Paisti i mbaol na mbolg

Beocheist: An samhradh seo caite chaith mé oíche ar láthair champála in iardheisceart Shasana

Beocheist: An samhradh seo caite chaith mé oíche ar láthair champála in iardheisceart Shasana. Bhí na scoileanna fós ar saoire agus ar maidin bhí neart páistí idir cúig agus deich mbliana d'aois bailithe thart ar an linn snámha.

Ní fhaca mé riamh an oiread sin de pháistí ramhra ar aon láthair amháin. Róbheathaithe ar fad a bhí siad. San éadach leaisteach sin a luíonn leis an chorp ba rí-léir rian a gcoda ar gach duine acu.

Chuir mé raimhre na bpáistí sin síos do dhrochnósanna itheacháin na Sasanach agus uaireanta fada os comhair na teilifíse agus ghabh mé buíochas le Dia go raibh ciall níos mó ag tuismitheoirí in Éirinn maidir le tógáil páistí.

Ní gá a rá gur baineadh siar asam nuair a fógraíodh ar na mallaibh go raibh páiste as gach triúr sa Stát seo róbheathaithe agus go raibh na húdaráis sláinte chomh buartha sin faoi go bhfuil táscfhórsa bunaithe ag an Rialtas chun teacht ar na bealaí is fearr chun dul i dul i ngleic le fadhb na beathaitheachta, fadhb a mheastar bheith ina siocair bháis leis na céadta duine gach bliain.

READ MORE

Mura mbeadh de thoradh ar an táscfhórsa seo ach tuairisc fhada ag insint dúinn gur cheart níos lú a ithe agus a ól agus níos mó fuinnimh a chaitheamh cur amú ama agus airgid a bheidh ann.

Mhothaigh mé, áfach, ó chaint an chathaoirligh, John Treacy, go raibh rún aige iarracht fónta a dhéanamh chun tabhairt ar an phobal drochnósanna itheacháin a athrú.

Ní obair éasca a bheidh ann mar beidh air aghaidh a thabhairt ar an tionscal mór bia agus dí a bhíonn de shíor ag iarraidh sinn a mhealladh chun a dtáirgí a cheannach.

Sa siopa nuachtán in aice liom chomhairligh mé ar sheilf amháin sé iris mhaisiúla ildaite a raibh an chuid is mó den ábhar iontu dírithe ar chúrsaí bia.

Cuir leis sin na fógraí raidió agus teilifíse le haghaidh táirgí bia, na cláracha teilifíse ina mbíonn cócairí cordon bleu ag iarraidh orainn aithris a dhéanamh orthu agus an dúch a chaitear sna nuachtáin ag cur síos ar bhialanna agus beidh tuairim agat den smacht atá ag tionscal an bhia ar aigne an phobail.

Ní hionadh go mbíonn deacracht mhór ag misnéirí agus daoine eile a fhilleann abhaile ó thíortha ina bhfeiceann siad daoine ag fáil bháis le hocras, socrú síos anseo.

Cad is féidir a dhéanamh chun an pobal a oiliúint chun neamhaird a dhéanamh den phoiblíocht ar fad faoi bhia agus níos lú a ithe?

Ar cheart don Rialtas a ladar a chur sa scéal agus cosc a chur ar fhógraí teilifíse faoi bhia agus dheochanna a bhíonn dírithe ar pháistí?

Tá ráite cheana ag comhlachtaí móra fógraíochta gur ag sárú an dlí a bheifí as cosc mar sin a chur i bhfeidhm agus maíonn siad nach féidir a chruthú gurb iad na fógraí teilifíse is cúis leis an oiread sin páistí róbheathaithe bheith ann.

Rinne an tionscal tobac argóintí den tsaghas céanna nuair a moladh den chéad uair cosc a chur ar fhógraí le haghaidh toitíní ar an teilifís.

Ach cuireadh an cosc i bhfeidhm agus tá glúin óg daoine anois ann a gcuireann sé samhnas orthu luaithreadán le stumpaí toitíní ann a fheiceáil in áit phoiblí.

Ach tá ceist an bhia níos casta ná ceist an tobac. Ní mór dúinn ithe chun fanacht beo agus athraíonn riachtanais bia ó dhuine go duine.

Agus cé go mbeinn ag súil go mbeadh moltaí ag teacht ó tháscfhórsa an Rialtais maidir leis an phobal a oiliúint chun idirdhealú a dhéanamh idir bia folláin agus bia mífholláin, sílim, a laghad cainte a dhéanfar faoi chosc ar bhia is ea is fearr é.

Ba cheart dó, dar liom, i bhfad níos mó béime a chur ar bhealaí chun páistí a spreagadh chun suim a chur i gcaitheamh aimsire a ídíonn fuinneamh, go mórmhór na páistí sin nach bhfuil dúil acu san aclaíocht.

Toisc an oiread sin béime bheith sna scoileanna ar bharrfheabhas i gcúrsaí spóirt is minic a dhéantar neamhaird de na páistí sin nach n-éiríonn leo ardchaighdeán a bhaint amach.

Agus, go minic, is iad sin na páistí a chaitheann na huaireanta fada os comhair na teilifíse nó an ríomhaire agus a lorgaíonn sólás i mbarraí seacláide agus i ndeochana siúcrúla.

Is é dúshlán mór an táscfhórsa, dar liom, straitéisí a bheartú chun na páistí sin a mhealladh ón teilifís agus ó na cluichí ríomhaireachta agus tús a chur le nósanna aclaíochta a bheidh acu ar feadh a saoil.