Tuairimíocht gan chríoch

Bhíodh mic léinn ag tumadh ann go domhain is ag teacht aníos le raiméis.

Tá cead ag gach duine a thuairim féin a bheith aige a maítear, agus fiú mura mbeadh an cead, bheadh an tuairim. Go dtí le déanaí ba leat féin agus leis na daoine a raibh aithne agat orthu a tháinig faoi léigear do chuid tuairimí, nó ar mhí-ámharaí an tsaoil daoine ar casadh ort iad ag cabaireacht leat sa ród. Bhí aicme eile ann, gan amhras, iriseoirí agus craoltóirí, nó múinteoirí agus aos ollscoile, nó fáidheanna agus lucht fáistine, a raibh sé de phribhléid acu go bhfaigheadh a gcuid baoise agus gaoise agus smaoise leathantas beagán níos fairsinge.

Ach anois, ar ala na huaire, san am marfach a mairimid ann, anois díreach san chantanam am-spáis nach bhfuil aon éalú againn uaidh tá cead lánbhéil agus carballbhladair ag gach aon Tadhg, Sadhbh agus Adorabella a rogha smaoineamh a chraobhscaoileadh ar na hinnill a bhfuil na meáin shóisialta orthu de cheal aon lipéad níos sibhialta. Dul chun cinn iontach é seo sa mhéid is go bhfuil daonlathach; dul ar gcúl sa mhéid is go mbíonn go minic dramhaílathach.

Táim admhálach im chionta féin nach gcleachtaim oiread sin díobh. Ní bhainim leas as Twitter óir ní twit mé, ná Instagram ná Facebook mar nach bhfuil mo straois le maíomh. Is róleor mo chuntas ríomhphoist le caidreamh a choimeád leis na daoine ar fiú caidreamh a choimeád leo, ach is baol go mbearnaítear dún an ríomhphoist leis na mic mháthar, na hiníonacha athar is na neachanna idireatarthu nach mbíonn i gcónaí fáilte rompu.

Bhí de mhí-ádh orm tamall de bhlianta ó shin mo shíniú a chur le hachainí a bhain le duine a bhí le cur chun báis go hoifigiúil ar chathaoir leictreach nó le snaidhm an rópa nó le hinstealladh nimhe nó le cith piléir nó le ceann éigin de na slite atá ceaptha ag na Stáit Aontaithe leis an dlí a chur i bhfeidhm. Ní raibh a fhios agam go raibh an achainí urraithe ag an bPáirtí mór Daonlathach thall. Ó shin i leith, níl lá dá dtagann nach bhfaighim iarratas airgid nó impí tacaíochta ó choisí nó ó ghiolla éigin de chuid an pháirtí chéanna. Téann dem dhícheall iad a dhíbirt in ainneoin foireann de pháistí óga méarliteartha a bheith dom thacú.

READ MORE

Tharla ditto agus an rud céanna nuair a bhí eolas éigin gan dealramh á lorg agam ó bhleachtairí an idirlín. Fuaireas freagra ó Quora, ar suíomh é ina bhfiafraítear ceisteanna ar an bpobal agus ina bhfreagraíonn an pobal iad. Is mé atá stuáilte le ceisteanna agus le freagraí ó Quora ó shin i leith.

Is é an casadh sa chás seo go bhfuil idir léann eolgaiseach agus bhaosra gan dealramh le fáil air. Conas is féidir iad a dheighilt ó chéile nó a mheas ar aon tslí chóir?

B’in an fhadhb a dúisíodh nuair a tosnaíodh ar an idirlíon ar tús. Bhíodh mic léinn ag tumadh ann go domhain is ag teacht aníos le raiméis. Sa chás is go raibh aiste phráinneach le déanamh agat ar Joyce agus gur theastaigh go n-éireodh leat go seoigh gheofá amais gan teorainn ar ghúgal. 110 milliún atá ann faoi láthair. Seans go mbeidh cúpla míle curtha leis faoin am go mbeidh seo i gcló.

Tá ábhar maith ciallmhar ar Quora, mar atá ar láithreáin eile. Cuireann saineolaithe aistí fada léannta uathu d’fhonn eolas a scaipeadh leis an slua. Ach ina choinne sin thall, gheobhaidh tú daoine a bhfuil tread bó le cur thar abhainn acu, agus púcaí gamail ag dúiseacht mioscais. Nuair a d’fhiafraigh duine amháin mar gheall ar leipreacháin in Éirinn bhí a fhios agam go raibh glugar agam.

Níl aon chóngar chun an eolais ná na tuisceana, tuairimí gan chríoch ann nó as.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar