Smaoineamh saor in aisce

Is mór idir na haimsirí, ach amháin gurb é Tarzan an laoch i gcónaí

Sna laethanta aisteacha seo agus sinn fós faoi ghlas agus ag feitheamh leis an tsnáthaid is dócha go bhfuil daoine ann a amharcann ar rud ar bith ar an teilifís. Is maith liom féin cuid de na drámaí bleachtaireachta, go háirithe nuair is féidir leat cluiche a imirt led mheabhair féachaint cé dhein an choir agus conas mar a d’eirigh leis an scríbhneoir sin a cheilt ort. Ach anois is arís lasann scannán os do chomhair a bhfuil fhios agat gur cur amú ama a bheidh ann.

Is fada ó chonaic mé scannán ar bith mar gheall ar Tarzan, ach os rud é go raibh ceann á nochtadh os mo chomhair ar an mbosca an tseachtain cheana, go raibh an madra beathaithe agus mo chúpla míle focal scríte agam don lá, shocraíos ar fhéachaint air. ‘The Legend of Tarzan’ ós é a bhí ann, seachas Tarzan agus na hápaí nó Tarzan agus Jane nó an fhoraois nó an t-ór nó aon cheann den leathchéad éigin pictiúr atá déanta faoi ó chéad chum Edgar Rice Burroughs an carachtar siar i dtús an chéid seo caite. B’fhéidir nach bhfuil an oiread céanna scannán déanta timpeall air agus atá ar Dracula, ach is an-léiriú é nach bhfuill a dhíth ar scríbhneoir ach aon phearsa mhór nótáilte amháin a chumadh d’fhonn a chlú a bhuanú.

Is san Afraic a bhíos an uair dheiridh dá bhfaca mé scannán Tarzan. B’í íoróin an chúrsa ná go raibh na daoine gorma, arbh iad an lucht féachana iad, go mór ar son Tarzan é féin fad is a bhí na treibheanna dorcha as an bhforaois á bpleancadh aige. Níor aithin siad iad féin ar aon tslí sna daoine fiáine seo a bhí á marú mar a dhéanfaí cuileoga lá samhraidh, agus cén fáth a n-aithneodh? Ní móide go gceadófaí do dhuine ar bith scannáin mar seo a dhéanamh anois.

Chuige sin, chuireas suim sa léiriú a dhéanfaí ar mhuintir na hAfraice sa chás seo. Sa Chongó atá an scannán suite le linn réimeas na mBeilgeach ansin. Agus is ea! Tá an ceart agat, is daoine lácha dealabhartha na bundúchasaigh agus is bastaird bharbartha iad na Beilgigh sin ar chuaigh an Eoraip chun cogaidh ar a son sa bhliain 1914 d’fhonn a sibhialtacht a thabhairt slán.

READ MORE

Tá an léiriú sin ar na Beilgigh ceart agus cóir, gan amhras, seachas é a bheith róchineálta. Ní thaispeántar na cairn mhóra de lámha teasctha, mar shampla, ná páistí ag gearradh na gcrann rubair d’fhonn boinn a chur faoinár ngluaisteáin. Agus is iad na saighdiúirí geala atá á bpleancadh agus á dtreascairt anois mar a dhéanfaí ciorrú má gcuach ar na cuileoga sin lá samhraidh.

Is mór idir na haimsirí, ach amháin gurb é Tarzan an laoch i gcónaí, an duine uasal Sasanach seo, John Clayton II, Bíocunta Greystoke, nach foláir dó filleadh ar an Afraic chun na bundúchasaigh a theasargan. Fág gur lánait go bhfuair sé tógáil i measc na n-ápaí, tá Béarla an tí mhóir aige go cruinn, seachas go dtuairimeofá gur fhág siad lorg ar chuid de na gutaí cársánacha sin is dual don aicme ar di é.

Ceart go leor, cumadóireacht ghlan shalach í seo. Ach tá go leor samplaí againn de pháistí a tógadh i measc ainmhithe - madraí, moncaithe, mathúin, ba, gabhair - agus theip orthu caint a shealbhú, cuid acu nár ith riamh ach an bia ba chleachtach dóibh agus a shiúil ar a gceithre ghéag fad a mbeatha.

Mar sin, smaoineamh saor in aisce do lucht déanta scannán: Tarzan nach mbeadh de chaint aige ach plobaireacht gliogairnéise agus a bheadh ag crúbadach leis ar an talamh á thochas féin lena chrobhingne. Dhéanfadh sin scannán i bhfad níos suimiúla.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar