Úrscéalta na Gaeilge le plé i mBaile Átha Cliath

“Úrscéalta Gaeilge an 20ú hAois” an teideal atá ar chomhdháil a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath amárach agus Dé hAoine.

Ollscoil Notre Dame atá i mbun na hócáide agus beidh rogha úrscéalta a foilsíodh le linn an 20ú haois faoi chaibidil ag lucht ollscoile agus léirmheastóirí.

Is é is cuspóir leis an fhiontar léargas a thabhairt ar fhiúntas agus ar éifeacht úrscéalta na Gaeilge agus ceist a chur cad é na húrscéalta a ba cheart a bheith i mbéal an phobail agus ar an chúrsa ollscoile?

Beidh úrscéalta le Pádraic Ó Conaire, Máirtín Ó Cadhain, Alan Titley, agus Breandán Ó Doibhlin faoi scrúdú ag léachtóirí ar nós Chaoimhín Mac Giolla Léith, Máire Ní Annracháin, Máirín Nic Eoin, Róisín Ní Ghairbhí, agus Tadhg Ó Dúshláine.

READ MORE

Le cois díospóireachta ar na leabhair féin, léifidh na húrscéalaithe Séamus Mac Annaidh, Éilís Ní Dhuibhne, Liam Ó Muirthile, Darach Ó Scolaí agus Pádraig Ó Siadhail sleachta as a saothar oíche Dhéardaoin ag 7pm.

Is i dTeach Uí Chonaill, 58 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, a bheidh na himeachtaí ar siúl.