Scéimeanna nua teanga fógartha

Ní chosnóidh an tAcht Teanga na milliúin euro ar cháiníocóirí, a dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon…

Ní chosnóidh an tAcht Teanga na milliúin euro ar cháiníocóirí, a dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

Bhí sé ag fógairt na chéad 16 scéim a fheidhmeoidh eagrais phoiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla an tseachtain seo caite.

Dúirt Ó Cuív go raibh sé ag rá go poiblí nach gcaithfí gach uile cháipéis a aistriú go Gaeilge de bharr an Achta agus nach mbeadh costas ollmhór i gceist don cháiníocóir nó don eagras féin:

"Is iad na doiciméid a chaitheas a aistriú ná tuarascálacha bliantúla, cuntais ar eagrais phoiblí agus mór-ráitis polasaí ar nós Páipéir Bhána, Páipéir Ghlasa.

READ MORE

"Ó tharla go bhfuil go leor eagras poiblí ag soláthar seirbhís réasúnta cheana féin trí Ghaeilge, níl impleachtaí móra airgeadais i gceist ó thaobh an Achta agus i bhformhór na gcásanna, tá an costas á íoc as na buiséid riaracháin reatha atá acu."

Bhí an tAcht á chur i bhfeidhm ar dhá bhealach, a dúirt sé. Tá forálacha ar leith ann a bhaineann go díreach le gach eagras poiblí agus tá na scéimeanna ann ansin; caithfidh gach eagras scéim a ullmhú agus a aontú leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Thug Ó Cuív le fios go raibh cur chuige réadúil dáiríre léirithe sna scéimeanna i leith soláthar seirbhísí níos fearr trí Ghaeilge. Ní chuirfeadh na scéimeanna crua ar chumas na n-eagras seirbhísí teanga níos fearr a sheachadadh agus é sin a dhéanamh leis an acmhainn daonna agus airgeadais a bhí acu cheana féin.

"Is tús ré nua é seo do chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh seirbhísí ina rogha teanga. Léiríonn na scéimeanna seo ar bhealach cruinn agus soiléir go baileach na seirbhísí a bheidh ar fáil ó na heagrais phoiblí agus leagann siad an bhunchloch chun tógáil ar an obair sin i roinnt scéimeanna eile," a dúirt sé.

Ó thaobh na scéimeanna féin de, tá feabhas ar shuíomhanna Idirlín dátheangach; méadú ar fhoirmeacha iarratais agus bhileoga eolais bheith ar fáil go furasta; seirbhísí idirghníomhnaíochta agus ar-líne bheith ar fáil; gealltanas gur Gaeilge a bheidh á labhairt in oifigí Gaeltachta agus áiseanna níos fearr ann le cruinnithe a reáchtáil i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta.