Ceiliúradh na n-ealaíon thoir agus thiar

Am gnóthach go maith a bheidh ag lucht na n-ealaíon inniu agus amárach. Beidh dhá ócáid faoi chúrsaí ealaíne ar siúl thoir agus thiar agus tá eagraithe na n-ócáidí sin ar lorg tacaíochta ó phobal na Gaeilge.

San ardchathair a bheidh an chéad cheann. Tá foilsitheoirí irise agus leabhar, An Timire/Foilseacháin Ábhar Spioradálta le hoíche siamsaíochta a reáchtáil i mBaile Átha Cliath anocht.

Tá an ócáid le ceiliúradh a dhéanamh ar obair na hirise agus FÁS thar na blianta. Seolfar suíomh nua idirlín – www.timire.ie – agus leabhar nua, An Bíobla do Pháistí, saothar a bhfuil scéalta ón Bhíobla curtha in oiriúint do pháistí bunscoile ann. Le cois an leabhair seo, beidh rogha bheag de leabhair eile FÁS ar díol don Nollaig.

Dúirt eagarthóir An Timire, An tAthair Frainc Mac Brádaigh, Cumann Íosa, go raibh "an oíche seo tábhachtach dúinne. Tá muid ag foilsiú An Timire, le níos mó ná 100 bliain, iris bheoga ar chreideamh, ar spioradáltacht is ar chultúr Críostaí na nGael agus ag foilsiú leabhar le FÁS le 58 bliain ar na hábhair céanna".

READ MORE

Ba mhian leis deis a thabhairt do phobal na Gaeilge an t-éacht seo a cheiliúradh agus a léiriú dá maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, go raibh tacaíocht ag na fiontair seo go fóill agus dúil acu féin agus ag an phobal ina raibh á bhfoilsiú acu.

Beidh ceol le Máire Bhreathnach agus cairde, cainteanna leis an aisteoir Ray Mac Mánais agus leis an aistritheoir Donla Uí Bhraonáin agus léifidh an scéalaí, Aideen Mac Bride, scéalta ón Bhíobla. Tosóidh an ócáid ag 7.30pm i gceanncheathrú Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath, inniu.

Beidh ceiliúradh i dTaibhdhearc na Gaillimhe amárach, tráth a fhógrófar na buaiteoirí do Ghradaim Walter Macken as scríbhneoireacht nua i nGaeilge go hoifigiúil. Is iad Manchan Magan, Biddy Jenkinson agus Éidín Nic Éinrí buaiteoirí na bliana seo as drámaí comhaimseartha aon ghnímh a scríobh. Le cois seic a fháil as a saothar, beidh léamh poiblí dá gcuid drámaí le cluinstin.

Tá an Taibhdhearc ag iarraidh deis a thabhairt don phobal le hobair nua a fheiceáil agus sult a bhaint as tráthnóna siamsaíochta. Tá ceann amháin de na drámaí seo le roghnú agus le cur ar stáitse ar an bhliain seo chugainn mar chuid de chlár ealaíne na hamharclainne.

Is ag 7pm a thosóidh an ócáid Déardaoin, 4ú Nollaig. €6 atá ar an doras. Eolas: www.antaibhdhearc.com nó 091-562024