Tobar nádúrtha an Chadhnaigh

BEOCHEIST: TÁ AN-TUAIRISC i léann na Gaeilge sna blianta beaga anuas ar an tsíorthroid a lean Máirtín Ó Cadhain ar cheisteanna…

BEOCHEIST:TÁ AN-TUAIRISC i léann na Gaeilge sna blianta beaga anuas ar an tsíorthroid a lean Máirtín Ó Cadhain ar cheisteanna na teanga san aois seo caite.

Aithnítear an oidhreacht a bhronn an Cadhnach ar litríocht na teanga i lár an 20ú haois ina phrós, agus an saibhreas ó chaint na Gaeltachta a bhí ina bhunchloch ar a insint féin.

Ach bhí gaol siombóiseach idir an Cadhnach agus an Ghaeltacht agus sa chás sin, bhí cuid mhaith de thionchar ag an nGaeltacht air siúd féin, nach bhfuil an oiread chéanna díospóireachta déanta faoi go dtí seo.

Fógraíodh le déanaí gurbh í Máire Ní Neachtain a thabharfadh Léacht Uí Chadhain na bliana seo sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar an ábhar “An é tobar an dúchais tobar an dóchais?”

READ MORE

Tabharfaidh an léacht aghaidh ar cad is ciall leis an “tobar”, mar mheafar don Ghaeltacht, mar a shamhlaigh an Cadhnach í, agus í ina lóchrann do phobal teanga na Gaeilge in aimsir an Chadhnaigh agus in aimsir an lae inniu.

Oíche an-taitneamhach agus an-tábhachtach í Léacht Uí Chadhain do lucht na Nua-Ghaeilge in UCD agus do phobal na Gaeilge trí chéile, ó bunaíodh in 1980 í.

Thug Breandán Ó hEithir, scríbhneoir, an chéad léacht i bhfómhar na bliana sin ar “Máirtín Ó Cadhain: an Pholaitíocht agus an Ghaeilge”.

Tá léacht tugtha i mBelfield ag scoláire nó scríbhneoir aitheanta gach bliain ó shin, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, ar ghné éigin de shaothar an Chadhnaigh nó de litríocht nó de theanga na Gaeilge.

Thug Máirtín Ó Cadhain léargas géarchúiseach ar phobal traidisiúnta na Gaeilge agus thug cuntas fuarchúiseach ar a raibh i ndán don teanga agus do phobal na teanga.

Is fada an tobar mar mheafar don Ghaeltacht: foinse a bhféadfaí tarraingt uirthi le teacht ar bhunáit, ní hamháin don teanga féin ach don chultúr agus don tsaíocht a bhaineann leis na tuiscintí seanbhunaithe atá ag Éireannaigh ar thraidisiún agus ar dhúchas.

Ní raibh le déanamh ach sciuird a thabhairt ann, d’fhéadfaí blogam breá a ól as an mbunphointe seo agus chothófaí an té a mbeadh breisiú follasach nó folaithe uaidh.

Ní call liodán a dhéanamh den athrú saoil agus athrú pobail sa nGaeltacht ná ar an athrú atá ag teacht ar phobal na Gaeilge taobh amuigh di.

Anois, tráth a bhfuil an bás á thuar don Ghaeltacht agus an Rialtas ag beartú straitéisí a chuirfidh le líon na gcainteoirí Gaeilge, cá bhfuil an tobar a thaoscfar leis an dóchas seo a bheathú?

Léachtóir sinsearach i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, í Máire Ní Neachtain, agus agus í lárpháirteach i dteagasc agus taighde i gceann de na ranna ollscoile Gaeilge is mó sa tír. Rugadh agus tógadh i nGaeltacht Chonamara í agus tá cónaí uirthi sa Spidéal. Tá an-cháil ar a guth ar Raidió na Gaeltachta ar chláracha a phléigh scríobh agus labhairt na teanga thar an blianta.

Tá an-bhaint tar éis a bheith aici le Cumann Merriman le beagnach 20 bliain, agus i dteannta a comhbhádóra, Liam Ó Dochartaigh, is iad siúd croí an chumainn san am i láthair, agus go háirithe croí na scoile gheimhridh, scoil a cuireadh ar bun den chéad uair sa bhliain 1969 in Aonach Urmhumhan nuair a thug Máirtín Ó Cadhain an léacht chumhachtach “Páipéir bhána agus páipéir bhreaca”.

Ba dhuine de na tionscanóirí ba thábhachtaí sa ghrúpa An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal í, a chruthaigh siollabas nua comónta teanga sa Nua-Ghaeilge do choláistí ollscoile timpeall an Stáit le cúpla bliain anuas, agus an-rath ar a cuid oibre sa chás sin.

Tugann Ní Neachtain dearcadh géarchúiseach, intleachtúil ar chuid ar bith de staidéar ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge, mar a léirigh sí le déanaí agus í ina comheagarthóir leis an Dr Tadhg Ó hIfearnáin ar an tsraith aistí, An tSochtheangeolaíocht: feidhm agus tuairisc (2012).

Tagann an léacht seo sna sála ar léacht fíormhaith ó Dhónall Ó Braonáin anuraidh, “Gaeltacht Uí Chadhain: fís tuairisc” nuair a pléadh an tábhacht a bhain le ceist na Gaeltachta i saothar Mháirtín Uí Chadhain, idir fhís liteartha agus thuairisc theangeolaíoch.

Agus súil againn gur féidir dóchas teacht ó thobar na Gaeltachta athuair, Gaeltacht Uí Chadhain go fiú, beidh an chré i gcill an Chadhnaigh ag tnúth leis an léacht i gceann cúpla seachtain.


Beidh Léacht Uí Chadhain i Léachtlann N, Áras Newman, UCD, Déardaoin 11ú Deireadh Fómhair ar 7.30pm. Eolas: irish.gaeilge@ucd.ie nó 01-7168385