Cruinnithe poiblí le cás na teanga a phlé

Dhá ócáid i mBaile Átha Cliath

Beidh dhá chruinniú phoiblí san ardchathair go luath le ceist na Gaeilge a phlé.

Beidh cruinniú ag Conradh na Gaeilge in Óstán Wynns, Sráid na Mainistreach Íochtar, BÁC 1, Dé Sathairn, 10ú Meitheamh, idir 11 a.m. agus 4 p.m.

“An Comhrá Mór: Ollchruinniú Gnímh” is ainm don lá agus é mar chuspóir ag an chonradh tús a chur le comhrá mór le muintir na hÉireann i dtaobh na Gaeilge.

Fóram a bheas ann “le smaointe agus le tuairimí a spreagadh agus a bhailiú, ach is cruinniú le dul i mbun gnímh é seo. Aontófar gníomhartha a bhaineann go sonrach le feachtais ar leith ... go háirithe gníomhartha maidir le reachtaíocht...” (Eolas: www.cnag.ie)

READ MORE

“Cá bhfuil ár dtriall?” an t-ainm a bheas ar chruinniú eile atá á eagrú ag an choiste, Teacht Aniar.

Is in Óstán Buswells, Sráid Molesworth, Baile Átha Cliath 2, Dé Sathairn 17ú Meitheamh, idir 10 a.m. agus 1.30 p.m. a bheidh an ócáid. Tá an coiste ag iarraidh go ndéanfar “machnamh neamhachrannach, fuarchúiseach agus straitéiseach ar staid reatha na Gaeilge agus cur chuige lucht na Gaeilge ina leith, féachaint an féidir linn moltaí nua fiúntacha a chur le chéile...”

Ag caint, beidh Conchúr Ó Giollagáin, Julian de Spáinn, Aoife Ní Shéaghdha, Breandán Mac Cormaic, Ben Ó Ceallaigh, Muireann Ní Mhóráin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. (Eolas: www.teachtaniar.eu)