Anois ar teacht na tuairisce…

Seirbhís nua nuachta le seoladh amárach


Amárach a sheolfar an tseirbhís nuachta ar líne Tuairisc.ie. Mar is dual dó, tháinig an "amárach" chéanna aniar aduaidh orainn, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Ba é an léirmheastóir Anthony Lane a dúirt “the truth is that if you’re working on a piece at three in the morning, you’re not Keats; you’re just late”.

Tuigimid do na hoícheanta seo. Seirbhís nuachta atá in Tuairisc.ie nach raibh a leithéid cheana ann.

Gan amhras, tá a chuid suáilcí agus duáilcí féin ag baint le bheith ag tabhairt faoi réimse farraige nach bhfuil aon léarscáil breactha dó fós.

READ MORE

Ach táimid ag súil go mór leis an lá amárach, leis an ancaire a tharraingt aníos, gaoth a chur sna seolta agus scaoileadh faoin gcuan amach.

Ach is chun ár leasa é agus sinn ag iarraidh pobal nua léitheoirí a mhealladh chugainn ar líne nach bhfuil lá amhrais orainn faoi cé ar a bhfuil Tuairisc.ie dírithe.

Tá cuireadh tugtha le déanaí ag Aire Stáit nua na Gaeltachta do dhaoine dul leis “ar aistear foghlama teanga” agus cé go bhfuil súil againn go mbeidh glacadh coitianta leis an gcuireadh céanna, is ar mhaithe leo siúd a bhfuil an t-aistear sin curtha díobh cheana acu a bheidh Tuairisc.ie.

Ní hionann sin agus a rá go bhfuil fúinn éinne a chur ó dhoras.

Beidh fáilte roimh chách ar Tuairisc.ie agus go deimhin tá rannóg ar leith againn d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge, idir óg agus aosta.

Tá súil againn go dtabharfaidh gach éinne a bhfuil Gaeilge acu nó ar spéis leo an teanga cuairt orainn.

Ach ní dhéanfaimid aon leithscéal faoi gur seirbhís do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá á sholáthar againn, ná gurb iad siúd ar cainteoirí laethúla Gaeilge an croíphobal atá againn.

Ar deireadh thiar, is ann dúinn chun scéal ár bpobail féin a insint inár dteanga féin.

Seirbhís nuálaíoch spreagúil a bheidh in Tuairisc.ie, ach cé go bhfuil an iriseoireacht á cleachtadh agus á roinnt anois ar ardán nua againn, ní thabharfaimid cúl le dea-luachanna an tradisiúin as ar fáisceadh sinn.

Déanfaimid tuairisciú cothrom agus anailís mhacánta ar scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta, Gaeilge agus Gaeltachta. Déanfaimid iarracht nuacht, eolas, tuairimíocht agus siamsaíocht ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár léitheoirí.

Ní aistriúchán lom ón mBéarla ar scéalta atá ar fáil in áiteanna eile a bheidh ar bun againn ar Tuairisc.ie.

Déanfaimid iarracht rogha bhreise a thabhairt dár léitheoirí seachas athchúrsáil a dhéanamh ar a bhfuil ar fáil go flúirseach cheana dóibh.

Thar aon rud eile, tá súil againn seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeilge a mbeidh siad bródúil as agus ar féidir leo brath uirthi.

Beidh www.tuairisc.ie “beo” ag 5.30pm tráthnóna amárach, Déardaoin 9ú Deireadh Fómhair.

Tagaigí ar cuairt.

Is é Seán Tadhg Ó Gairbhí Eagarthóir an tseirbhís nuachta Tuairisc.ie a sheolfaidh iar-cheannasaí TG4 agus RTÉ Cathal Goan i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath amárach ag 5.30pm