Teip radair

Theip ar radar ceartúcháin an cholúnaí seo an tseachtain seo caite. (Sea, ní den chéad uair, a deir tú

Theip ar radar ceartúcháin an cholúnaí seo an tseachtain seo caite. (Sea, ní den chéad uair, a deir tú.) Bhí píosa ann ar Shlógadh Shinn Féin bheith ar siúl ar An Meigh, Co Ard Mhacha. An Meigh a bhí scríofa ar an bhileog eolais.

An Mhaigh an leagan cruinn Gaeilge. (Buíochas leis an léitheoir a chuir an earráid in iúl.)

Ach i ndiaidh dianmhachnaimh a dhéanamh air seo, tá seans ann go bhfuil bealach an-éifeachtach aimsithe ag Sinn Féin le logainmneacha na tíre a ghaelú, an t-alt a úsáid roimh an logainm Béarla: An Dublin; An Belfast; An Limerick, An Galway, srl.

An fiú?