Fothoghchán: Gaelcholáiste á éileamh

Ceist soláthar don ghaeloideachas ardaithe i ndáilcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas

FOCLÓIR: Fothoghchán - by-election; breithiúnas - judgment; díol spéise - matter of interest; móramh - majority; fásach - desert; toirt chinniúnach -critical mass; nithe - matters; taighde allamuigh - field work.

Is minic a deirtear go mbíonn deis iontach ag an bpobal breithiúnas a thabhairt ar an rialtas nuair a fhógraítear fothoghchán. Ach is mó fós an díol spéise é nuair is ball sinsearach den rialtas a d’fhág an suíochán atá le líonadh.

Ní ionadh ar bith é mar sin go bhfuil an-chuid suime léirithe i bhfothoghchán Dháilcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, áit a bhfuil cúig dhuine dhéag ag seasamh chun suíochán an iar Aire Tithíochta Eoghan Murphy a bhuachan an Déardaoin beag seo.

I measc na bhfocheantar sa dáilcheantar seo tá Raghnallach, Droichead na Dothra, Ráth Garbh, Dumhach Thrá, Ráth Maonais, Tír an Iúir, Cluain Sceach, an Rinn agus cuid de Ráth Fearnáin.

READ MORE

Cé nach mbeidh mórán tionchair ag toradh an vóta ar mhóramh an rialtais, tá go leor eile ag brath ar an gcomórtas mar sin féin.

Beidh súil ag Páirtí an Lucht Oibre, mar shampla, go ndéanfaidh Ivana Bacik iarracht fhónta chun an páirtí a shlánú ón bhfásach polaitiúil inar sáinneadh iad in aimsir na dtáillí uisce. De réir pobalbhreith an Irish Times an tseachtain seo caite is idir í agus iarrthóir Fhine Gael James Geoghegan, atá an rás.

Tuaradh sa phobalbhreith chéanna nach mbeadh ach 13 faoin gcéad sásta an chéad rogha a thabhairt do Lynn Boylan agus beidh obair ag muintir Shinn Féin toradh i bhfad níos fearr ná sin a bhaint amach ar an lá.

Ní fios ach an oiread cá gcríochnóidh Deirdre Conroy (Fianna Fáil) nó Claire Byrne (Comhaontas Glas) ag an deireadh nó cé ag a mbeidh an duais ar an lá ach tá rogha sách fairsing ann as cúig iarrthóir déag.

Níl an rás rite go fóill agus ní bheidh oifigigh shinsearacha na bpáirtithe nó na hiarrthóirí iad féin ar a suaimhneas go dtí go mbeidh an vóta deireanach caite ar an Déardaoin agus comhairithe ar an Aoine.

Dar ndóigh, níl i bpobalbhreith ar bith ach blaisín beag amháin de dhearcadh na ndaoine a ghlacann páirt ann agus tá deis ann, idir seo agus lá na vótála, don phobal a gcuid gearrán a chur in iúl.

I measc na nithe is mó atá ag cur isteach ar an bpobal tá an éigeandáil tithíochta, chomh maith le cúrsaí sláinte agus oideachais. Agus, mar a tharlaíonn in aon toghchán tá béim ar chúrsaí agus ar fhadhbanna áitiúla.

I measc na nithe sin, tá ceist soláthar don ghaeloideachas ardaithe sa dáilcheantar.

Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, níl aon Ghaelcholáiste sa cheantar le freastal ar dhaltaí scoile ó Scoil Bhríde, Gaelscoil Lios na nÓg, Gaelscoil Eoin, Bunscoil Sancta Maria, Scoil Mológa agus páistí eile ó scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ar mhaith leo gaeloideachas dara leibhéil a bheith ar fáil dóibh chomh maith.

Más fíor é go bhfuil an Stát dáiríre faoi sheirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge amach anseo, beidh gá le daoine atá inniúil ar an teanga a earcú sa státchóras. Chun go mbeidh siad sin ar fáil, beidh ar an gcóras oideachais a chinntiú go mbeidh dóthain daoine cáilithe chun freastal ar na riachtanais nua. Chun sin a dhéanamh níl slí níos fearr ann ná gaeloideachas a chur ar fáil sna naíonraí, na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna.

Tá feachtas á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ina bhfuil siad ag lorg tacaíocht na n-iarrthóirí don éileamh go mbunófaí Gaelcholáiste sa cheantar. Faoin Aoine seo caite bhí an gealltanas úd sínithe ag naonúr den chúig dhuine dhéag atá san iomaíocht.

Dar ndóigh, ar nós go leor de na fadhbanna a luaitear in aon dáilcheantar le linn fheachtas toghchánaíochta, is fadhb í easpa soláthair don ghaeloideachas ar gá a réiteach ar bhonn náisiúnta freisin.

Dhá bhliain ó shin dúirt Joe McHugh, a bhí ina Aire Oideachais ag an am, go mbeadh gá le “samhlaíocht agus solúbthacht” chun go n-éireoidh leis an sprioc líon na scoláirí atá san earnáil oideachas trí mheán na Gaeilge a dhúbailt.

Má éiríonn leis an ngaeloideachas “toirt chinniúnach” a shroicheadh ar bhonn náisiúnta, féadfaidh sé an stádas, an meas agus an urraim a thugtar don chóras Bhéarla a fháil agus ba bhuntáiste an-mhór é sin.

D’éascódh sin go mór na hiarrachtaí chun an córas a láidriú ar gach bealach.

Ní fios go díreach céard é an toirt chinniúnach sa chás seo - líon daltaí, líon múinteoirí, uimhir scoileanna - ach b’fhéidir gur shíl Joe McHugh go mbeadh staid dó-aisiompaithe sroichte dá mbeadh dhá oiread na ndaltaí sa chóras gaeloideachais. Cé a déarfadh nach raibh an ceart aige?

* Beidh an fothoghchán ar siúl Déardaoin, 8 Iúil, ó 7rn go 10.30in. Cuirfear tús le comhaireamh na vótaí ag an RDS ag 9rn Dé hAoine, 9 Iúil.

Cúrsa T1 agus T2
Bhí an tAire Oideachais, Norma Foley, os comhair Chomhchoiste na Gaeilge an tseachtain seo caite chun plé a dhéanamh ar churaclam nua na hardteistiméireachta agus ar chúrsaí a bhaineann le caighdeán Gaeilge múinteoirí nuacháilithe.

Táthar ag súil go mbeidh cúiteamh éigin marcanna dóibh siúd a thabharfadh faoi shiollabas níos dúshlánaí sa scrúdú. Cé gur cuireadh fáilte roimh an síneadh ama a cuireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin, ní mó ná sásta a bhíothas nuair nach raibh an t-aire sásta eolas ar bith a thabhairt faoi phointí bónais.

Ón méid atá ráite faoi na moltaí go dtí seo tá gach seans ann go gcuirfear na coscáin ar sholáthar an ghaeloideachais do dhaltaí iar-bhunscoile mura gcuirtear curaclam nua i bhfeidhm ar bhealach loighciúil agus réasúnach.

Chun aimhleas na Gaeilge a bheadh sé dá gcuirfí córas i bhfeidhm a chuirfeadh obair bhreise ar gach dalta a éilíonn gaeloideachas iar-bhunscoile. Cén fáth, sa chás sin, go mbacfaidís leis?

Plean Teanga Chathair na Gaillimhe
Tá beart mór oibre déanta ag an Dr John Walsh, an Dr Dorothy Ní Uigínn agus a gcomhghleacaithe as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a scríobh Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026 thar cheann an Chomhairle Cathrach agus Ghaillimh le Gaeilge.

Foilsíodh an plean an tseachtain seo caite agus déantar beagnach dhá scór moladh ann. Tá sé mar chuspóir cur le húsáid na Gaeilge mar theanga phobail.

Déantar anailís ann ar thaighde allamuigh agus cuirtear an anailís sin i láthair faoi chúig théama éagsúla: oideachas, gnó agus teicneolaíocht, pobal agus cultúr, tuismitheoirí agus óige agus an saol poiblí. Leagtar amach 37 beart sonrach sa phlean agus tugtar eolas ar chúrsaí costais agus buiséid i ngach cás. Cé go mbaineann impleachtaí airgeadais le cuid de na bearta, tá cuid mhaith acu nach bhfuil costas ag baint leo.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.