Sceal Mhaire aduaidh

Beocheist: Dála a lán daoine eile i bPoblacht na hÉireann ba bheag eolas a bhí agam ar Mháire Mhic Giolla Íosa roimh 1997…

Beocheist: Dála a lán daoine eile i bPoblacht na hÉireann ba bheag eolas a bhí agam ar Mháire Mhic Giolla Íosa roimh 1997.

Ach chomh luath agus a chuala mé go raibh bean as Ard Eoin i mBéal Feirste ainmnithe ag páirtí Fhianna Fáil chun bheith san iomaíocht sa rás go hÁras an Uachtaráin léigh mé go cíocrach gach a raibh sna páipéir ina taobh.

Ar an ábhar sin, nuair a léigh mé ar chlúdach cúil leabhar Ray Mhic Mhánais faoi Mháire Mhic Giolla Íosa gur beathaisnéis údaraithe a bhí ann ní raibh mé ag súil mórán a fhoghlaim uaidh nach raibh ar eolas agam cheana.

Bhí dul amú orm.

READ MORE

Cé gur léir ón chéad leathanach go bhfuil meas an domhain ag an údar ar an Uachtarán agus ar a fear céile Máirtín agus gurbh fhánach bheith ag súil le scéal ar bith scannalach ina dtaobh sa leabhar seo, chuir sé iontas orm a mhéad mioneolais phearsanta atá ann, mioneolas, go bhfios dom, nach bhfuil le fáil in áit ar bith eile.

Faoin am ar shroich mé caibidil 25, ina bhfuil cuntas fíorshuimiúil ar an dóigh a mealladh tromlach bhaill phairliminte Fhianna Fáil chun Máire Mhic Giolla Íosa a roghnú chun seasamh don uachtaránacht mhothaigh mé go raibh aithne phearsanta curtha agam uirthi féin agus ar a muintir agus léargas grinn faighte agam ar an dóigh a n-oibríonn páirtí Fhianna Fáil.

Tá bua iontach scríbhneoireachta ag an údar. Agus é ag cur síos ar na hionsaithe a rinneadh ar theach mhuintir Leannacháin in Ard Eoin in 1972 mothaíonn an léitheoir an sceon a bhí ar an líon tí agus an frustrachas agus an fhearg a bhí orthu le patuaire an RUC.

Naoi mbliana ina dhiaidh sin ní hionadh gur chuir patuaire cheannairí nuachta RTÉ i leith chúrsaí an Tuaiscirt Máire Mhic Giolla Íosa le báiní le linn di bheith ag obair don chlár Today Tonight.

Is é an cur síos sa leabhar seo ar an tréimhse a chaith an tUachtarán in RTÉ is mó a tharraing aird na meán cumarsáide go dtí seo agus is cuntas fíorshuimiúil é.

Ach is suimiúla go mór, dar liom, an cur síos ar an fheachtas uachtaránachta féin agus an t-eolas atá ann faoin leas a baineadh as cáipéisí sceite ón Roinn Gnóthaí Eachtracha chun drochamhras a chaitheamh ar Mháire Mhic Giolla Íosa agus a thabhairt le fios gur chrann taca de chuid Shinn Féin í.

Shíl an feisire aontachtach, John Taylor, go raibh an líomhain seo chomh héagórach sin gur bhréagnaigh sé ar Nuacht RTÉ é.

De réir an leabhair seo chuir Noel Dempsey, a bhí ina stiúrthóir toghchánaíochta aici, cosc ar an ábhar uachtaráin a leagan féin den scéal a insint do na meáin go cionn cúpla lá.

Léiríonn sliocht as dialann an Uachtaráin gur ghoill sé go mór uirthi an phoiblíocht a tugadh do chuntas "dúirt bean liom" agus an neamhaird a rinneadh dá raibh déanta aici ar feadh 20 bliain ar mhaithe le síocháin agus athmhuintearas.

Chuir an tUachtarán a dialanna agus páipéir phearsanta ar fáil don údar agus is iad agus na comhráití a bhí aige léi agus lena muintir a chuir ar a chumas an oiread sin mionsonraí pearsanta a chur sa leabhar.

Tá mionchur síos ar an chaidreamh corrach a bhí idir Máire agus Máirtín Mac Giolla Íosa sular pósadh iad, caidreamh a bhí, i bhfocail Mháire féin, cosúil leis an damhsa Tonnaí Thoraí.

Deirtear linn gur thaobhaigh muintir Leannacháin le Máirtín, tar éis do Mháire é a thréigean le haghaidh fir eile, agus gur chuidigh siad leis cos isteach a fháil arís.

Cé nach bhfágann an t-údar fuíoll molta ar an bhean chliste, sholabhartha, dheaslámhach, chroíúil chineálta seo, fríd is fríd, ní ghéilleann sé don chathú naomh a dhéanamh di. Tugann sé a sciar féin den chreidiúint dá muintir agus don tógáil Chaitliceach a bhí aici.

Caitheann an cuntas ar a dearcadh i leith an chreidimh solas ar a hiompar tar éis a hinsealbhaithe mar Uachtarán nuair a chinn sí comaoin a ghlacadh san eaglais Phrotastúnach.

Faraor, níl cuntas ar bith sa leabhar ar an ócáid sin ná ar rud ar bith eile a tharla i ndiaidh di dul go hÁras an Uachtaráin.

Críochnaíonn sé agus Máire agus Máirtín agus a gclann ag tabhairt aghaidh ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath don insealbhú.

Ach a bhfuil ann faoi bhean a rinne níos mó ná a cion chun deireadh a chur le meon na críchdheighilte sa tír seo is fiú go mór a léamh.

Máire Mhic Giolla Íosa: Beathaisnéis le Ray Mac Mánais. Cló Iar-Chonnachta a d'fhoilsigh. E25 a luach.