Rogha an Lae

Tá sobaldráma idirghníomhach, Rogha an Lae, ar siúl ar BBC Raidió Uladh faoi láthair

Tá sobaldráma idirghníomhach, Rogha an Lae, ar siúl ar BBC Raidió Uladh faoi láthair. Dúirt láithreoir an chláir, Róisín Ní Chéilleachair, nach raibh "script, ná plota, tús ná deireadh ann. Is faoin éisteoir atá sé an dráma a stiúrú."

Tá an dráma lonnaithe in oifigí nuachtáin, Rogha an Lae, agus glacann na haisteoirí le treoracha ón lucht éisteachta. Caithfidh an t-éisteoir dul i dteagmháil le haisteoir agus cur leis an aicsean nó rómánsaíocht nó eile.

Chun páirt a ghlacadh, cuir scairt, seol ríomhphost nó téacs chuig na haisteoirí ag na huimhreacha thíos, ag fágáil d'ainm, d'uimhir ghutháin agus do smaoineamh leis an scéal a athrú.

Ina dhiaidhsin, níl le déanamh ach éisteacht le BLAS ar BBC Raidió Uladh ag 7.30 p.m. (Luan-Déardaoin).

READ MORE

Coinnigh cluas le héisteacht ort féin le go gcluine tú cén radharc a stiúraigh tú. Eolas: 048-90338101, aonad@bbc.co.uk nó téacsaigh uimhir: 07786 202223. Is féidir an scéal a leanstan ar www.bbc.co.uk/ni/blas