Saol Sheoirse

Beocheist: Dé Máirt, 3ú Feabhra, 1987, d'éag George Derwent Thomson i mBirmingham Shasana. Rugadh i Londain i 1903 é

Beocheist: Dé Máirt, 3ú Feabhra, 1987, d'éag George Derwent Thomson i mBirmingham Shasana. Rugadh i Londain i 1903 é. A dhúchas Éireannach ó thaobh a mháthar a spreag Seoirse Mac Tomáis chun freastal ar ranganna Gaeilge agus é fós ar scoil. A biography should mark the centenary in 2003 of the birth of George Thomson, writes Seán Ó Riain

Ar mholadh ó Robin Flower thug Mac Tomáis aghaidh ar an mBlascaod i 1923. Ón chéad lá ba chairde iad Seoirse is Muiris Ó Súilleabháin, oileánach óg. Bhíodar beirt sé seachtaine i dteannta a chéile. Arsa Muiris: "Nuair a bhí an téarma sin caite, is aige a bhí an Ghaeluinn go blasta."

Bhain Mac Tomáis ardcháilíochtaí amach sna sean-Chlasaicí i gCanterbury is dhein obair iarchéime i gColáiste na Tríonóide. I 1929 ritheadh Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe a raibh sé de chuspóir aige go mbeadh na daoine a cheapfaí chun postanna i gColáiste Ollscoil na Gaillimhe ábalta a ndualgais a chomhlíonadh trí Ghaeilge.

I 1931 ceapadh Seoirse Mac Tomáis is Máiréad Ní Eimhigh ina léachtóirí sna sean-Chlasaicí.

READ MORE

Faoi seo, bhí Mac Tomáis tar éis áiteamh ar Ó Súilleabháin fanacht in Éirinn agus dul isteach sna Gardaí Síochána. Thuig Seoirse gurbh an-scéalaí é Muiris is d'áitigh air leabhar a scríobh ar shaol an Bhlascaoid. B'shin mar a tháinig Fiche Bliain ag Fás ar an saol, cuntas rómánsúil ach cuntas atá lom lán le gile is iontas na hóige.

Mar sin féin, sna blianta a chaith Seoirse i nGaillimh bhí go leor deacrachtaí aige. Dhiúltaigh an Gúm glacadh le lámhscríbhinn Fiche Bliain ag Fás. Theastaigh uathu go bhfágfaí ar lár caibidil mar gheall ar an mbeirt gharsún ar meisce i gCeanntrá ar eagla go loitfeadh sé béasa an aosa óig. D'fhoilsigh Cló Thalbóid an leabhar, curtha in eagar ag Seoirse is Muiris araon.

Nuair a chuaigh Seoirse go Gaillimh chun an Ghréigis a mhúineadh trí Ghaeilge, cheap an t-ollamh Sasanach, Eric Dodds, go mbeadh a chuid léinn á cheilt "at a small and remote university college".

Anseo in Éirinn chuir Michael Tierney agus Myles Dillon i gcoinnibh an teagaisc trí Ghaeilge. Dheineas féin staidéar trí Ghaeilge ar na Clasaicí idir 1959-61 faoi stiúir Mháiréad Uí Eimhigh. Bhréagnaigh gach aon ghné den chúrsa léinn dúshlánach sin argóintí Tierney agus a chomhleacaithe.

D'aistrigh Mac Tomáis na seacht leabhar tosaigh d'Fhaoistiní Agaistín go Gaeilge ach arís níor ghlac an Gúm leo. Dúirt Seoirse in agallamh teilifíse le Proinsias Mac Aonghusa "gur tuigeadh don Ghúm nach raibh sé ceart a leithéid d'obair a fhágaint ag duine ná raibh ina Chaitiliceach" ar eagla dearmadaí teagaisc. Diúltaíodh dá leabhar Tosnú na Sibhialtachta leis mar bhí "an t-údar ar thaobh na héabhlóide in ionad na cruthaíochta".

Dar leis an staraí, Seán Ó Lúing, theastaigh ó Sheoirse "na deiseanna oideachais ab fhearr a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. An t-ardléann a leathadh lasmuigh de mhúr na hollscoile agus é a roinnt ar an bpobal".

Ní raibh ach scoileanna is hallaí paróiste oiriúnach mar sheomraí léachta ach dhiúltaigh an chléir na hionaid sin a chur ar fáil. Cé nár chumannach é Seoirse ag an am, seans go raibh imní ar na sagairt roimh fhealsúnacht Mhic Thomáis. Seans maith leis gur tháinig mian na hEaglaise fanacht i gceannas ar chúrsaí oideachais i gceist.

Bhí tacaíocht láidir á tabhairt ag an Aire Airgeadais, Earnán de Blaghd, do thréan-iarrachtaí Mhic Thomáis téacsleabhair Ghaeilge a chur ar fáil. Ach leis an athrú rialtais i 1932 shíothlaigh an tacaíocht agus mar a dúirt Seoirse féin: "Ní thabharfadh an Gúm aon uchtach dom."

Ceaptar gurb í sin an phríomhchúis gur fhill Mac Tomáis ar Shasana. Cén mhaith leabhair a cheapadh munar féidir iad a fhoilsiú?

PHÓS sé Katherine Fraser Stewart, scoláire ar chúrsaí ceoil, i 1934 agus, bliain ina dhiaidh sin, thug sé a chuairt dheireanach ar an mBlascaod. I Sasana sháigh sé é féin isteach in obair na Gréigise is obair na polaitíochta.

D'oibrigh sé mar ollamh le Clasaicí i mBirmingham idir 1937-70. Chuaigh sé le Cumannachas is ghlac sé páirt i bhfeachtais chonspóideacha shóisialta.

Scríobh Ó Lúing gurbh é Seoirse "croí na carthanachta agus an chineáltais", fear uasal íseal ildánach a ghabh "a chosán cróga neamhspleách féin sa scoláireacht agus sa bhfealsúnacht".

Ceapaim go bhfuil sé thar am beathaisnéis chuimsitheach Sheoirse Mhic Thomáis a choimisiúnú.