Ionradh trasna na dtonnta

Troid fhíochmhar ar chósta na Fraince


Tá 70 bliain ann ó D-Day, nó “Operation Neptune”, códainm de theacht i dtír na gcomhghuaillithe ar an gcósta Normannach le linn an Dara Cogaidh Dhomhanda.

Ba é an t-ionradh farraige ba mhó i stair an domhain é.

Socraíodh ar ionsaí a dhéanamh ar iarthar na hEorpa ag Comhdháil Trident i Washington i mBealtaine 1943. Tugadh don Ghinearál Eisenhower ceannas iomlán ar an oibríocht agus bhí an Ginearál Montgomery i gceannas ar na fórsaí talún go léir.

Meiriceánaigh ab iad tromlach na saighdiúirí, Sasanaigh an dara grúpa ba mhó agus bhí rannán amháin ó Cheanada, an Pholainn agus an Fhrainc páirteach san ionsaí freisin.

READ MORE

Roinneadh sciar 50 míle den chósta Normannach i gcúig theascóg: Utah, Omaha, Gold, Juno agus Sword a tugadh na tránna.

Bhí na Meiriceánaigh le teacht i dtír ar Utah agus Omaha, na Sasanaigh ar Gold agus Sword agus na Ceanadaigh ar Juno.

Cheap Montgomery go dtógfadh sé 90 lá chun Abhainn na Séine a shroicheadh. Ach thóg é i bhfad ní ba mhó ama ná sin.

Ní fhéadfadh an t-ionradh dul ar aghaidh gan an aimsir a bheith oiriúnach agus ba anseo a ghlac Seirbhís Mheitéareolaíoch Éireann páirt thábhachtach. Cé go raibh Éire neodrach i rith an chogaidh, thug an tseirbhís eolas faoin aimsir do na comhghuaillithe agus socraíodh dul ar aghaidh leis an ionradh tar éis réamhaisnéis chóiriúil a fháil ón stáisiún aimsire ar Chuan an Fhóid Duibh, Co Mhaigh Eo.

Bhí suas le 7,000 árthach sa chabhlach ionraidh, an chuid ba mhó díobh longa cogaidh agus soithí le dul i dtír.

D’ionsaigh timpeall 2,000 eitleán buamála an cósta Normannach chun córacha cosanta na trá a scriosadh agus chuaigh na heitleáin ní b’fhaide i dtír chun stop a chur leis na saighdiúirí Gearmánacha na tránna a shroicheadh sula raibh seans ag na fórsaí ionraidh a suíomh a dhaingniú.

Bhí an troid b’fhíochmhaire ar Omaha mar níor éirigh leis an mbombardú na córacha cosanta a scriosadh. 2,000 saighdiúir Meiriceánach a maraíodh nó a goineadh sular bhuanaigh siad suíomh ar an dtrá.

Déanann an chéad leathuair den scannán Saving Private Ryan cur síos ar an ionsaí ar Omaha agus taispeánann sé go grinn agus go réalaíoch cé chomh géar, nimhneach agus a bhí an troid.

Chuaigh 160,000 saighdiúir trasna na mara ar D-Day. Ar an lá féin, maraíodh 4,500 agus 8,000 a goineadh. 1,000 saighdiúir Gearmánach a maraíodh.

Ba é an aidhm a bhí ag na comhghuaillithe ná tosach catha, idir sé mhíle agus deich míle ó na tránna, a chur ar bun ar an chéad lá ach níor éirigh leo é sin a dhéanamh.

Níor nascadh na cúig thrá go dtí 12ú Meitheamh. Mar sin féin, bhí bóthar fada crua le taisteal fós.

Thug sé 11 mí eile sular shroich na comhghuaillithe Beirlín amach agus gur ghéill na Gearmánaigh.

Cé mhéad saighdiúir a tháinig i dtír ar D-Day a maraíodh faoin am sin?

BRIAN MAYE