Gradaim do na Gaeil i nGaillimh as a gcumas i gcúrsaí cumarsáide

Scríbhneoir leis an nuachtán seo, Alan Titley, a bhain an gradam Iriseoir/Colúnaí na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i nGaillimh oíche Aoine.

Ócáid bhliantúil atá sna gradaim a thugann aitheantas do lucht na Gaeilge as a saothar i réimse na meán cumarsáide.

Thóg Abú Media an chraobh as Sraith Teilifíse na Bliana le Garraí Glas agus ba é Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste le Magamedia a bhain an gradam do Chlár Teilifíse na Bliana.

Tugadh aitheantas do Róisín O'Hara ó TG4 mar Chraoltóir Teilifíse na Bliana agus Doireann Ní Fhoighil mar Aisteoir na Bliana as a ról sa chlár, Rúbaí Rúbaí, a craoladh ar an chainéal céanna. Thug an stáisiún an tríú gradam leo nuair a bronnadh Láithreán Gréasáin na Bliana ar TG4 chomh maith.

READ MORE

Fuair RTÉ Raidió na Gaeltachta dhá ghradam – ainmníodh An Saol ó Dheas mar Chlár Raidió na Bliana agus Helen Ní Shé a thug léi an chraobh mar Chraoltóir Raidió na Bliana.

Lena chois sin, bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar an chraoltóir agus ar an cholúnaí, Gearóid Ó Cairealláin, as a chuid oibre in earnáil na meán.