Saoire thiar

BEIDH TIONÓL Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl ar an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, idir an Déardaoin 30ú Meitheamh agus…

BEIDH TIONÓL Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl ar an Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe, idir an Déardaoin 30ú Meitheamh agus an Domhnach 3ú Iúil i mbliana.

Is é atá sa tionól teacht le chéile bliantúil a eagraíonn an Conradh ina mbíonn deis ag cainteoirí líofa Gaeilge agus foghlaimeoirí bualadh le chéile agus an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga. €230 atá ar chúrsa na bliana seo agus leaba, bricfeasta, béiltí tráthnóna agus imeachtaí sóisialta uilig san áireamh.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Chonartha, Peadar Mac Fhlannchadha, gur roghnaigh siad an Cheathrú Rua mar gurbh é ceann de na ceantair Ghaeltachta ba láidre é agus go mbeadh seans ag cuairteoirí a gcuid Gaeilge a chleachtadh le muintir na háite.

Tabharfaidh na rannpháirtithe cuairt ar Dhún Aonghusa in Inis Mór agus beidh seimineár ar Údarás na Gaeltachta, siúlóid sléibhe, tráth na gceist agus dráma le hAisteoirí Bulfin le linn an tionóil.

READ MORE

Eolas: 091-567824