Tagann an samhradh agus tagann an scrúdú - do gach duine

TAGANN AN samhradh, tagann an scrúdú

TAGANN AN samhradh, tagann an scrúdú. Ach dá olcas cás an dalta scoile, is measa arís mo chás agus na ceisteanna a chuireann foghlaimeoirí fásta orm.

Tagann an samhradh agus tagann an scrúdú – don duine fásta féin.

“Tá Gaeilge agatsa, nach bhfuil?”

“Tá. Ach ní cainteoir dúchais mé; d’fhoghlaim mé an teanga. Tá mé á foghlaim i gcónaí.”

READ MORE

“Tuigim ach tá Gaeilge agat?”

“Bhuel, tá is dócha.”

“An bhfuil eolas ar bith agat ar an scéal sin sa Táin faoi Chú Chulainn agus an Damhán Alla as an Domhan Thoir? Léigh mé alt go raibh tráchtas scríofa ag scoláire as an tSualainn faoi?”

“Bhuel, ní saineolaí mise ar an tSean-Ghaeilge agus ní mise is fearr a fhreagróidh an cheist sin.”

“Tuigim. Bhuel, an bhfuil eolas agat ar an fhile Seán Dall Mac Goill a mhair sa 17ú haois agus a scríobh dán ar anraith a dhéanamh as neantóga?”

“Bhuel, i ndáiríre, níl mórán eolais agam ar na cúrsaí sin.”

“Tuigim. Bhuel, tá mise i mo chónaí in Áitnagobbledegooknagaeilge. An bhfuil a fhios agat cad é a chiallaíonn Áitnagobbledegooknagaeilge?”

“Bhuel, i ndáiríre, níl mise eolach ar logainmneacha. Ach déarfainn gurb ionann “áit” agus “place”. Bheinn measartha cinnte de sin. Ach an chuid eile de. Anois tá sin casta. Chaithfeá bheith an-chúramach le logainmneacha. Tá suíomh ar líne a mholfainn duit faoi na cúrsaí sin.”

“Tuigim. Is mór an trua. Shíl mé go mb’fhéidir go mbeadh a fhios agat ó tharla go raibh Gaeilge agat.”

“Bhuel, níl gach rud ar eolas agam.”

“Tuigim. Tá mise ag léamh Cré na Cille faoi láthair.”

“Ceart go leor.”

“An bhfuil seans ar bith ann go dtiocfadh leat an scéal a aistriú dom? Tá cuid de an-deacair.”

“Tá sé an-deacair, ceart go leor. Níl a fhios agam an mbeinn ábalta...”

“Tuigim. An bhfuil amhrán agat? Tá an-spéis agam sna hamhráin ar an sean-nós. An bhfuil amhrán agat?”

“Bhuel, tá Amhrán na bhFiann agam. An chuid is mó de. Meascaim an cúpla líne ag an deireadh in amanna.”

“Ach níl amhrán ar bith eile agat?

“Níl.”

“Bodhrán, b’fhéidir?”

“Nope.”

“Shíl mé go raibh Gaeilge agat.”

“Shíl mé féin é.”

‘As an tsáinn’

CUIREADH COR eile i scéal achrannach Shamhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge an Chéadaoin seo caite nuair a d’fhoilsigh Comhchoiste an Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil fúithi i mBaile Átha Cliath.

Ba é aidhm na samhala córas nua maoinithe a chur i bhfeidhm i gcúrsaí Gaeilge. Ba mhian leis an fhoras imeachtaí teanga a mhaoiniú de réir scéimeanna agus deireadh a chur le bunmhaoiniú na 19 eagras deonach a bhí faoina gcúram.

Ach molann tuarascáil an chomhchoiste gur chóir an tsamhail “a leasú” agus cur chuige difriúil sa réimse sin agus i réimsí eile a chur i gcrích. Is é mian an chomhchoiste go leanfadh an foras ar aghaidh ag tabhairt bunmhaoinithe do na heagraíochtaí.

Molann an tuarascáil gur chóir don fhoras “bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí comhpháirtíochta chun soláthar seirbhísí fíorthábhachtacha a chothabháil agus chun tacú le pobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach. Níor cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche”.

Mhol TDanna agus Seanadóirí traspháirtí an chomhchoiste gur cheart don fhoras plean straitéiseach a ullmhú agus gur chóir go mbeadh sé “ag teacht le prionsabail phleanála teanga agus go ndéanfadh sé riachtanais shonracha na hearnála deonaí agus bheartas pobalbhunaithe na Gaeilge a chur i gcuntas”.

Iarrann an tuarascáil ar an fhoras “réasúnú” in earnáil na Gaeilge “a chomhaontú” leis na heagrais faoi dheireadh na bliana seo agus an comhréiteach sin a bhunú “ar mheasúnú ar na heagraíochtaí agus ar phlean straitéiseach” an fhorais féin.

Ba ghá fosta go mbeadh ról agus cúraimí an fhorais leagtha amach go soiléir.

Fáilte a chuir an foras roimh an tuarascáil, á rá go raibh sé i gceist acu “na moltaí a dhéantar sa tuairisc a thógáil san áireamh agus iad ag pleanáil do chuíchóiriú na n-eagras bunmhaoinithe mar atá dlite orthu a dhéanamh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas”.

Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, gur “bealach as an tsáinn” a bhí sa tuarascáil; “eiseamláir” a bhí inti de “mhodh oibre éifeachtach” agus ba é a dhóchas go raibh “bunús réitigh” ar chúrsaí maoinithe inti.

D’aithin an tuarascáil gur ghá “comhdhearcadh” a chothú idir na heagrais éagsúla ar cheisteanna móra agus go raibh “ról criticiúil” ag an earnáil dheonach, a dúirt sé.

Bhí tábhacht le moladh na tuarascála go mbeadh bunmhaoiniú lárnach sa tsamhail, nach mbeadh próiseas iomaíoch ann le seirbhísí a aontú agus go mbeadh tréimhse suas le cúig bliana i gceist leis na seirbhísí sin.

D’iarr sé ar lucht polaitíochta moltaí na tuarascála a chur i bhfeidhm “mar ábhar práinne”.

Chuir lárchomhairle na n-eagras deonach, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, fáilte roimh an cháipéis. Dúirt stiúrthóir gníomhach na comhdhála, Kevin de Barra, gur “céim mhór” chun tosaigh a bhí ina cuid tuairimí.

Mhol sé an tuairisc as “léamh neamhspleách” a thabhairt ar an cheist agus as an “taighde cuimsitheach” a bhí inti. Ba é an chéad chéim eile teacht ar an bhealach ab fhearr leis na seirbhísí ab fhearr teanga a chur ar fáil don phobal.

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, gur thuig an comhchoiste cás na n-eagras agus na “fadbhanna dosháraithe” a bheadh acu feidhmiú taobh istigh de shamhail mhaoinithe an fhorais.

Bhí an conradh ag moladh le fada “córas comhpháirtíochta” le luach airgid agus seirbhísí ní b’éifeachtaí a chur ar fáil; níorbh fhiú na heagrais a chur in iomaíocht lena chéile.

Beach ina bac

IS IAD na gníomhartha beaga éiceolaíochta is tábhachtaí in amanna. Is beag uilig is féidir liom a dhéanamh faoi scrios choillte na hAmasóine ach seachnaím an scrios i mo ghairdín beag féin oiread agus is féidir liom.

Ag lomadh an fhéir an tseachtain seo caite a bhí mé faoin ghréin – an cuimhin leat an ghrian? – agus chonaic mé beach bheag ag diúl na mbláthanna fiáine i lár an ghairdín.

(Deirim “gairdín” ach iargharraí prátaí atá ann agus is mór is maith leis an ghairdín sin a chur i gcuimhne dom leis na bláthanna fiáine.)

Stad mé den lomadh nó níor mhaith liom bás na beiche a thabhairt; tá siad i mbaol cheana féin, na créatúir bheaga, agus níor mhian liom cur lena ndroch-chás.

Mhoilligh mé i ndúil is go mbogfadh an bheach bheag ar aghaidh, go gcuirfeadh tormán an innill eagla uirthi agus go mbeinn in ann lomadh liom.

Ach lá deifre ní raibh uirthi; bhí na bláthanna fiáine rómhilis.

Samhlaíodh dom go raibh an bheach bheag ar nós agóideora a luigh os comhair ollscartaire. Ar cheap sí gur san Amasóin a bhí sí agus nach raibh ionam ach fathach aineolach?

Ní raibh sí le bogadh; ise a bhí ag adhradh an dúlra; mise a bhí freagrach as an scrios. Mhúch mé an lomaire faiche seal tamaill agus choinnigh cuideachta leis an bheach go dtí gur shocraigh sí go raibh a sáith aici agus d’imigh ar eiteoga éadroma.

amhrán song – bláth flower – beach bee – bunús basis – deonach voluntary – dúlra nature – éiceolaíocht ecology – eiteog wing – fathach giant – leanúnach continuous – plean plan – próiseas process – ollscartaire bulldozer – ról role – scéim scheme – scrios destruction – straitéiseach strategic – tacaíocht support – tormán noise – tuarascáil report

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times