Polasaí cáinte

NÍL FORBAIRT ar bith déanta ar pholasaí Gaeilge Thionól Thuaisceart Éireann, a dúirt urlabhraí Gaeilge an SDLP, Dominic Bradley…

NÍL FORBAIRT ar bith déanta ar pholasaí Gaeilge Thionól Thuaisceart Éireann, a dúirt urlabhraí Gaeilge an SDLP, Dominic Bradley, arú inné.

Cháin Bradley dréachtpholasaí teanga Choimisiún an Tionóil as neamhaird a thabhairt ar riachtanais lucht na Gaeilge.

Tá an coimisiún freagrach as cúrsaí cumarsáide sa tionól a fhorbairt idir baill an tionóil agus go seachtrach leis an phobal.

Dúirt Bradley gur theip ar an dréachtstraitéis aitheantas a thabhairt do chainteoirí Gaeilge sa tionól nó taobh amuigh de agus níor ghlac an polasaí fás na Gaeilge san earnáil oideachais san áireamh.

READ MORE

Ba í an Ghaeilge an dara teanga ba mhó úsáid sa tionól agus níor léirigh an plean fís ar bith le seirbhísí trí Ghaeilge a fhorbairt.

Dúirt sé gur chóir go mbeadh polasaí ann le trealamh comhuaineach aistriúcháin a chur ar fáil agus foireann a earcú a dhéanfadh cinnte de go mbeadh seirbhís den sórt ar fáil.

IS Í an Aoine seo an lá deiridh d’iontrálacha do chomórtas filíochta Bhéal Átha na mBuillí agus duaiseanna ar fáil do dhán i nGaeilge. €2,000 atá ann don dán buach; €1,500 mar dhuais don dara háit agus €1,000 don tríú hiomaitheoir.

Chomh maith leis sin, tá táille léitheoireachta agus taistil €400 ar fáil do thriúr eile. Eolas: www.strokestownpoetry.org.