Leithscéalta agus leamhscéalta

Agus is iad na leithscéalta an tionscal is mó atá ginte ag na himeachtaí léanmhara a fheicimid anois ar shráideanna agus ar bhóithre.

Tharla mé ag lorg ionaid d’fhonn mo cheann a chur ar adhairt tráthnóna dá raibh. I Londain Shasana a bhíos féin agus cara liom ag iarraidh poist don samhradh sula bhfillfimis ar an meánscoil. Ba thúisce leaba ná post agus shiúlamar bóithre dá réir.

Chonaiceamar na fógraí, fógraí a maítear anois nach raibh iontu ach finscéal: ‘No dogs, no blacks, no Irish.’ Ní san ord sin a bhí siad i gcónaí. Ar deireadh rángamar teach a raibh folúntais fógraithe lasmuigh, teach deas cluthair a raibh leapacha bláth néata de gach leith an ghairdín ann. Bean dheas a d’fhreagair an doras, fáilte ar a béal, fiacla chomh geal sin uirthi nárbh fhéidir iad a bheith bréagach.

D’fhreagraíomar an comhar léi le miongháirí dá samhail, ach an túisce is a d’osclaíomar ár mbéal d’athraigh a gnúis, chlaochlaigh a cló. Gan choinne, d’urchar, ní raibh aon fholúntais ann níos mó. Ba léir nach raibh fáilte feasta romhainn.

Tá seans maith ann, gan amhras, go raibh drochstair cheana ag an mbean chéanna le mucarlach éigin as Muiceanach idir Dhá Sháile nó le langaire láidir as Luimneach, nó tharlódh gurbh é blas Chorcaí a chuir sceimhle uirthi. Níl gach ball de chine Gael go deas. Tá ár riar féin de gharbháin againn mar is léir ag cluiche peile sóisir ar bith in íochtar tíre.

READ MORE

Ach b’é a ghoill orainn ná go raibh an doras á thaispeáint dúinn agus gan aon aithne orainn, go raibh an diúltamh á thabhairt ar bhonn gur bhaineamar le cine áirithe amháin. Anois, ar eagla na heagla, níor imíomar linn agus ár ngearba á ndó le teann feirge. Ní raibh ann ach léirstint bheag chaol amháin ar ghné choiteann den chine daonna, gné atá á múscailt arís leis na hionsaithe agus na feachtais in aghaidh teifeach ar a gcoimeád anseo.

Táim cinnte, dá mbeadh dul siar air, go mbeadh leithscéal éigin ag an mbean úd i Londain le sinn a dhíbirt óna doras. Agus is iad na leithscéalta an tionscal is mó atá ginte ag na himeachtaí léanmhara a fheicimid anois ar shráideanna agus ar bhóithre. Is é an ceann is raimhre díobh sin ná go bhfuiltear ag cur in aghaidh lonnú na dteifeach toisc go bhfuil na pobail in aghaidh ‘soláthair mhídhaonna’ agus iad buartha mar gheall ar ‘chúinsí mí-oiriúnacha’ na ndaoine mí-ámharacha.

Bíonn na cúinsí mí-oiriúnach go minic is fíor, ach táim sealbhaithe de gurbh fhearr le teifigh a bheith in uaigneas fuar an Chláir faoi ionsaí na hInse ag éisteacht le ba ag géimneach agus gabhair ag meigeallach seachas a bheith faoi chith gáis nimh sa tSiria, ná ag seargadh le hocras sa tSomáil, nó á bhfuadach ag Boko Haram sa Nigéir, nó faoi chéasadh ar raca san Afganastáin, nó á mbá ar Loch an Bháis ar chósta na hIodáile, nó faoi bhráca na síorainnise go brách in Kakuma, Dadaab, Za’abari nó Kutupalong, nó aon cheann eile de na campaí fairsinge, na cathracha cairtpháipéir is pluda ina bhfuil na céadta céadta céadta míle duine ag cur a mbeatha díobh go dímhisniúil gan dóchas.

Buartha ina dtaobh, ar mh’anam! B’é an nochtadh ba léire ar leithscéilín bréagach ná an Pollach, Oileán Acla, Samhain 2019, an uair dheiridh ar nocht an nathair nimhe seo a cloigeann. Chuaigh an scéal amach go rabhthas le 38 fear a lonnú san óstán laethúil. Am baiste, ní fhéadfaí glacadh le fir! Níor glacadh. Mar mhalairt, socraíodh go gcuirfí 13 bean ann, teaghlaigh ina measc. Aaaaaagh! Níorbh fhéidir sin ach oiread! Síntear amach an chéad leithscéal eile!

Mar adúirt urlabhraí amháin sna léirsithe sa Mhuileann gCearr mí Feabhra seo caite: ‘Nílimid ag iarraidh go mbeadh aon eachtrannaigh anseo, ná daoine nach bhfuil aithne againn orthu!’ Sin macántacht, agus an fhírinne ghránna.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar