Seic sa phost

Cibé eile a dhéanann Foras na Gaeilge, síníonn siad seiceanna anois agus arís

Cibé eile a dhéanann Foras na Gaeilge, síníonn siad seiceanna anois agus arís. Ag cruinniú boird arú inné, cuireadh maoiniú €395,000 ar fáil d'eagrais agus d'fhiontair éagsúla.

Fuair an iris Idirlín Beo (www.beo.ie) maoiniú ar fiú uasmhéid €60,000 é; tugadh £64,000 do Chultúrlann MacAdam-Ó Fiaich; €25,500 do Choláiste na bhFiann agus €29,810 don Chlub Sult. Agus bhunaigh siad grúpa oibre le staidéar a dhéanamh ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta.