Slan le Peann

Deireadh ré a bheidh ann amárach nó tá Liam Ó Muirthile ag éirí as a cholún, An Peann Coitianta.

Deireadh ré a bheidh ann amárach nó tá Liam Ó Muirthile ag éirí as a cholún, An Peann Coitianta.

Tá an colún á shaothrú aige ó 1989 agus is iomaí sin duine a fuair cothú intleachtúil, oiliúint chultúrtha agus ábhar machnaimh ann.

Ní háibhéil a rá gur sruth tábhachtach cultúir ar leathanaigh an nuachtáin seo é scríbhneoireacht Liam ar feadh na mblianta. Ba den phribhléid bheith á léamh.

Ach ní imíonn Corcaíoch amháin nach dtagann Corcaíoch eile.

READ MORE

Is é Alan Titley a bheidh ag tógáil an chúraim air féin colún nua a scríobh gach Déardaoin.