Seo chugainn craobh na gceoltóirí - Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta

Ocht ngrúpa ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta a bheidh san iomaíocht do chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 ag an deireadh seachtaine.

Is sa Cheoláras Náisiúnta Dé Domhnaigh ag 7.30p.m. a bheidh buaicphointe na bliana den chomórtas, comórtas a bhfuil sé mar chuspóir aige dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige a chothú.

As gach cearn d’Éirinn a thagann na grúpaí: Fuaimeanna Shliabh Luachra, Cill Áirne, Co. Chiarraí; Fiúntas, Mainistir Laoise, Co. Laoise; Círéib, Coláistí Eoin agus Íosagáin, Baile Átha Cliath; Réidh, Ceoltóirí Chaisleán an Danair, Co. Loch Garman; Leoithne, Coláiste/Gaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí; Spionnadh, Laurel Hill, Luimneach; Comhar, Muineachán agus Gluaiseacht, An Sciobairín, Iarthar Chorcaí.

Beidh thart faoi 12 nóiméad ag na ceoltóirí óga lena gcuid ceoil féin a sheinm agus a gcuid amhrán a rá. Ach níor fágadh na grúpaí ar an trá fholamh agus iad ag ullmhú don ócáid mhór. Chuidigh beirt cheoltóirí iomráiteacha – Dónal O’Connor agus Niamh Ní Charra – leo agus iad ag roinnt a saineolais leis an mhuintir óga.

READ MORE

Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí; €1,250 don dara háit agus €750 don tríú háit. Anuas air sin, bronnfar duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uile a bheidh páirteach sa Chraobh.

Craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta an comórtas beo ó 7.30p.m. ar an oíche agus is í Áine Hensey a bheidh ina láithreoir. Mura leor sin, beidh laochra an cheoil le feiceáil ar chlár speisialta faoi Shiansa Gael Linn ar TG4 Dé Luain, 2ú Bealtaine ag 5.25p.m.

Eolas: 01-4170000 nó www.nch.ie.