Cnuasach nua filíochta ar aistear na himirce

Leabhar na nAistear (Coiscéim, €8) is ainm do chnuasach nua filíochta le Mícheál Ó hAodha.

Beidh cuimhne ag léitheoirí ar an ainm nó bhí mórán alt Gaeilge ag Ó hAodha ar an leathanach seo. Tá mórán leabhar foilsithe aige roimhe seo fosta, ina measc leabhair acadúla a bhaineann leis an lucht siúil agus cnuasaigh eile filíochta.

Is í an imirce téama mór an leabhair seo, an imirce chun na Breataine ach go háirithe, agus mar a imríonn an imirce sin tionchar ar shaol cultúrtha agus creidimh na nÉireannach a imíonn as a dtír dhúchais: “Téama na cuimhne agus an tosta á iniúchadh ar shlí atá thar a bheith íogair agus suaithinseach.”

Tá Hull, Leeds, Peterborough, Coventry agus Huddersfield luaite sna dánta. Is áiteanna uaigneacha iad ina gcónaíonn lucht na hÉireann, iad i bhfad as baile, iad ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach agus cumha dá réir sin orthu, mothúcháin a mhíníonn an file sa dán, Geimhreadh (Huddersfield):

READ MORE

“cad tá le rá?

tá ina gheimhreadh

an ithir faoi shneachta

aon ní amháin an domhan agus an spéir

glé iad na guthanna a thagann ón mbóthar thíos

sleamhnaíonn an domhan trí m’fhuinneog.”

Maireann an fhilíocht in ainneoin na n-ainneoin:

“b’in a dúirt sí

mura ndéanann tú dán fúthu

déanfaidh tú dearmad orthu”