Cinneadh místuama a thug sonc don Taoiseach

Tá an cheist réitithe agus cuma ar an scéal go mbeidh an Seanad ann anois go deo na ndeor. Bhí se místuama ag an dTaoiseach brú ar aghaidh leis an reifreann, go háirithe nuair nach raibh sé sásta a sheasamh agus a pholasaí féin a chosaint i ndíospóireacht teilifíse.

Má tá buntáiste ar bith don Uasal Kenny sa mhéid a tharla, ar a laghad tarraingíodh aird an phobail ón mBuiséad eile trom atá ag teannadh linn an Mháirt seo chugainn. Bhí Teachta as Fianna Fáil ag rá le daoine chomh maith go mbeadh an bua ag Kenny fiú dá gcaillfí an reifreann, toisc go gcuirfí an milleán ar Richard Bruton a rinne tréaniarracht ceannaireacht Fhine Gael a fháil dó féin tamall sách gearr ó shin.

Ábhar spéise, ar ndóigh, gur tugadh an jab mar stiúrthóir feachtais do Bruton agus an méid a bhí le déanamh aige cheana féin chun fostaíocht a chothú mar Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, ag an bpointe cinniúnach seo i bhforbairt eacnamaíochta an Stáit.

Mar sin féin, ní féidir a rá go bhfuil an Taoiseach saor ó mhilleán, ach a mhalairt: eisean is mó atá faoi ionsaí as an dteip mhór pholaitiúil seo.

READ MORE

Cé méid damáiste atá déanta do pháirtithe an Rialtais? Ar an gcéad dul síos agus ag am scríofa tá an líon céanna teachtaí acu sa Dáil is a bhí an tseachtain seo caite: gach seans mar sin go rachaidh an Buiséad tríd.

Is cosúil ag an bpointe seo go mbeidh dóthain solúbthachta sna figiúirí chun Páirtí an Lucht Oibre – nó an chuid is mó acu ar a laghad – a choinneáil réasúnta ciúin. Beidh deacrachtaí ann, gan dabht, faoi chiorruithe siar sa Roinn Coimirce Sóisialaí . Ach ní dócha go mbeidh aon fhadhb dhosháraithe ag an Aire Airgeadais, Michael Noonan.

Ceist a bheas ag cur isteach ar lucht stiúrtha na bpáirtithe rialtais ná na toghcháin áitiúla agus Eorpacha an samhradh seo chugainn.

Tá íomhá Fhine Gael ach go háirithe tar éis sonc – nó “wallop” mar a thug an Taoiseach air – a fháil le toradh diúltach an reifrinn. Ag an am céanna, tá athrú mór tagtha ar na ceantair toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus comharthaí ann go bhfuil roinnt mhaith iarrthóirí le seasamh an babhta seo: is geall le toghcháin uachtaránachta iad i dtéarmaí tíreolaíochta anois.

Ní dhearna an reifreann mórán dochair don Lucht Oibre – cé go ndéarfadh daoine soiniciúla go raibh a ndóthain déanta acu dóibh féin roimhe sin. Cé go bhfuil ceisteanna á n-ardú i dtaobh na bhfigiúirí a foilsíodh sna pobalbhreitheanna maidir leis an reifreann agus go bhfuil figiúirí difriúla ann maidir leis an Lucht Oibre, is cinnte go bhfuil an páirtí úd in ísle brí.

Cé nach mbíonn páirtí ar bith socair, bíonn saol inmheánach an Lucht Oibre i gcónaí cantalach. Tá baol ann go gcaillfidh siad slám mór suíochán áitiúil an samhradh seo chugainn agus go ndéanfar scrios ceart orthu nuair a bheas olltoghchán Dála ann.

Tá gníomh nó dhó de dhíth: an chéad rud na go mbeidh Éamon Gilmore lonnaithe in Éirinn ar bhonn lánaimseartha, ainneoin go gceapann na daoine a chuireann spéis sa réimse sin go bhfuil jab maith á dhéanamh aige mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Agus cad mar gheall ar Shinn Féin? Labhair ceannaire an pháirtí, Gerry Adams, sa Dáil in aghaidh an Bhille chun an reifreann a reachtáil ach tógadh cinneadh sa deireadh go mbeadh Sinn Féin ar an dtaobh céanna leis an Rialtas sa reifreann féin.

Tá sé deacair a dhéanamh amach céard a bhí taobh thiar den chinneadh aisteach sin. Riail mhaith ghinearálta í do pháirtithe sa bhfreasúra go gcuireann tú in aghaidh na rudaí atá an Rialtas ag iarraidh a chur i gcrích.

Léirigh Fianna Fáil an gliceas agus an taithí atá acu tar éis beagnach 90 bliain a chaitheamh sa Dáil. Is dócha go raibh leisce ar Shinn Féin bheith ar aon taobh le Fianna Fáil sa bhfeachtas reifrinn.

Arís eile, b’fhéidir gur chabhraigh an seasamh a ghlac Sinn Féin le cumarsáid níos fearr a chothú le Fine Gael agus cá bhfios cad a thiocfaidh as sin tar éis an chéad olltoghcháin eile?

Nuair a bheas siad ag scríobh faoin tréimhse seo, beidh sé deacair do na staraithe a dhéanamh amach cén fáth gur fhógair Kenny cinneadh gan choinne agus, mar is léir anois, gan chiall, i mí Dheireadh Fómhair 2009 – go háirithe nuair a bhí sé tar éis Seanad leasaithe a mholadh ag Scoil Samhraidh MacGill trí mhí roimhe sin.