TG gradam

Bhronn Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann dhá phríomhghradam ar chláir de chuid TG4 ag ócáid i mBéal Feirste an tseachtain…

Bhronn Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann dhá phríomhghradam ar chláir de chuid TG4 ag ócáid i mBéal Feirste an tseachtain seo caite.

Bhain Amú san Áise le Hector Ó hEochagáin an chéad áit sa Rannóg Siamsaíochta agus bhuaigh Cáca Milis i Rannóg na nGearrscannán.

Dúirt ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, go raibh an stáisiún "an-bhródúil as an dá dhuais is deireanaí ... Leanann na duaiseanna seo leis an tús maith atá déanta againn i 2003 mar gur gearr ó d'fhógair muid gur thuill clársceideal Nollag TG4 an mhí seo caite an lucht féachana seachtainiúil ab airde riamh dúinn".