'Tarraing an t-eolaire siar anois'

Tuarascáil: Tarraing an t-eolaire siar' an teachtaireacht atá ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge do chomhlacht The Golden Pages…

Tuarascáil: Tarraing an t-eolaire siar' an teachtaireacht atá ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge do chomhlacht The Golden Pages. "Praiseach" a thug an Chomhdháil, scátheagras na n-eagras deonach, ar an drochlitriú ar shloinnte agus ainmneacha Éireannacha atá san eagrán úr gutháin don ardchathair.

Foilsíodh an t-eolaire nua an tseachtain seo caite agus síneadh fada ar iarraidh, rud a chiallaíonn go bhfuil gach ainm Gaeilge doléite.

Dúirt leas-stiúthóir na Comhdhála, Adelaide Nic Chárthaigh, go ndearna pobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath gearán leo faoi na botúin. Thug lucht foilsithe an eolaire le fios dóibh gur dhearmad teicniúil ba chúis le formhór na sloinnte Éireannacha bheith doléite.

Níor ghlac córas nua digiteach na gclódóirí leis an síneadh fada agus fágadh 1,800 iontráil de shloinnte Éireannacha i gcló leis an síneadh fada, gutaí agus an réimír "Ó" ar lár. Tá ainmneacha Éireannacha ar nós "Seán" agus "Máire" fágtha ar an dóigh chéanna.

READ MORE

Mar réiteach na faidhbe, bhí lucht an eolaire ag cur leabhráin leis na hainmneacha ceartaithe le gach aon leabhar gutháin do Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Nic Chárthaigh, áfach, go raibh "ceisteanna bunúsacha fós gan freagairt. Níl sé soiléir cén uair gur aimsíodh na botúin agus cén fáth gur shocraíodar ar an eolaire lochtach a chur amach seachas fanacht leis an leagan ceart. Ina ionad sin, shocraíodar ar leathanaigh cheartúcháin i bhfoirm leabhráin a chur amach."

Ba í tuairim na Comhdhála nach raibh "cur chuige The Golden Pages i leith réiteach na faidhbe seo gairmiúil. Ba chóir dóibh, ar bhonn prionsabail, leagan nua ceart a chur i gcló". Faoi láthair, níl ach 21 faoin gcéad den seaneolaire lochtach scaipthe.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, i ráiteas gur "náireach" an scéal é nár tugadh aitheantas ceart don teanga agus nár léigh duine ar bith na profaí sular cuireadh an t-eolaire i gcló:

"Beidh díomá ar dhaoine le hainmneacha Gaelacha go bhfuil ainmneacha i ngach teanga eile ceart go leor ach tá neamhaird déanta ar ár dteanga dhúchais féin."

"Ba cheart don Rialtas na heolairí seo go léir a bhailiú ar ais, an fhadhb a réiteach i gceart, na heolairí a athphriontáil agus iad a athscaipeadh timpeall.

"Mura féidir é seo a dhéanamh, ba cheart go ngeallfaidh an Rialtas ar a laghad nach dtarlóidh a leithéid arís."

Comóradh dhá chéad

Cuirfear tús le Scoil Samhraidh Chumann Merriman an Satharn seo agus mairfidh sí go ceann seachtaine.

Is i Lios Dúin Bhearna, Co an Chláir, a bheidh an scoil ar siúl agus bliain faoi leith a bheidh ann nó fuair Merriman bás tá dhá chéad bliain ó shin.

Beidh clár méadaithe dá bharr sin agus béim ar leith ar shaol agus shaothar Merriman. Amharcfaidh aoichainteoirí ar theanga agus thionchar an dáin is clúití a scríobh Merriman, Cúirt an Mheán Oíche, agus déanfaidh siad iniúchadh ar fhilíocht a linne.

I measc na rannpháirtithe beidh: Maeve Binchy, John F. Deane, Seán Donlon, Garret FitzGerald, Áine Hyland, Finola Kennedy, Declan Kiberd, Margaret MacCurtain, Doireann Ní Bhriain, Úna Nic Éinrí, Bríd Ní Neachtain, Nuala O'Faolain, Alan Titley agus na filí Ciaran Carson, Sinéad Morrissey, Gabriel Rosenstock agus Peter Sirr.

Beidh na gnáthsheisiúin 'Renew your Irish' ann, chomh maith le ranganna rince seite le Betty McCoy agus Johnny Morrissey, seisiúin amhránaíochta, agus turas go dtí an Fhiacail agus Loch Gréine, ceantar Merriman in oirthear an Chláir agus Club Merriman gach oíche.

Eolas: 086-3820671 nó: www.merriman.ie

Tá scéim oiliúna bunaithe ag Ciste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Choimisiún Scannán & Teilifíse Thuaisceart Éireann; mairfidh an cúrsa bliain agus ochtar atá faoi oiliúint air. Is é is cuspóir leis an scéim deis a thabhairt do dhaoine eolas a chur ar thionscal na craoltóireachta. Mar thús, tá cúrsa ionduchtaithe déanta ag an ochtar nua le BBC Thuaisceart Éireann. Tá siad anois ar shocrúcháin le comhlachtaí atá ag forbairt cláir teilifíse atá á maoiniú ag an chiste.

Beidh an chéad Fhéile Scannáin Mara ar siúl istigh i dToraigh, Co Dhún na nGall, idir an Aoine 26ú agus an Domhnach 28ú, Lúnasa. Craolfar The Brendan Voyage agus scannán ón Bhriotáin The Voyage of the St Efflam le linn an deireadh seachtaine. Beidh stiúrthóir The Brendan Voyage, Tim Severin, ina aoi speisialta le linn na hócáide chun labhairt ar a chuid taistil. Lena chois sin, beidh imeachtaí ceoil agus damhsa ann.

Eolas: 074-9180786 nó lughfilms@eircom.net

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times