Caird ag caint

Beathaisnéis iar-Ardeaspag Bhaile Átha Cliath ar fáil

Tá iar-Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, Donall Caird, faoi chaibidil i leabhar nua, Donald Caird: Church of Ireland Bishop: Gaelic Churchman: a Life (Columba Press). Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a scríobh.

Cuireann an leabhar síos ar shaol an Dr Caird ó laethanta a óige. Bhí Caird ina Easpag Luimní, Easpag na Mí agus Chill Dara, agus Ardeaspag Bhaile Átha Cliath agus spéis mhór aige sa Ghaeilge agus cúrsaí éacúiméineacha.

Tharla go raibh sé mar Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath ó lár na h1980í go lár na 1990í, le linn do dhíospóireachtaí móra faoi fhrithghiniúint, ghinmhilleadh agus cholscaradh bheith ar siúl sa Stát; mná ag dul le sagartacht in Eaglais na hÉireann agus forbairt phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann. Casadh Peig Sayers agus CS Lewis air agus chuir sé suim mhór i saol cultúrtha na hÉireann, thuaidh agus theas.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times