Tacaigh linn

TUARASCÁIL : AN tSEACHTAIN seo caite, d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, an Clár Tacaíochta Teaghlaigh do thuismitheoirí…

TUARASCÁIL: AN tSEACHTAIN seo caite, d'fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, an Clár Tacaíochta Teaghlaigh do thuismitheoirí ar mian leo a gcuid leanaí a thógáil trí Ghaeilge agus seo mo léamh féin ar an cheist, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Buntús Béarla: cé go bhfuil an Stát lánsásta go mbeadh leanaí óga á dtógáil le Gaeilge amháin beidh roinnt abairtí Béarla ag teastáil ón bhfoghlaimeoir óg ar eagla go mbeadh air comhrá a dhéanamh le fostaithe an Stáit.

Chuirfeadh an pacáiste Buntús Béarla na habairtí úsáideacha seo ar fáil don teaghlach. Chabhródh an acmhainn foghlama seo, mar shampla, leis an leanbh go mbéarfaí air i mbugaí atá páirceáilte go mídhleathach.

Ach a Bhuntús Béarla a bheith aige, bheadh ar chumas an linbh Ghaelaigh a chás a mhíniú go beacht don Gharda áitiúil: “I do apologise officer, mummy shall be back in a moment. She is trying to locate a Gaelic-speaking civil servant.”

READ MORE

Finscéalta Gaeltachta: tá sé tábhachtach go mbeadh an leanbh óg Gaeltachta feasach ar an gcultúr ársa saibhir a bhaineann lena theanga.

Chuige sin scaipfí cnuasach finscéalta ar theaghlaigh Ghaeltachta a d’eachtródh scéalta taibhsiúla faoi ré órga na teanga fadó nuair a bhíodh deontas ceart ar fáil chun Gaeilge a labhairt sa Ghaeltacht.

Ina mhochóige thabharfadh an leanbh Gaeltachta leis scéalta agus seanchas faoin gcabhair airgid a bhí ar fáil i nGaeltacht an tseansaoil roimh theacht aimsir an ghátair agus na gimicí poiblíochta neamh-mhaoinithe.

D’fhoglaimeodh sé finscéalta iomráiteacha ar nós Buiséad Mór an Údaráis, Scéim Labhairt na Gaeilge agus An Deontas Tithíochta.

I measc na gcarachtar miotaseolaíocha a chasfaí air i bhFinscéalta na Gaeltachta bheadh Éamó, fear a bhfuil trácht air fós i mbéaloideas na gceantar teangeolaíocha ar a dtugtaí “an Ghaeltacht” orthu tráth den saol. Fear mistéireach ab ea Éamó a mbíodh Seicleabhar Draíochta aige nó gur chaill sé go mífhortúnach é.

Séamuisín an Sochtheangeolaí: ag cloí le polasaí an chláir ábhar físe a sholáthar do thuismitheoirí bhronnfaí cóip de Séamuisín an Sochtheangeolaí ar theaghlaigh Ghaeltachta.

D’inseodh an cartún seo scéalta eachtraíochta teangalárnaithe Shéamuisín an Sochtheangeolaí agus a chairde straitéiseacha Ruairí na Roinne, Úna an Údaráis agus Fidelma an Fhorais.

Leanfadh Séamuisín an Sochtheangeolaí eachtraí an ghrúpa cairde seo, iad ag síorthóraíocht ar “An Freagra ar Cheist na Gaeilge” agus i síorchoimhlint leis na dinimicí sóisialta dorcha a bhíonn ag iarraidh iad a chur dá mbuille. Ábhar grinn don chlann ar fad cé gur gruama go maith atá an greann céanna ar uairibh.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times