Scolairi mna

Kathleen Mulchrone, Máire Nic Néill, Winifred Wulff, Eleanor Knott, Nessa Ní Shéaghdha, Eleanor Hull, Deirdre Uí Fhlannagáin, …

Kathleen Mulchrone, Máire Nic Néill, Winifred Wulff, Eleanor Knott, Nessa Ní Shéaghdha, Eleanor Hull, Deirdre Uí Fhlannagáin, Cecile O'Rahilly is iomaí mac léinn nó iníon léinn Gaeilge a chaith uaireanta fada ag streachailt leis na téacsleabhair nó aistí léannta a scríobh siad agus gan eolas dá laghad acu ar na mná féin, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide

Agus mar a dúirt Tadhg Ó Dúshláine, Déan Dhámh an Léinn Cheiltise, Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad, b'íoróineach an ní é gur sa choláiste sin nach gceadófaí, dhá scór bliain ó shin, d'aon bhean acu cos a chur thar tairseach isteach a beartaíodh comóradh a dhéanamh orthu.

Is iad a bhí ina n-ábhar cainte ag Léachtaí Cholm Cille a bhí ar siúl i Má Nuad ag an deireadh seachtaine agus is iomaí seoid eolais suimiúil a bhí le foghlaim faoi na mná léannta céanna.

Díol suime, mar shampla, gurbh í Caitlín Ní Mhaolchróin (1895-1973), Ollamh le Sean agus le Meán-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, a sheas an fód chun go mbeadh scoláireachtaí ag mic léinn Éireannacha go dtí an Institiúid Ard-Léinn i mBaile Átha Cliath seachas ag eachtrannaigh.

READ MORE

B'oscailt súl dona lán daoine scóip agus méid an taighde a rinne Máire Mhic Néill (1904-87) agus a comhghleacaithe i Roinn Béaloidis Éireann sular foilsíodh an leabhar iomráiteach sin The Festival of Lughnasa in 1962. Agus cé mhéad de na scoláirí a chaith dua le dánta Thaidhg Dhaill Uí Uiginn a thuig go raibh an té a chuir na leabhair in eagar, Eleanor Knott (1886-1975), í féin dall ar feadh an 20 bliain deiridh dá saol?