Peadar a phle

Níl deireadh go fóill le tionchar na cainte a thug an Dochtúir Peadar Ó Flatharta ag Tóstal na Gaeilge i nGaillimh tá cúpla seachtain…

Níl deireadh go fóill le tionchar na cainte a thug an Dochtúir Peadar Ó Flatharta ag Tóstal na Gaeilge i nGaillimh tá cúpla seachtain ó shin.

Chuir urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre, Brian O'Shea, ceist ar an Aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, faoina chuid pleananna táscfhórsa a bhunú mar a mhol an Flathartach.

Thug Ó Cuív le fios go raibh rún aige coiste comhairleach a bhunú. Níor leor é sin, a dúirt O'Shea: "While I would normally welcome the establishment of an advisory committee or board, Dr Ó Flatharta was looking for something more. He sought the establishment of a task force. A task force is given a task, which in this case should be to draft a new policy for the language."

Thug Ó Cuív léargas ar a raibh beartaithe aige féin don choiste comhairleach: "My intention in this case is to establish the coiste comhairleach. Its members will be there to represent organisations rather than as individuals. I will try to get the key players around a table to provide a concerted view as to how we shall proceed."

READ MORE

Ní raibh a leithéid inmholta, a dúirt O'Shea: "The point Dr Ó Flatharta made was that we should rethink the entire State infrastructure. It does not necessarily follow that those who are part of the current infrastructure should be the ones to draft a new policy.

"There is a great deal to be said for putting together a group which has a commitment to the language but whose members do not belong to the existing infrastructure."

Tá an ceart ag O'Shea gur cheart go mbeadh daoine neamhspleácha ar an choiste nach ngéilleann do dhearcadh eagrais ar bith.

Sa chás nach n-ainmníonn Ó Cuív ach ionadaithe na n-eagras - Foras na Gaeilge, TG4, srl - tá gach seans ann go gcuirfear ina leith nach bhfuil sa choiste ach ollshiopa cainte.

Cad é mar a thiocfadh leis an choiste moladh a dhéanamh faoi, abair, TG4, moladh nach réitíonn leis an stáisiún agus ionadaí acu ar an choiste?

Sin ráite, níl sé míréasúnta go mbeadh inchur de chineál inteacht ag "key players" Uí Chuív sa phróiseas ionas go mbeadh deis acu rólanna a n-eagras féin a mhíniú.

Is maith go raibh díospóireacht chomh torthúil seo ar chúrsaí teanga ar siúl sa Dáil.

Is suntasach an ní é go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre anois ag iarraidh polasaí ar leith a fhorbairt ar chúrsaí teanga, polasaí, bheifeá dóchasach, a thabharfadh rogha eile do vótóirí in áit iad bheith i muinín Fhianna Fáil nó Shinn Féin amháin ar cheist na teanga.

Agus ní hé go raibh tost ar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, ar an ábhar céanna. Dúirt sé nárbh fhiú coiste a bhunú: "Cheana féin, tá go leor comhairle ar fáil don Aire. Tá Foras na Gaeilge ann, nó an bhfuil dearmadta ag an Aire ar an ról tábhachtach ar féidir leis an Fhoras imirt i bpleanáil athréimiú na Gaeilge ... Níl coiste comhairleach eile uainn ach gníomh agus gníomh eile."