An Gréasán: Guth nua do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge

Eagras nua chun tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí na Gaeilge mar atá ar fáil do mhúinteoirí ábhar eile

Foclóir: Forleathan - widely, cruinniú - meeting, tuarascáil - report, fáinne fí - vicious circle, príomhchigire - chief inspector, tacaíocht - support, gréasán - network, eagras - organisaiton, comhthéacs - context, nideog - niche, dícheannadh- decapitation, teascadh - lopping, asarlaíocht - sorcery, comhcheilg - conspiracy.

Glactar leis go forleathan anois go bhfuil constaicí sa bhealach ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna na tíre agus gur mór iad na dúshláin atá roimh na múinteoirí ar gá dóibh dul i ngleic leo.

Tá bearnaí agus fadhbanna aitheanta i ngach céim den chóras. Ina measc tá fadhbanna a bhaineann le cúrsaí curaclaim, oiliúint foirne, an córas scrúdúcháin, staid reatha an chórais oiliúna agus an bealach a roghnaítear pátrúin le dul i mbun scoileanna nua.

Ní amháin go bhfuil géarchéim ann ó thaobh soláthar múinteoirí de ach is dúshlán leanúnach é múinteoirí a earcú a bhfuil ar a gcumas an teanga, agus na scileanna cuí, a chothú agus a fhorbairt ina gcuid scoláirí. Maidir leis sin, cuireann tuarascáil taighde i ndiaidh tuarascála taighde fianaise dhochloíte inár láthair.

READ MORE

Ábhar imní

Bíonn sé deacair teacht ar mhúinteoirí atá inniúil go leor ar an nGaeilge le gur féidir leo ábhair eile a theagasc trí mheán na Gaeilge. Ach ní leis na hábhair eile amháin atá na fadhbanna.

Agus é ag labhairt ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais beagnach dhá bhliain ó shin, d’admhaigh Príomhchigire an Roinn Oideachais, an Dr Harold Hislop, go raibh fadhb ann maidir le caighdeán múineadh na Gaeilge.

“Níl caighdeán Gaeilge na múinteoirí sa chóras ina iomláine sásúil,” a dúirt sé.

An bhliain dár gcionn, léirigh tuarascáil eile de chuid an Phríomhchigire ábhair nua imní faoi theagasc na Gaeilge ag an dá leibhéal scolaíochta. De réir Tuarascáil an Phríomhchigire bhí an caighdeán sa Ghaeilge níos ísle ná an caighdeán sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic.

De réir tuarascála eile - ceann de chuid Gael Linn a foilsíodh i 2017 - is cosúil le fáinne fí iad na fadhbanna a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Dúradh sa tuarascáil úd - Tuairisc ar an Ghaeilge sa Chóras Oideachais i bPoblacht na hÉireann - nach mbrisfí an fáinne fí seo go dtí go mbeidh an toil, an tacaíocht, agus an t-airgead ann leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras oideachais.

Tá deacrachtaí aitheanta ann mar sin agus tá sé soiléir go bhfuil dúshláin mhóra roimh mhúinteoirí Gaeilge an teanga a mhúineadh ar bhealach a ullmhóidh scoláirí chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol dátheangach.

Athruithe móra

Mar sin féin, níl an córas díomhaoin. Tá athruithe móra déanta le roinnt blianta anuas agus tá tuilleadh le teacht. Tá athruithe déanta sa tSraith Shóisearach agus rinneadh leasú ar Scrúdú Ardleibhéil Gaeilge na hardteistiméireachta i 2012 (Ardaíodh ó 25 faoin gcéad go 40 faoin gcéad líon na marcanna atá ag dul don Bhéaltriail).

Foilsíodh an chéad straitéis chuimsitheach riamh don oideachas sa Ghaeltacht ó bunaíodh an Stát agus cuirfear tús i mbliana le céim nua - Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bun-mhúinteoireacht) in Institiúid Oideachais Marino. Fógraíodh freisin go ndéanfaí leasú - de réir a chéile - ar an mbealach a roghnaítear patrúin scoile. Mar sin féin tá ceisteanna ann fós. Tháinig feabhas suntasach ar mharcanna iarrthóirí na hardteistiméireachta, ach an bhfuil feabhas ag teacht ar an gcaighdeán? Dar ndóigh is ar na múinteoirí féin a thiteann an dualgas polasaithe nua a chur i bhfeidhm agus ag an am céanna a ndícheall a dhéanamh scileanna teanga na scoláirí a fhorbairt.

An Gréasán

Shílfeá, ar nós na n-ábhar eile, go mbeadh eagras tacaíochta ann chun cabhair a thabhairt do theagascóirí. Bhí a leithéid ann tráth nuair a chuir Comhar na Múinteoirí Gaeilge (CMG) seirbhísí gairmiúla agus acmhainní teagaisc ar nós seimineár agus cúrsaí ar fáil do mhúinteoirí. D’fhág a lánscoir roinnt blianta ó shin folús mór ina dhiaidh.

Is sa chomhthéacs seo mar sin a tháinig an scéal chun eolais go bhfuil eagras nua tacaíochta tosaithe do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge.

Tá sé mar aidhm ag ‘An Gréasán’ líonra a fhorbairt chun cabhrú le múinteoirí barr feabhais a bhaint amach sa teagasc agus san fhoghlaim.

“Beidh sé nua,” a deir Réamonn Ó Ciaráin, atá ina rúnaí sealadach ar an eagras. “An rud a bheidh i gceist ná gréasán do mhúinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge a chur dhá reáchtáil ag múinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge.”

Tá ocht gcuspóir socraithe ag an eagras go dtí seo agus tá coiste sealadach ceaptha. Tá Shane Ó Coinn, atá ina mhúinteoir i Coláiste Mhuire i nDún Dealgan, ina chathaoirleach sealadach ar An Gréasán agus tá Réamonn Ó Ciaráin, atá ag obair le Gael Linn, ina rúnaí.

Bhí an chéad chruinniú acu i gCampas Phádraig i nDroim Conrach ar an Satharn, áit ar cuireadh tús poiblí leis an obair mhór atá rompu.

Fearacht na n-eagras tacaíochta atá ann do mhúinteoirí ábhar eile, beidh sé mar chuspóir ag an eagras úr seo ionadaíocht a dhéanamh do mhúinteoirí Gaeilge, dea-chleachtas a chothú, eolas a roinnt, baill a ghríosú chun cumainn áitiúla a chur ar bun agus feidhmiú mar ghlór neamhspleách ar son múinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge.

Agus é ag caint le Tuarascáil, dúirt Ó Ciaráin go bhfuil sé i gceist tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí na Gaeilge mar atá ar fáil do mhúinteoirí ábhar eile.

“Nuair a tháinig deireadh leis an mhaoiniú do Chomhar na Múinteoirí Gaeilge is cinnte go raibh bearna ansin. Bhí go leor múinteoirí Gaeilge ag brath ar an tacaíocht sin. Bhí sraith chruinnithe againn agus dianmhachnamh déanta agus chonacthas dúinn gur chóir go mbeadh gréasán ag feidhmiú ar an dóigh chéanna le Cumann na Múinteoirí Staire in Éirinn.

“Tá cumainn ag ábhair eile sa tír seo agus cén fáth nach mbeadh ag an nGaeilge?”

“Sílim go n-aithníonn múinteoirí iar-bhunscoile Gaeilge go bhfuil tábhacht le glór aontaithe, más féidir, ach tuairimí éagsúla a thógáil ar bord. “

Nideog

Beidh réimse leathan cuspóirí ag An Gréasán ach cé go mbeidh taobh praiticiúil leis, coimeadfar súil ar chúrsaí polasaí ag leibhéal náísiúnta - ó thuaidh agus ó dheas.

“(Beifear) ag coinneáil súil ar athruithe a thagann i bpolasaithe An Roinn Oideachais agus Scileanna agus na sciatháin eile atá ag an Roinn maidir le sonraíochtaí agus maidir leis an Ghaelscolaíocht.”

“Nuair atá rudaí dearfacha ag teacht chun cinn beidh muidne ag cur fáilte rompu ach má tá aon rud á moladh a dhéanfaidh dochar d’áit na Gaeilge sa chóras oideachais beidh An Gréasán an-soiléir go bhfuil muid ina choinne sin.”

“Ní bheidh An Gréasán ag athrú an domhain ach tá nideog ansin (dó)” a dúirt Ó Ciaráin. Idir na meáin shóisialta agus an cruinniú ar an Satharn, tá na céadta múinteoir tar éis suim a léiriú sa smaoineamh cheana féin.

B’fhéidir nach n-athróidh An Gréasán an domhain, mar a deir Ó Ciaráin, ach beidh súil ag go leor go bhfuil síol curtha d’eagras a thiocfaidh ar bhealach éigin leis an bhfáinne fí úd a bhriseadh.

Breis eolais: greasannagaeilge@gmail.com

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.