Staidear Fulbright

Tá Coimisiún Fulbright in Éirinn ar lorg iarratas ó dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge a theagasc ar an tríú leibhéal i Stáit Aontaithe…

Tá Coimisiún Fulbright in Éirinn ar lorg iarratas ó dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge a theagasc ar an tríú leibhéal i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

I measc na gcáilíochtaí a mholtar, tá: iarchéim nó taithí múinteoireachta; bheith líofa sa Ghaeilge agus bheith os cionn 21 bliain d'aois agus faoi bhun 29 bliain d'aois faoi Nollaig na bliana seo.

Tá 29 coláiste nó ollscoil sna Stáit Aontaithe a mbíonn ranganna Gaeilge á dtairiscint acu. Is le freastal ar an éileamh seo atá na scoláireachtaí Fulbright agus tá siad ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Chuir an tAire Éamon Ó Cuív €300,000 i leataobh don scéim. Is é an Chéadaoin, 11ú Eanáir, 2006, an sprioclá faoi choinne na n-iarratas. Eolas: 01 6607670 nó www.fulbright.ie