Titeann an toin as inneall bolscaireachta Shinn Fein

An rud is annamh is iontach, a deirtear agus sin againn an rud annamh iontach an tseachtain seo caite nuair a thit an tóin as…

An rud is annamh is iontach, a deirtear agus sin againn an rud annamh iontach an tseachtain seo caite nuair a thit an tóin as inneall bolscaireachta Shinn Féin agus iad ag plé le cúrsaí teanga.

Bhí ball sinsearach de chuid an pháirtí, Bairbre de Brún, faoi agallamh ag Máire Killoran ar Nuacht TG4 agus dea-scéal aici do lucht na Gaeilge - bhí na ciorruithe a rinneadh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge le cealú.

Bhí gealltanas faighte ag a páirtí go dtabharfaí an t-airgead ar ais don Fhoras. Dea-lá oibre, ba chosúil. Ach ní mar a shíltear a bítear. Bhí de Brún róthapa ag sceitheadh eolais faoi na cainteanna rúnda a bhí ar siúl ag Hillsborough.

Níorbh ionann a scéal agus an scéal mar a mhínigh rannpháirtithe eile don cholún seo é. Níl airgead breise le tabhairt don Fhoras. Thug an Rialtas gealltanas go n-amharcfadh siad ar na cúiseanna ar gearradh buiséad an Fhorais. Níorbh ionann sin agus a rá go mbeadh ardú airgid ar fáil. Agus, ar ndóigh, cibé airgead eile a gealladh - mar shampla, ciste léirithe do chláir theilifíse - bhí sé ag brath go huile agus go hiomlán ar chríochghníomhartha ón IRA.

READ MORE

Tá gach cuma ar an scéal gur chuir ráiteas de Brún olc ar lucht an Rialtais sa Stát. Dúirt urlabhraí thar ceann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, nach mbeadh an tAire Éamon Ó Cuív sásta rud ar bith a rá agus "na cainteanna leochaileacha" ag dul ar aghaidh.

Is beag tacaíocht a thug a páirtí féin di.

Thug preasoifig Shinn Féin le fios go raibh siad muiníneach go raibh "progress" déanta ar cheisteanna cearta teanga ach dhiúltaigh níos mó ná sin a rá.

Thiocfadh dó nach mbeadh i ráiteas de Brún ach mífhortún a bhaineann de pholaiteoirí anois agus arís. Gan amhras, is ag díriú ar dhíorma Gaelach a páirtí féin in iarthar Bhéal Feirste a bhí sí.

Ar an drochuair, tá impleachtaí i gceist lena ráiteas taobh amuigh dá paróiste.

Sa chás nach mbíonn airgead sa bhreis le fáil ag Roinn Uí Chuív, is ón bhuiséad reatha a thiocfaidh aisíoc an Fhorais. Is ionann sin agus a rá go mbeidh ar an Roinn gearradh siar a dhéanamh ar a dtacaíocht do ghrúpaí pobail, tuaithe agus, leoga, Gaeltachta.

Ní doiligh na cinnlínte a shamhlú an lá a bhfógraítear na ciorruithe sin - Gaeilge Éigeantach - agus ní doiligh na hagallaimh raidió agus theilifíse a chluinstin: "A Aire, cad chuige ar chuir tú an fiontar pobail seo ó mhaith?"

"Le lucht na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste a shásamh."

Ní drochphoiblíocht go dtí é; ní cúngú cultúir go dtí é.

Mar léiriú ar shotal Shinn Féin sna cúrsaí seo, ba dhoiligh imeachtaí na seachtaine seo caite a shárú. Ach cá hiontas sotal bheith orthu nuair is léir go mbíonn an Rialtas sásta oidhreacht teanga an oileáin a dhíol chomh luath agus a iarrann Sinn Féin é.

Dá n-éileodh siad Brú na Bóinne mar bhronntanas lá breithe do P O'Neill, gach seans go dtabharfadh Bertie dóibh é.

Ní den chéad uair, bhraith an colúnaí seo fearg go raibh ceisteanna teanga agus cultúir á gceangal le cúrsaí dí-armála, On the Runs agus cúrsaí slándála.

Smaoinigh ar na mílte duine sin nach mbíonn baint ná páirt acu leis an Ghaeilge agus an drochíomhá leanúnach a chothaíonn na cainteanna seo don teanga.

Gaeilge = Foréigean.

Ní miste le duine ar bith ar spéis leis an Ghaeilge go mbeadh sí ina hábhar tábhachtach polaitiúil. Ach ní hionann sin agus a rá gurb iad cainteanna an Tuaiscirt an fóram is fearr chuige sin.

Tá rud inteacht iontach domlasta faoin dóigh a gcaitheann an Taoiseach cnámh bheag na Gaeilge i dtreo ghluaiseacht na poblachta gan oiread agus "An miste libh" a rá leis an mhórchuid den phobal a úsáideann í ar neamhchead do dhéithe beaga glasa.

Leoga, tá an chuma ar an scéal go dtéann an Taoiseach as a chosán le hobair a Aire féin, Éamon Ó Cuív, a chur ó mhaith.

Tá sé le tuigbheáil as imeachtaí Hillsborough gur fearr do ghrúpaí Gaeilge a ngearán a dhéanamh leis an chomhairleoir áitiúil Sinn Féineach in áit labhairt le hAire tofa an Stáit seo.

Ba cheart go gcuirfeadh imeachtaí Hillsborough dlús le hiarrachtaí na ngrúpaí deonacha teitheadh ón Fhoras. Is léir faoi seo nach bhfuil smacht ar bith acu ar a dtodhchaí faoin eagras. Bheadh seans inteacht acu plé le hAire tofa Rialtais seachas bheith faoi bhagairt shíoraí ag Sinn Féin agus a leathbhádóirí cultúrtha sa Tuaisceart.

Tá ceist shuntasach eile ann. Ní dócha gur leor ag an Fhoras airgead a thabhairt ar ais do ghrúpaí Gaeilge. Ní chuirfidh siad ina éadan ach tá an dochar déanta don chaidreamh idir iad agus an Foras cheana féin. Is beag duine a chreideann go dtiocfaidh feabhas ar an ghaol seo go luath.

Is é an trua nach dtugann an Rialtas tacaíocht d'eagrais Ghaeilge an Stáit, grúpaí nach bhfuil d'armlón acu ach cóipeanna de Peig agus An tOileánach. Ina ionad sin, tá siad ag briseadh na gcos agus iad ag ghéilleadh na Gaeilge do shliocht P O'Neill, dream ar mó tionchar Benito Mussolini ná Dhubhglais de hÍde orthu.