis, cheapfainn), nó go gonta ‘It’ le Stephen King, cé go bhfuil ‘El’ le Thaddeus Ó Buachalla againn sa Ghaeilge.

READ MORE

I measc na leabhar a phrioc m’aire fadó ba ea ‘An Irishman’s Difficulties with the Dutch Language’ le húdar a bhfuil ‘Cuey-na-Gael’ mar ainm pinn aige. Thóg sé tamall teacht air, mar bhí sé as cló le fada óir foilsíodh i dtosach é i dtús na haoise seo caite.

Is é atá ann cuntas ar shaol mhic léinn ó Choláiste na Tríonóide agus é ina chónaí san Ísiltír agus iarracht á déanamh aige an Dúitsis a fhoghlaim. Murab ionann agus inniu de dheasca na teilifíse, scannán agus Meiriceánú an domhain ba bheag duine ann a raibh aon Bhéarla aige. Mar sin, ba ghá an stracadh agus an tarraingt agus an tumadh agus an dul sa seans le hurlabhra an phobail ar slánchuid d’fhoghlaim teanga ar bith iad.

Ní gá a rá gurbh iad an greann agus an frustrachas an toradh.

Ní raibh tús rómhaith aige. De réir an leabhair teagaisc a bhí aige bhí fuaimeanna sa Dúitsis nach bhféadfadh aon eachtrannach a theanga a lúbadh timpeall orthu, agus chuir cuid den chomharthaíocht a bhí ann soir ar fad é. ‘Cad ba bhrí leo?’ d’fhiafraigh sé de féin, ‘casachtach nó sraoth nó buille beag coise ar an talamh?’

Mar is dual, ní raibh mórán de chaint na sráide san fhoclóir ná sa leabhar teagaisc, agus ba mhinic mearbhall agus trí chéile air dá bharr.

Nuair a d’iarr fear a bhí in aon lóistín leis ‘U moet es eve kome kijke, mijnheer’, ceapann sé gur ag iarraidh teacht anuas an staighre atá sé d’fhonn casadh le fear sa tsráid.

Má bhí mearbhall air, tá orainne chomh maith. Is amhlaidh go síneann sé sleachta breátha Dúitsise chugainn, tugann le fios gur éirigh míthuiscint astu, déanann gáire breá leis féin faoi chomh barrúil is a bhí an eachtra, ach ní thugann sé aon aistriúcháin ar an Dúitsis ionas go bhfuilimid dall ar an meascán mearaí ón tús!

Mar sin féin, bhí rud éigin diamhair agus tarraingteach ag focail ar nós ‘voortzetsels’, ‘bijvoegelijke’, ‘onbepaalde wijzen’ agus ‘patatje oorlog’, fág go bhfuilim dall orthu ar nós bhur bhformhór amuigh ansin chomh maith.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar