Troscan na ndanta

An Peann Coitianta: Baill troscáin ar nós cathaoireacha súgáin a thóg sé ina chuid dánta le toisí na súl sin a chleacht sé den…

An Peann Coitianta: Baill troscáin ar nós cathaoireacha súgáin a thóg sé ina chuid dánta le toisí na súl sin a chleacht sé den chéad uair ag díol bróg le mná, "leath-thomhas róbheag dóibh" mar a d'iarraidís.

Chífeá uait é ag stad an bhus, faoina bhairéad dubh aitheantais, é chomh righin le gad ina sheasamh. An bairéad, b'fhéidir, a dheineadh deoranta é. Samhlaím go mbíodh sé ag cangailt círe focal nó seanfhocal ag feitheamh leis an mbus. "Ní moill faobhar ach is moill bheith 'á cheal". Mhoilligh sé an saol áibhéileach anuas go dtí buille rithime dá chuid féin: seanfhocail, comhréir, focail as teangacha iasachta, burdúin, greann fadharcánach.

An focal 'Tapadóir' a dúirt Connachtach mná leis i Sráid Chill Dara nuair a ghabh Aire Stáit thart agus a chuir sé i ndán, á rá:

Bíonn focail úra

READ MORE

De shíor dom nuachan.

Bíonn gad súpláilte i mbun súisteála.

Chuireas aithne ar Thomás Tóibín (1920-2002) agus ar a bhean chéile lách Eibhlín, nuair a thángas chun cónaithe den chéad uair i nDún Laoghaire, Contae Bhaile Átha Cliath. Bhí sé éirithe amach ar pinsean ón státseirbhís an uair sin féin i dtús na 1970í. Tuairisc Chorcaígh eile a chur, m'fhonn, féachaint cén lámh ab fhéidir a dhéanamh de Bhuirg an chósta thoir.

Bhí cóip de Troscán na mBánta bunleabhar a athar, Seán Tóibín, agam. Clasaic dá chineál é, in éineacht lena chompánach Blátha an Bhóithrín. Shakespeare á aistriú ag Tomás, b'fhéidir go mbuailfeadh bleaist rábach de Lady Macbeth tú ón seomra leapan agus Eibhlín ag réiteach bricfeasta dó.

Bhíodh formad orm leis an bhfriotháil tís a gheibheadh Tomás uaithi, gan speabhraídí Lady Macbeth a bhac. Agus dála an scéil a Thomáis, ar réitíomar an chruacheist, miodóg nó duirc ar "dagger" cé gur aontaíomar gur "duirc" ba dhóichí ar fad toisc gur dráma Albanach é agus go mb'fhéidir go raibh leisce ar Shakespeare an focal ó Ghaeilge na hAlban a úsáid. Thabharfaí saoithíneacht air sin anois!

Thug Tomás Tóibín dhá thaobh chathair Chorcaí leis, thuaidh agus theas, tamall i Redemption Road, fáiscthe idir an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, agus tamall theas i Siúlán na Manach.

Bhí a athair "amuigh" aimsir Chogadh na Saoirse. Súilleabhánach ó Lios an Phúca idir Trá Lí agus Cill Orglan ab ea a mháthair "an bhean ba léire aigne dar casadh riamh orm". Bhí sí ina státseirbhíseach in Oifig an Phoist i Learpholl, snáth fuaite eile i ngréasán faisnéise an Choileánaigh.

"Tá sé a bhí ionam," a dúirt sé. Na Taw shays a thugadh na comharsain, iarshaighdiúirí na Munster Fusiliers agus a sliocht, ar na Gaeilgeoirí.

Sa Scoil Tráchtála a bhí athair Thomáis ag múineadh Gaeilge, duine de na Timirí a bhí anois fite i ngréasán nuabhunaithe an Stáit. Na daoine a bhíodh á n-ullmhú tráth do státseirbhís na hIndia i Scoil na Tráchtála, bhí a n-aghaidh iompaithe ar Bhaile Átha Cliath.

Ó mhairneálaigh Spáinneacha a thagadh le caladh i gCorcaigh is túisce a d'fhoghlaimigh Tomás a chuid Spáinnise, ach chun casadh Tomásach a chur sa scéal, Bascaigh ab ea iad "a raibh an Spáinnis ab fhearr acu".

Guerra de hermanos, guerra de diablos fíochmhar acusan, leis. Chuirfeadh Tomás Fraincis agus Gearmáinis, chomh maith le teangacha eile, leis an liosta diaidh ar ndiaidh.

Tar éis scoláireacht agus Teastas Timire Gaeilge a ghnóthú chuaigh Tomás ag múineadh i ngairmscoileanna, i gCill Chainnigh agus i nDún Laoghaire. Tá aicme mhór daoine a tháinig faoina bhráid mar mhúinteoir ranganna oíche. Fuair sé post i Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean mar a raibh Seán Ó Lúing "á dhalladh féin le nuachtáin Ghaeil-Mheiriceánacha".

Chuir sé aithne ar an gCadhnach "thuigeamar dá chéile" "bhí Fraincis le léamh aige".

Tháinig dhá chnuasach filíochta uaidh sna blianta sin, Súil le Cuan agus Fuinneoga. Chuaigh sé ar pinsean luath ón státseirbhís. Tháinig cuid den saothar is fearr uaidh sna 1980í nuair a chuir INNTI gaoth an athuair ina sheolta:

Corcar, dearg, rábach tú.

Is breá liom tú dá réir.

Fástréan fial an foscadh tú

cois farraige in Eochaill.

Charas tú im bhuachaill

samhradh de na cinn úd

a dhíbríonn, ar nós cuach,

drochshíon as nead na cuimhne.

Is beag aithne a bhí aige orainn le tamall de bhlianta nuair a thugaimís cuairt air sa tigh altranais. Má thréig an aithne níor líon an sceon na súile. Burdún a oiriúnaíonn a thoisí anois faoi chré i Reilig na Seanghainimhe:

Tá fé'n lic seo duine caoin gan ghruaim,

Fáig is file suilt is saoi ghlan tsuairc;

Grá agus cumann thug dó cill is tuath,

Is ní bás do rug é ach dul ar aoibhneas uainn.