Se?or Beckham ag imirt peile sa Spainn Tuarascail Aodh O Canainn

Má tá dúil ag Spáinnigh sa pheil déarfainn gur i réimeas Franco a thosaigh sé

Má tá dúil ag Spáinnigh sa pheil déarfainn gur i réimeas Franco a thosaigh sé. Bhí cónaí orm tamall in aice le staid Bernabéu san am sin agus tuigeadh dom go raibh an rialtas go mór i bhfách leis an pheil mar gur thug sí deis do Spáinnigh a racht a ligean le nithe neamhurchóideacha seachas le polaitíocht.

Cúiseanna tráchtála seachas polaitiúla atá le cur chun cinn an chluiche inniu mar ba léir ón chuairt a thug A Shoilse, David Beckham, ar Mhaidrid lena cheapadh ar fhoireann Real Madrid a dheimhniú.

Níl aon scil agam i gcúrsaí spóirt ach, ó tharla go raibh mé sa Spáinn le linn na cuairte, ní fhéadfainn gan suntas a thabhairt don tsíoradhradh ar nuachtáin, ar raidió agus ar theilifís.

Bhí Beckham ina dhia beag ag Spáinnigh agus bhí nuacht an domhain fágtha in áit na leithphingne ar theilifís. Bhí na girseacha ag tnúth go mór leis agus ag tabhairt fuatha dá chéile, Posh.

READ MORE

A leithéid de réabadh agus ruaille-buaille faoi fhear nach féidir leis an ghnáth-Spáinneach a ainm a rá i gceart! "Beckhan" a deirtear mar go bhfuil sé doiligh ag Spáinnigh "m" a rá ag deireadh focail.

In alt a foilsíodh ar leathanaigh El Mundo, rinne Phil Ball iontas dá laghad tionchair a bhíonn ag peileadóirí Shasana ar an chluiche sa Spáinn, in ainneoin an choimpléacs ísleachta a bhíonn ar Spáinnigh, dar leis, faoi gach rud Angla-Shacsanach.

A mhalairt a déarfainnse. Ní réitíonn an aigne Spáinneach agus an aigne Angla-Shacsanach rómhaith le chéile mar is léir ón stair.

Chualathas macalla na staire sin roinnt blianta ó shin nuair a b'éigean do phóilíní Mhaidrid múineadh a chur ar bhastúin de lucht leanúna peile Shasana. Is cuimhin liom go raibh Spáinnigh práinneach as na póilíní an t-am sin, rud iontach san am mar nach raibh meas rómhór ar an fhórsa céanna.

Ní deirim gur fiúntaí dream amháin ná an dream eile ach ná ceapaimis go bhfuil ceann faoi ná coimpléacs ar Spáinnigh i leith na muintire aduaidh.

Cén míniú, mar sin, a d'fhéadfadh bheith ar an ómós a thugtar do Beckham? An blas a bhíonn ar phraiseach na gcomharsan? Ní hea. Níl ann ach an cion a bhíonn ag daoine ar réaltaí scannáin, spóirt is ceoil.

Cruthaíonn lucht tráchtála an spóirt agus na meán cumarsáide draíocht agus mealltacht thart timpeall ar leithéidí Beckham. Is maith a thuigeann siad go dteastaíonn nua-dhéithe ón phobal, pearsana ar díol adhartha ar feadh seal blianta iad.

Is geall le bailitheoir seoda luachmhara é Florentino Pérez, uachtarán Real Madrid, ach ní seandachtaí nach bhfaighfear a luach ar ais go cionn i bhfad a chruinníonn sé ach réaltaí peile a ghnóthóidh na milliúin euro don ghnó is Real Madrid ann.

Déanfar na múrthaí airgid as díol léinteacha a mbeidh ainm Beckham air. Má tá doicheall ar chuid den phobal faoi thréigean idéil an amaitéarachais, is é David an buachaill leis an athrú a thabhairt i gcrích go suaimhneach.

Mar a dúirt Phil Ball san alt céanna, is é Beckham fíorshiombail na peile mar ghnó tráchtála. Duine modhúil é, gnáthfhear in ainneoin a mhaise is a ghaisce, ach duine a fheictear i gcomhluadar ríthe is maithe móra.

Ach an bhfuil na Spáinnigh uilig ag geilliúint don phoiblíocht agus don ionramháil aigne seo?

Níl ná baol! Tá traidisiún na tráchtaireachta géarghoiní láidir i nuachtáin na Spáinne mar gheall ar mheon ainrialachais, acmhainn ghrinn, chumas scríbhneoireachta agus, is dóiche, chuimhne ar na laethe nach raibh cead acu a mbéal a oscailt.

Tá Carmen Rigalt ar thráchtaire chomh géar is chomh greannmhar is a gheofá. Scríobh sí alt, ar an nuachtán céanna, faoin teideal "Ní bhíonn hormóin ag na déithe", inár chaoin sí go raibh teipthe uirthi aon fhabht a fheiceáil in íomhá Beckham.

Ní raibh fillíní ina chuid éadaí, sáil chnis ar a ghualainn, rian de bhia idir na fiacla ná imir den tseirbhe ina mheangadh gáire.

Ar mhaithe le cáil phroifisiúnta, mar dhea, thug sí faoi mhiotas an dé nua a threascairt. Mhaígh sí gur chuir Beckham samhnas uirthi as a fhoirfe is a bhí sé agus thug cuireadh don léitheoir amharc ar phictiúir den réalt: "An dreach síodúil air, srón mar phictiúr a tarraingíodh ar chlár líníochta, dath caramail a chuid gruaige, toirt chomhchruinn na matán, agus an brollach sin, a Dhia, brollach chomh mín le ceann linbh agus dhá dhide nach bhfeictear ach ar éigean.

"Gach tréith den fhear de réir foirmle a roghnaigh ailceimiceoir éigin le cúram. Tada in easnamh agus tada sa bhreis. Gach mionsonra de Beckham tomhaiste, go fiú dlús a chuid anála."

Shamhlaigh sí go raibh sé chomh foirfe céanna ina nósanna beatha agus nach fada go n-athródh Beckham nósanna pháirc na himeartha.

Ba ghearr go mbeadh deireadh le ciceanna sa lorg, le caitheamh smugairlí agus "leis an gheáitse seanársa dúchasach sin breith go sciobtha ar do shrón agus do chuid smaoise a sheideadh le haer".

In ionad drugaí agus stéaróidí, bheadh tóir ar chalóga bricfeasta. Mar gheall is gur cineál úrnua giniúna hormón a bhí san fhear bhí cumhra úr fearúlachta ar tí a aimsiú.

In ionad teisteastaróin, scríobh sí, thál Beckham coca-cola light, in ionad allais, sudocream linbh.

Leath bealaigh idir bheith ina phrionsa agus ina ardaingeal a bhí Beckham. Maidir le tarraingt gnéis - "sex appeal" a scríobh sí - ba chosúil é le duine nach raibh sách bruite fós. Ba mhó ba chosúil le Naomh Sebastian ná le Maradona é.

Greann fiáin atá ag Carmen Rigalt - rud a nglactar leis i gcás na bpearsan poiblí - ach cad a déarfá faoin ghiota seo: "Ní bhuaileann an chritheagla stáitse Beckham nuair a ardaíonn sé na súile i leith na suíochán ach nuair a íslíonn sé go clais brollaigh a chéile iad..."

I ndiaidh is gur chomhlíon sí a dualgas mar thráchtaire géarghoineach, sílim go raibh cion ag Carmen Rigalt ar Beckham díreach mar atá ag na girseacha óga.

Ach oiread leosan, níl toil aici do Posh. Luaigh sí an scéilín ba mhó a tharraing cáil ar Beckham le linn dó bheith sa Spáinn, is é sin an dóigh ar fhreagair sé don áladh a thug díograiseoir óg faoi, duine a chaith a lámha timpeall ar a mhuinéal, "amhail is da mba a mháthair a bhí aimsithe aige".

D'fhógródh an gnáthpheileadóir tigh diabhail é ach níorbh amhlaidh do Beckham.

"Tá seisean san Oileampas cheana agus leanann sé de chleacht na ndéithe. Tá sciatháin ar a chosa ach is den chruach é a chuid margaíochta. Níl tada ag dul a dhiagacht gan teimheal a chur ó riocht."

Mar a deirim, níl aon scil agam i gcúrsaí spóirt ach feictear dom go bhfuil dream amháin a d'fhéadfadh baint dá dhiagacht amach anseo, is é sin, lucht leanúna Real Madrid. Más fíor go gceannaíonn siad léinte na réaltaí, bíonn siad ag éileamh gaisce is tallann ar pháirc na himeartha.

Éileamh iomarcach an phobail ar ghníomhartha gaisce ba thrúig báis do Joselito, an comhracaí tairbh a b'aoirde réim san am atá thart. An bhfuil sé de cheart agam comparáid a dhéanamh idir comhrac tarbh, léiriú drámatúil nach spórt é, agus peil?

Níl, más fíor gur spórt é an seó mórthaibhseach a bhíonn ar bun i staid an Bernebéu.

Tógadh Aodh Ó Canainn i nDoire ach tá cónaí le fada air i mBaile Átha Cliath. Tá dhá úrscéal foilsithe aige agus ceann eile idir lámha. Tá dáimh faoi leith aige leis an Spáinn agus leis an Rómáin agus tá aistriúcháin ón Spáinnis agus ón Rómáinis foilsithe aige. Táthar ag aistriú a úrscéil, Tearmann na gColúr, go Rómáinis faoi láthair