Cuimhní cinn: cuairt ar an nGaeltacht

‘Chaitheamar bróga Beatles agus shiúlamar go postúil ar fuaid na háite le raidió trasraitheora ar siúl os ard’

Foclóir: Laethanta ailcín - halcyon days; deasghnáth aistrithe saoil - rite of passage; leamh - insipid/boring; shiúlamar go postúil - we swaggered; raidió trasraitheora - transistor radio; bairéad – beret; gairdíní tírdhreachtaithe - landscaped gardens.

Nuair a bhí mé féin agus mo bhean chéile i nGaillimh le déanaí thugamar cuairt ar an gceantar i gCois Farraige inar chaith mé mo chéad thréimhse sa Ghaeltacht agus mé ceithre bliana déag d’aois. Bhí cuimhne chruinn agam fós ar na laethanta ailcín sin i lár na seascaidí. Thaistil scata daltaí dara leibhéal siar ó Bhaile Átha Cliath faoi threoir an Bhráthair Uí Fhaoláin, fear dian a raibh rogha agus togha na Gaeilge aige.

I dteach sna hAille Thiar a d’fhan mé féin agus triúr buachaill eile. In ár measc bhí Frank Murray nach maireann, iarbhainisteoir na Pogues. Ar dtús chuaigh sé dian orainn bean an tí a thuiscint. Ní amháin go raibh canúint Chois Fharraige éagsúil le Gaeilge na scoile ach bhí an bhean bhocht mantach.

Ó tharla gur chuir mé féin agus mo chairde an-suim sna héin, thug an Bráthair Ó Faoláin leabhar nóta dá chuid féin dúinn ar iasacht a raibh ainmneacha Gaeilge suas le céad saghas éan ann.

READ MORE

Thagaimis le chéile gach uile mhaidin ar an trá chun dul ag snámh agus ina dhiaidh sin bhailímis ag siopa Uí Sheachnasaigh chun buidéil líomóide agus milseáin a cheannach lenár n-airgead póca. Ansin, thugadh an Bráthair Ó Faoláin amach muid ag rothaíocht.

Le linn an aistir bhíodh sé ag cur síos ar stair agus ar thíreolaíocht na háite. Murab ionann is an lá atá inniu ann nuair is deasghnáth aistrithe saoil iad na cúrsaí Gaeltachta ina mbuaileann buachaillí agus cailíní le chéile, ina mbíonn céilithe agus dioscónna ann, ba leamh ar fad ár gcúrsa. Comórtas chaitheamh cloch an rud ba dhásachtaí ar thugamar faoi!

Ba bheag cailín a bhí ann ach amháin na cailíní áitiúla agus choinnigh an Bráthair Ó Faoláin súil ghéar orainn uile ar eagla go mbeadh cathú dá laghad ann!

Chaitheamar bróga Beatles agus shiúlamar go postúil ar fuaid na háite le raidió trasraitheora ar siúl os ard. Más náire le rá é, mhothaíomar céim os cionn na mbuachaillí áitiúla a bhí níos boichte ná muid agus nach raibh chomh faiseanta linn. Níor thuigeamar fós saibhreas an chultúir thraidisiúnta: nuair a tháinig iníon bhean an tí abhaile ó Shasana agus nuair a tugadh cóisir ina honóir, canadh amhráin ar an sean nós. Go dtí sin níor chualamar a leithéid riamh cheana mar b’iad na Beatles na Stones nó fiú na Clancys nó na Dubliners féin a spreag muid ag an am.

Bhí tithe cinn tuí ann fós san am sin agus bhí móin fós á baint. Is maith is cuimhin liom boladh meisciúil na móna ón tine oscailte a bhí ar lasadh de ló is d’oíche. Leithreas ‘tirim’ a bhí againn taobh amuigh ar chúl an tí a chuirfeadh dán an Ríordánaigh i gcuimhne duit.

Tráthnóna amháin, le linn stoirme, shiúil mé féin agus Frank Murray síos an bóithrín os comhair an tí gur bhaineamar an cladach amach. Bhí sé ag stealladh báistí agus bhí na ‘capaill bhána’ le feiceáil amuigh agus Oileáin Árann ag nochtadh as an gceo. Bhí na tonnta ag briseadh os ár gcomhair amach agus dár mbodhrú. Chaith Frank bairéad dubh agus nuair a d’fhéach mé air thug mé faoi deara go raibh an dath dubh ag sileadh anuas ar a aghaidh! Bhriseamar beirt amach ag gáire sular fhilleamar ar ár dteach.

Le déanaí shiúil mé féin agus mo bhean chéile síos an bóithrín ceannann céanna. Níor aithin mé an áit ar chor ar bith. Bhí tithe nua den chéadscoth breactha ar fuaid an bhealaigh: gairdíní tírdhreachtaithe, grianphainéil ar na díonta, gluaisteáin leictreacha agus báid nua-aimseartha taobh amuigh. Ní raibh rian den bhochtaineacht a thug mé faoi deara sna seascaidí, buíochas mór le Dia agus thuig mé go raibh Cois Fharraige an lae inniu ina cheantar nua-aimseartha inchurtha le ceantair eile nua-aimseartha san Eoraip.

Ar na saolta seo is minic ailt sna nuachtáin faoi na coláistí Gaeltachta agus an taithí a bhíonn ag daltaí na tíre orthu: an deasghnáth aistrithe saoil, an chéad phóg, an chéad rince mall, agus dar ndóigh, an cruinniú i Sráid Grafton ina dhiaidh sin. Déantar físeáin de na daltaí ag canadh popamhrán as Gaeilge agus ag rince, ag cur in iúl gur taitneamhach ar fad an samhradh sa Ghaeltacht. Le dhá bhliain anuas chuir Covid deireadh leis na cúrsaí samhraidh ach ar an dea-uair, bhí na cúrsaí ar siúl arís i mbliana.

Cuimhním fós ar bhean an tí, ar an mBráthair Ó Faoláin, ar mo chara cléibh Frank, agus ar go leor de mo chairde eile den bhuíon sin atá ar Shlí na Fírinne anois. Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha.