In am treisiú a dhéanamh ar mhór-ráiteas na Gaeilge 2006 - Ó Coinn

B’fhiú seasamh siar agus amharc ar an ghaol atá againn leis an teanga, dar le príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

FOCLÓIR: Príomhfheidhmeannach - chief executive, treisiú - strengthen, amharc - look, comharba - successor, múnla - model, práinneach - urgent, foirfe - perfect , guth - voice, scamall - cloud.

Tá sé in am an deis a thapú agus treisiú a dhéanamh ar an mór-ráiteas tacaíochta d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta a rinne an rialtas i 2006.

Sin a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn agus é ag caint ar ócáid cheiliúrtha 20 bliain d’Fhoras na Gaeilge a bheith ar an bhfód.

“Tá deis ann anois i 2020 don Rialtas, don Taoiseach agus do phobal na Gaeilge agus do phobal na hÉireann a rá cén dóigh ar mhaith leo a ngaol agus a gcaidreamh a fhorbairt amach anseo in san chéad céad eile den Stáit, mar a déarfá.

READ MORE

“Cén t-am ab fhearr seasamh siar agus amharc ar an ghaol atá againn leis an teanga agus cén dóigh an bhfuil muid ag iarraidh tír dhátheangach a bheith againn agus pobail láidir Gaeltachta a bheith mar chuid de sin,” a dúirt sé agus é faoi agallamh ag Tuarascáil.

Thug ráiteas 2006 le fios gur chreid an rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do phobal, do shochaí agus do chultúr na hÉireann.

Tá a lán oibre déanta ó shin dar ndóigh agus luann Ó Coinn, a ceapadh ina chomharba ar Fherdie Mac an Fhailigh i 2016, pobail Ghaeilge ó dheas agus ó thuaidh a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu.

Dar ndóigh, tá go leor athruithe tárlaithe in earnáil na Gaeilge ó 2006 i leith freisin. Bhí an tSamhail Nua Maoinithe ar an athrú ba chonspóidí is dócha a tháinig faoi stiúir an Fhorais go dtí seo. Bhí sé i gceist san tSamhail go ndéanfaí athstruchtúrú ó bhun go barr ar an mbealach a gcuirtí maoiniú ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge.

Socraíodh ar sé “Ceann Eagras” a cheapadh (Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, Gaeloideachas, Cumann na bhFiann agus Gael-Linn) agus tugadh lánfhreagracht dóibh siúd ar réimsí éagsúla in earnáil na Gaeilge.

“Shocraigh muid ar an cur chuige seo. Níl sé foirfe - bheadh ceann ar bith de na sé cheann eagraíocht sásta é sin a rá leat, tá forbairtí go leor le déanamh go fóill. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil bealach aimsithe againn le gach gné de dhul chun cinn na teanga ag leibhéal an phobail á thabhairt chun cinn - agus tá sé sin an-tábhachtach. Tá gach réimse tábhachtach faoi fhreagracht eagraíocht éigin agus ní féidir le réimse ar bith titim idir an dá stól.”

Mar sin féin, cé go bhfuil siad i bhfeighil a gcuid cúrsaí féin, creideann Ó Coinn go bhféadfadh na heagrais labhairt ar aon ghuth ó am go chéile.

“Tá saoirse iomlán acu, tá neamhspleáchas iomlán acu. Ach, dar liomsa, ceann de na rudaí is éifeachtaí a d’fhéadfadh siad a dhéanamh ná labhairt as béal a chéile - linne agus leis an Rialtas - faoi athruithe atá le déanamh.

“Is dócha gur chumhacht í a gcaithfidh tú a bheith an-chúramach faoi í a úsáid. Má úsáideann tú an chumhacht sin gach lá cailleann sí a cumhacht. Mar sin féin, is dóigh liom go bhféadfadh siad a bheith dhá úsáid níos minice b’fhéidir le cur in iúl don Stáit cén dearcadh atá acu maidir le tosaíochtaí ó thaobh cur chun cinn na teanga de.”

Oideachas

Tá ról reachtúil ag an bhforas agus is féidir leis an eagras comhairle a chur ar gach cuid den Stát maidir le hábhar ar bith a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge.

Rinne an Foras amhlaidh maidir leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.

“Bhí muid ábalta é sin a dhéanamh ó thaobh an polasaí oideachas Gaeltachta. Polasaí atá go hiontach agus atá ar cheann de na polasaithe is láidre taobh amuigh b’fhéidir de thír na mBascach.”

Bhí caint le gairid ar an éileamh atá ann polasaí amháin iomlán a chruthú d’earnáil oideachas na Gaeilge ina iomláine. D’aontaigh Ó Coinn go bhfuil gá dul i ngleic leis an cheist.

“Níl amhras. Go deimhin, b’fhéidir an rud is mó a chuireann frustrachas orainne i bhForas na Gaeilge, ormsa go pearsanta agus ar ghluaiseacht na Gaeilge ná an dóigh go bhfuil an Stát ag plé le cúrsaí oideachais agus nár éirigh leo dul i ngleic le ceist na Gaeilge go héifeachtach go fóill. Tiocfaidh sé sin de réir a chéile. Ach, i láthair na huaire, tá an Rialtas agus an Roinn Oideachais ag streachailt leis an cheist.”

Tá pobail shuntasacha ag teacht chun cinn ar lorg soláthar gaelscolaíochta dá gcuid páistí ach nuair a bhíonn níos mó daoine ar thóir scoil de chineál eile seachas gaelscoil “cailleann siad an iomaíocht”.

“Tá an Roinn Oideachais ag iarraidh teacht suas le múnlaí b’fhéidir nach gcosnódh an oiread sin agus dá réir sin tá “aonaid” dá mbunú agus tá sruthanna dá mbunú agus ní oibríonn siad nó ní thuigeann na daoine atá ag moladh iad a bhunú an rud atá ag tiomáint tuismitheoirí agus lucht na Gaeilge.

“Más tumoideachas atá le bheith i gceist, tá an rún san ainm - caithfidh na páistí a bheith tumtha sa teanga, caithfidh an teanga a bheith thart timpeall orthu le linn iomlán an lae scoile. Nuair a laghdaíonn tú é sin, laghdaíonn tú tionchar agus laghdaíonn tú na torthaí teangeolaíochta a thagann leis sin.”

Gaeltacht

Tá gá práinneach anois ann tabhairt faoin ngéarchéim atá sa Ghaeltacht, dar leis. “De thairbhe nach pléasc mhór amháin (creimeadh na Gaeltachta) atá ann níl muid ag tabhairt aird air. Tá lucht na Gaeilge ach níl an Rialtas agus daoine eile, “ a deir sé.

“Dá mbeinn ag iarraidh ar an Rialtas múscailt agus rud éigin a aithint, sin é.”

“Tá siad ag déanamh a ndícheall. Tá siad ag cur polasaí i gcrích ach tá níos mó ná cur i gcrích an pholasaí de dhíth. Tá aird iomlán an rialtais de dhíth agus ní dóigh liom go bhfuil sin againn,” ar sé.

“I 2007 dúirt na heolaithe linn go raibh 20 bliain fágtha againn. Tá seacht mbliain fágtha againn agus cé go bhfuil na polasaithe in áit, agus an polasaí pleanáil teanga in áit, b’fhéidir an áit nach bhfuil an t-athrú déanta ná taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta ag leibheal an Rialtais go gcaithfidh na ranna rialtais eile a aithint go bhfuil géarcheim ann.

Ach mar sin féin, tá dóchas aige go mbeidh bille láidir teanga ann sár i bhfad.

“Tá mé ag súil go mbeidh sé an-láidir agus go mbeidh tacaíocht iomlán an Rialtais le sonrú sa bhille agus go mbeidh pobal na Gaeltachta ar thús áite. Is dóigh liom go bhfaighidh muid sin. Bheadh iontas orm mura bhfaigheadh

“Caithfidh muid a bheith ábalta riar ar phobal na Gaeltachta mar stáit sa chéad teanga agus sa teanga atá siadsan ag labhairt mar phobal le os cionn 2,000 bliain. I láthair na huaire tá muid ag tabhairt ar an bpobal dúchasach tiontú ar theanga atá i bhfeidhm sa tír seo le roinnt céadta bliain nuair atá siad sin ag plé le bun teanga an stáit atá ansin le roinnt mílte bliain.

Todhchaí

Feiceann Ó Coinn cúis dóchais i scéimeanna atá á riaradh faoi láthair ag Foras na Gaeilge daoine a spreagadh le Gaeilge a labhairt i gclubanna Chumann Lúthchleas Gael, i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Béarla.

“Nuair a bheidh muid daichead bliain d’aois agus na trí scéim sin ar siúl déarfainn go mbeidh difear suntasach déanta ó thaobh an pobal ag mothú gur féidir leo Gaeilge a labhairt agus iad ina ndaoine fásta. Beidh an cleachta sin acu óna nóige.”

“An scamall dubh ná cá mbeidh muid leis an Ghaeltacht. An mbeidh an tobar sin de chainteoirí dúchais ar fáil againn? An mbeidh pobal ag giniúint teanga go nádúrtha nó an mbeidh pobail na Gaeilge dírithe go huile agus go hiomlán ar a bpobal féin.

“Sin an néal dubh amuigh ar cheann na spéire. Seachas sin, tá an spéir an-gheal is dóigh liom.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.