Cosán aonair na camógaíochta

Tá an t-am ann aitheantas mar is ceart a thabhairt do mhná an spóirt


Cé go raibh trí chluiche ceannais uile-Éireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, ní raibh an áit lán ná baol air. Bhí lúthchleasaithe ó chúig chontae éagsúla ar an bpáirc imeartha agus thart ar 15,000 duine a bhí ag féachaint orthu.

Tá an oiread sin ráite cheana féin faoi spórt na mban agus bealaí chun lucht féachana a mhealladh.

Caithfear tosnú níos óige. Cé is móide de roinnt scoileanna, ní minic a chloiseann cailíní beaga scoile na hÉireann faoi mhná aclaí, láidir, agus ní mórán ugaigh a thugtar dóibh ach oiread.

Níl sé chomh hinghlactha céanna ag cailín óg imirt ar fhoireann nó bheith san iomaíocht i gcomórtais agus í críochnaithe leis an scoil agus atá ag buachaill beag.

READ MORE

Fiú má tá bua na haclaíochta ag bean óg, níl mórán deise sa tír seo, ná in aon tír eile, slí bheatha a bhaint as nó airgead mór a shaothrú cosúil leis na fir, seachas b’fhéidir sa leadóg.

Mar a deirtear i seomraí nuachta ar fud an domhain, “all news is local”. Tá an rud céanna fíor sa spórt.

Is mó spéis atá againn i gcluiche nó i rás má tá aithne againn ar an imreoir nó má tá sé/sí cloiste againn ar an raidió nó feicthe i nuachtán againn.

Dá mbeadh an Cumann Camógaíochta in ann teacht ar bhealach éigin chun pacáistí nó tuairiscí a chur ar fáil do stáisiúin raidió áitiúla gach seachtain, bheadh a soiscéal ag scaipeadh de réir a chéile agus daoine ag éisteacht leo sa charr gach maidin Dé Luain nó mar chuid de mhír spóirt gach seachtain. Chuirfí aithne orthu. Mhúsclófaí spéis iontu.

Anuraidh, d’fhéach os cionn 500,000 duine ar TG4 an tráthnóna a craoladh cluichí ceannais peile na mban, an méid ba mhó riamh a d’fhéach ar na cluichí áirithe sin ó thosaigh TG4 á gcraoladh.

Arís i mbliana, d’fhéach an méid céanna ar mhná na hÉireann ag tabhairt faoi Shasana i gcluiche leathcheannais Chorn an Domhain sa rugbaí. Bhí éacht bainte amach ag na mná seo, iad i gcluiche leathcheannais i gCorn an Domhain, rud nach bhfuil déanta ag na fir.

Cinnte, chonaic muid neart scríofa agus ráite fúthu an tseachtain sin, ina measc alt a tharraing neart conspóide mar go raibh sé lán le cliché.

Ach roimhe sin, an raibh a fhios ag mórchuid na tíre go raibh a leithéid de chomórtas ann agus go raibh foireann againn sa Fhrainc? Bhí orthu na All Blacks a bhualadh le haird a tharraingt orthu féin!

Rud eile a chuideodh leis na mná ná dá mbeadh fógra daingean againn cén uair a bheadh cluichí á n-imirt.

Is duine dóchasach mise. Chomh dóchasach sin agus mé ag cur eitiltí in áirithe le dul ag Wimbledon, chinntigh mé go mbeinn ar ais i mBaile Átha Cliath in am ar an gcéad Domhnach de mhí Iúil le bheith i bPáirc an Chrócaigh do chluiche ceannais iomána Chúige Laighean.

M’anam go raibh, ach faraor, ní raibh Gaillimh! Bhí mé gaibhte chun tosaigh orm féin, ach is féidir é sin a dhéanamh le féilire na bhfear.

Ní féidir leis na mná.

Fiú dhá bhliain ó shin nuair a theastaigh athimirt ar an gcluiche ceannais iomána caitheadh cluiche ceannais na mban amach as Páirc an Chrócaigh le tús áite a thabhairt don athimirt. B’shin léiriú an-phoiblí go deo nach raibh an meas céanna ar obair na mban ná ar chluichí na mban.

Samhlaigh dá ndéanfaí iarracht é sin a dhéanamh le Dún na nGall agus le Ciarraí an deireadh seachtaine seo.

Níl aon rud tarraingteach faoi staid atá folamh. Bhí uair ann nuair a imríodh cluiche ceannais sa chamógaíocht ar an lá céanna leis an gcluiche ceannais iomána faoi 21.

Bhí staid Semple beagnach lán oíche Shathairn seo caite. Dá mbeadh an cluiche sin i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, chomh maith leis an gcamógaíocht, bheadh thart ar 30,000 duine ann ag féachaint orthu.

De réir a chéile a thógtar na caisleáin. Tá níos mó ban ar an teilifís anois, agus ar an raidió, ach faraor, níl siad ann ach nuair atá mná ag imirt.

Duine ar bith a d'fhéach ar an Sunday Game an oíche cheana, chonaic siad Mags D'Arcy, Loch Garman, ag déanamh anailíse den scoth. Anailísí iontach í a bheadh chomh hábalta céanna cur síos a dhéanamh ar chluichí na bhfear. Glactar anois, den chuid is mó, le mná san iriseoireacht spóirt. Tá súil agam nach fada uainn an lá go mbeidh an t-ardán céanna ag na mná atá ag imirt. Tá sé tuillte acu.