Nunga! Nunga Nú! Nunga! Nunga Nú! Nunga! Nunga Nú!

Chuala muid uilig iomrá ar Dhónall na Gealaí ach Dónall Dána? Seans go bhfuil aithne agat air i mBéarla mar Horrid Henry ach tá Horrid Henry i ndiaidh freastal ar chúrsa le Coláiste na bhFiann agus d’fhoghlaim sé Gaeilge!

Ach ná bíodh eagla ort – bíodh is go bhfuil scoth na Gaeilge aige – tá Dónall fós ina ghasúr beag iomlatach.

Francesca Simon a scríobh na leabhair Bhéarla ach mná na hÉireann – bhuel, mná nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta – a thug glór i nGaeilge dó: Gormfhlaith Ní Thuairisg; Máirín Ní Ghadhra; Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin.

Is iad a d’aistrigh Dónall Dalba chun na Gaeltachta gan stró. Tá Cóilín Caointeach, Bláthnaid Snáthaid, Peaidí Beadaí, Síle Searbh, Peigí Pusach agus Tomás Taghdach i gcuideachta Dhónaill. Thiar atá tú, i ngearrscéal osréalaíoch de chuid Uí Chadhain!

READ MORE

Cúig leabhar nua atá anois ar fáil – Míola, Sióg na bhFiacla, An Club Rúnda, Saibhreas Sciobtha! agus Dónall Dána.

Tá na léaráidí a rinne Tony Ross go fóill leis na leabhair agus dírithe ar léitheoirí idir seacht agus naoi mbliana d’aois atá na leabhair. Níor chóir don téacs dúshlán páiste nó duine fásta a thabhairt: “Éist go cúramach,” arsa Peigí, “mar níl mé chun é seo a rá ach aon uair amháin. Nuair atá ball den Chlub Rúnda ag iarraidh a theacht isteach, déarfaidh siad ‘NUNGA’. Aon duine atá istigh cheana féin déarfaidh siadsan ‘NUNGA NÚ’ ar ais.”

Nunga! Nunga nú!

póm

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times