Gearóid Ó Tuathaigh le léacht phoiblí a thabhairt

Tabharfaidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh (ar deis), caint ar “1916-2016: Cad chuige Comóradh an Chéid?” i Leabharlann Dhún Garbhán, Co Phort Láirge, Déardaoin, 10ú Márta ag 7.30pm. Déanfaidh sé cur síos ar cad go díreach atá á chomóradh sna searmanais agus sna himeachtaí éagsúla atá ar siúl ag an Stát agus ag grúpaí pobail agus iad ag comóradh Éirí Amach 1916. Ar na ceisteanna a chuirfidh sé ná an í an eachtra mhíleata féin a tharla Seachtain na Cásca 1916 amháin atá á cheiliúradh nó an suaitheadh idé-eolaíochta a bhí mar fhoinsí inspioráide ag ceannairí an Éirí Amach agus cén chiall ar féidir le hÉireannaigh na linne seo a bhaint as an eachtra? Eolas: 058-20884 nó msbreathnach@waterfordcouncil.ie