Scéal tráthúil

TÁ scéalta faoi chaibidil sa leabhar seo a ardaíonn ceisteanna atá chomh tráthúil agus tábhachtach inniu agus a bhí siad riamh…

TÁ scéalta faoi chaibidil sa leabhar seo a ardaíonn ceisteanna atá chomh tráthúil agus tábhachtach inniu agus a bhí siad riamh.

Ceist na déirce agus an chúitimh chuí ar obair lae. (Cúrsaí pinsin is dóil, Comhaontú Pháirc an Chrócaigh agus mar sin de).

An rud is suntasaí faoi na scéalta seo sa traidisiúin Gaelach ná an tslí ina léiríonn siad fiosracht na ndaoine i leith bhunús na ngnéithe suaithinseacha den timpeallacht a chuaigh i bhfeidhm orthu ar bhonn laethúil.

In éagmais aon mhíniú ar na feiniméin sin is minic a chumadar scéalta a raibh réimsí na deabhóide agus na samhlaíochta mar bhunús leo.

READ MORE

Bhí feidhm theagascach ag cuid de na scéalta cráifeacha – míniú ar an maith agus an t-olc nó an tábhacht a bhí le comhar na gcomharsan agus na féile – nach bhfuil an-tábhacht lena leithéid inniu i bhfianaise a bhfuil de dhaoine inár measc a chuireann lámh ina mbás féin.

Mar a deir Eliade: “…all nature in its entirety is transfigured by the presence of Jesus who participates in all the mysteries and sacraments. The world, life, living matter, acquire religious dimensions.”

Is follas go bhfuil Eaglais Chaitliceach na hÉireann lag go maith ó thaobh scoláireacht scrioptúrtha de. Mar is léir ón leabhar seo, áfach, ní raibh an chosmhuintir i gcónaí aineolach ar na Scrioptúir agus na scéalta a bhaineann leis na naomhphearsana agus le saolré phearsana an Tiomna Nua ach go háirithe.

Is truamhéalach an ní é nuair a smaoinímid inniu air ach bhí cur amach níos fearr acu ar shaol Íosa agus an scéal Críostaí trí chéile ag tréimhse nuair nach raibh léamh ná scríobh ag a bhformhór acu.

Tá sé thar a bheith suntasach freisin go raibh na naomhscéalta agus an seanchas cráifeach ar a dtoil ag an gcosmhuintir nuair a bhí an Ghaeilge níos flúirsí mar theanga labhartha acu.

Le teacht an 20ú haois tharla rud éigin aisteach do thraidisiún Caitliceach na hÉireann – (agus na daoine a bhí in ainm is a bheith á chaomhnú), rud éigin a dtógfaidh sé tamall maith orainn teacht ar thuiscint cheart ina leith.

Chúngaíodar isteach iontu féin agus dheineadar neamhaird ar fhorbairtí na fealsúnachta Caitlicí, forbairtí a tharla ar an Mór-Roinn.

Tháinig eaglais nua chun cinn sa tír seo, institiúid chúng ollchumhachtach ollchléireach (Jansenach beagnach) a raibh béim mhór aici ar stádas agus ar rialacha agus an cliarlathas mar bhunús léi.

Rinneadh dearmad iomlán ar phríomhphearsa na Críostaíochta – Íosa Críost féin – faoin gcóras aisteach seo. Peaca eile a dhein an Eaglais (intuigthe go maith nuair nach raibh an Gaelachas ina lár ná ina smior a thuilleadh, faraor) ná ealaín bhréag-Iodálach a bhronnadh orainn, na dealbha, Stáisiúin na Croise agus mar sin de.