Thuas seal, thíos seal a bhí Údarás na Gaeltachta le linn 2010

TUARASCÁIL : TÁ ÚDARÁS na Gaeltachta sásta le líon na bpost a chruthaigh siad le linn 2010, bíodh is go raibh cúrsaí deacra …

TUARASCÁIL: TÁ ÚDARÁS na Gaeltachta sásta le líon na bpost a chruthaigh siad le linn 2010, bíodh is go raibh cúrsaí deacra eacnamaíochta ann. Tá an t-eagras den tuairim go bhfuil ísliú ag teacht ar líon caillteanas post; go bhfuil siad gar le leibhéal seasmhach agus tá siad ag iarraidh comhoibriú le Roinn na Gaeltachta le straitéis 20 bliain na Gaeilge a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

Is iad sin na príomhphointí atá le baint as athbhreithniú Údarás na Gaeltachta 2010, tuairisc a sheol an t-eagras ar na Forbacha, Co na Gaillimhe, Dé Luain.

De réir na cáipéise a d’eisigh príomhfheidhmeannach gníomhach an eagrais, Seán Ó Labhraí, agus an cathaoirleach, Liam Ó Cuinneagáin, chruthaigh an tÚdarás 704 post nua lánaimseartha in 2010; cheadaigh siad 535 post lánaimseartha eile ach cailleadh postanna fosta.

Cruthaíodh 194 post úr i nDún na nGall ach bhí glanchaillteanas 243 post ann; 48 post nua a cruthaíodh i Maigh Eo ach bhí glanchaillteanas 132 post sa cheantar; 249 post nua a bhí ar fáil i nGaillimh ach bhí glanchaillteanas 35 post ann; 77 post a bhí i gCiarraí ach glanchaillteanas 23 post ar fad.

READ MORE

Ach bhí dea-scéal áirithe ann. Chruthaigh an tÚdarás 98 post nua i nGaeltacht Mhúscraí agus glanmhéadú 14 post dá bharr sin agus 34 post nua a bhí ann ar an Mhí agus glanmhéadú 23 post. Tháinig bonn fostaíochta Phort Láirge slán le linn 2010 agus 124 duine fostaithe go lánaimseartha ag cliaint an Údaráis.

Thug an t-athbhreithniú le fios go raibh ar chumas an Údaráis infheistíocht nua a mhealladh, tacú le pleananna forbartha agus fostaíocht bhreise a chruthú, bíodh is go raibh cúrsaí eacnamaíochta ag tabhairt a ndúshlán.

Le cois cúrsaí fostaíochta, ghlac 800 rannpháirtí páirt i scéimeanna fostaíochta; rinne 565 duine cúrsaí Gaeilge in ionaid seirbhísí Ghaeltachta; thug siad tacaíocht do 29 comhlacht pobail agus do 70 naíonra a raibh os cionn 1,000 páiste ag freastal orthu.

Chreid an tÚdarás gur céim chun cinn don Ghaeltacht agus do lucht na teanga a bhí i straitéis 20 bliain na Gaeilge agus d'fháiltigh siad roimh an "ról lárnach" agus "ról náisiúnta maidir le tograí forbartha" a mhol an straitéis dóibh.