Sea! Di-armail cheart

Crobhinge: Tá an cogadh thart, más fíor

Crobhinge: Tá an cogadh thart, más fíor. Céachtaí meafaracha déanta de na claimhte meafaracha agus caint curtha in ionad an chatha.

Níl aon deimhne ann, áfach, nach bhfuil cúpla píce i bhfolach san tuí ach oiread is a bhfuil aon deimhne ann nach ndéanfaidh Sasana iarracht ar lánghabháil a dhéanamh arís ar ais ar Éirinn.

As seo go híor na spéire, áfach, tá an chuma air go bhfuil ré na síochána buailte umainn, agus is beag duine nach é sin a mhian.

Is deimhnitheach go bhfuil poblachtánaigh áirithe ann gurbh fhearr leo an choinneal a loscadh go héag seachas go mbeadh roinnt deor céarach fágtha ag a bun; agus is deimhnithí fós go bhfuil Sasanaigh ann ar gile leo páidíocha agus ceirtchloigne eile a dhíbirt go dtí an rang is ísle i bpoll tí liabáin seachas aon chomhghéilleadh a dhéanamh leo.

READ MORE

Tá gach duine, ar ndóigh, in aghaidh an fhoréigin. Ní lú orainn sioc Ifrinn féin ná go gcuirfí aon leanbh beag neamhurchóideach chun báis.

Táimid go hiomlán in aghaidh an fhoréigin, ach is cuma linn teachtairí an bháis ag tuirlingt ar an talamh againn in aghaidh an lae ar a mbealach chun na fola. Cuirimid ár lámha go domhain inár gcuid pócaí an túisce is a bhuaileann tubaist críoch éigin ar imeall thall na cruinne.

Déanaimid é sin, mar táimid in aghaidh an fhoréigin. Táimid in aghaidh an fhoréigin mar chuir sé oiread sin daoine chun báis inár dtír bheag féin.

Táimid in aghaidh an fhoréigin mar tá aithne againn ar dhaoine a séideadh san aer agus iad ag siúl na sráide, nó ina seasamh ar an gcúinne, nó ag caitheamh toitín go pléisiúrtha i mBéal Feirste, nó i mBaile Átha Cliath, nó ar an Ómáigh, nó i Muineachán, nó in Inis Ceithleann.

Táimid go hiomlán glan in aghaidh an fhoréigin, ach ní i mBagdad, ná i mBasra, ná i mBali. Táimid in aghaidh an fhoréigin mar chonaiceamar daoine agus caipín a dhá nglúin bainte díobh, corpáin mhná i nduimhche gainimhe, buachaill arna bhá i ndabhach uisce, daoine deasa craiceannstiallta i gcúlshráideanna dorcha.

Táimid siar amach in aghaidh an fhoréigin, ach is sinn na comhghuaillithe is dílse do na tíortha is mó a chaitheann airgead ar na hairm ollscriosmhara is fíochmhaire dá raibh riamh ar chlár na cruinne seo, ná go bhfios dúinn ar chlár cruinne ar bith eile.

Figiúr breá mór é $1,035 billiún. Is fíor go bhféadfá cúpla teach a cheannach leis i mBaile Átha Cliath.

Ar an airgead sin d'fhéadfaí an Teamhair go léir a chur faoi choincréit chrua agus í a thógáil arís fód phlaisteach ar fhód phlaisteach mar Ionad Oidhreachta i gCo. Chill Mhantáin.

D'fhéadfaí uisce glan a chur ar fáil do gach teaghlach san Afraic ar an gcostas céanna, ach níor mhaith liom dul thar fóir. D'fhéadfaí saoroideachas bunscoile a sholáthar do leanaí an domhain go bliantúil ar an mbuiséad sin, ach haigh, b'fhearr a bheith réalaíoch faoin scéal.

D'fhéadfaí an eitinn, an mhaláire, agus Aids a ruagairt as scaoba móra den domhan ar shmut beag den chaiteachas úd, ach nach fearr aghaidh a thabhairt ar an namhaid ab fhéidir, seachas ar an namhaid atá?

Is é an trua mhuire nár déanadh comóradh ceart ar dhíchur arm an IRA; nár déanadh rince ar na huaigheanna mílisteacha, nár seinneadh ceol, is nár séideadh trumpaí. Is trua nár déanadh féile síochána as, féile ealaíne, féile dóchais, féile gairdeachais, féile a léireodh bóthar an neamhfhoréigin don domhan mór.

Seachas é sin bhí rud éigin folamh ann. Rud éigin sleamhain, salach, náireach, eachtra ar chúla téarmaí. Garlach ag greamú guma coganta den deasc i ngan fhios don mhúinteoir.

Ní hé nár chreid daoine gur tharla sé, seachas Iain Páislig féin nach gcreidfeadh gur Gearmánach é an Pápa go fiú is dá bhféadfadh sé a dhá láimh a chur ina chuid créachtaí istigh. Chreid daoine gur tharla, gan amhras, ach ní chreideann siad sa tsíocháin.

Ní chreideann daoine sa tsíocháin mar dá gcreidfeadh bheadh ina léirsiú oíche is lae i gcoinne figiúr sin an mhíle billiún a chaitear ar airm gach bliain agus gurb é ár nUncail Sam a chaitheann a leath de.

Ár gcairde sa Bhreatain caoga éigin billiún. Nárbh iontach anois an tógáil croí agus meanman dá gcloisfimis polaiteoir Éireannach ar bith, thuaidh nó theas, glas nó oráiste nó bán nó smuguaine, ag glamairt ar son na síochána agus i gcoinne airgead fola an bháis?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar