Oileán eile

CROBHINGNE: TAR ÉIS na gcéadta míle bliain de dhúnmharú, de choscairt, chéasadh, bhreabadóireacht, mhailís, chruálacht, chreachadh…

CROBHINGNE:TAR ÉIS na gcéadta míle bliain de dhúnmharú, de choscairt, chéasadh, bhreabadóireacht, mhailís, chruálacht, chreachadh, chaimiléireacht agus pé eireaball fada d'imeachtaí neamhdheasa an tsaoil, is é is iontaí go mbeadh ionadh ar dhaoine maidir le sléacht Anders Behring Breivik atá ar a thriail in Oslo faoi láthair.

Is amhlaidh go bhfuil alltacht orthu chomh maith. Is fearr é sin ná áthas agus gealadhram, ar ndóigh, bíodh nach bhfuil ina thuairimí buile ach leagan níos loighiciúla siar ná smaointe folaigh daoine measúla nuair a gheiteann siad ar fheiscint fir le féasóga agus mná i bhfeisteas na mban rialta ar an tsráid.

Nuair a mhaígh Breivik é féin gur chuaigh sé i mbun gnímh toisc gur “ionad dumpála é an Eoraip d’fhágálaigh bhreise an tríú domhain” ní raibh a bhriathra 6 mhilliún orlach ó na daoine a shíl “go raibh an iomad díobh anseo” le linn an reifrinn lofa a cheil saoránacht na hÉireann ar pháistí dorcha a rugadh abhus.

Ní hé go smaoineodh duine ar bith a bhreac “X” ar an bpáipéar ballóide sin dul ar oileán mara agus daoine óga a raibh claonadh i leith na daonnachta seachas i leith an mhargaidh acu a lámhach, ach tá seans beag éigin ann go dtuigfeadh siad i bpóirse cúil dorcha i bhfad as radharc in íoslach a n-intinne cén fáth ar déanadh ar déanadh. Mar is deimhin nach dtuigeann aon duine eile.

READ MORE

Nuair a chomáineann gealt a bhfuil a chloigeann lán de dhramhaíl chamtha as leabhar saghas beannaithe a scríobhadh sa ghaineamhlach timpeallaithe ag meigeallach gabhar míle go leith bliain ó shin, nuair a chomáineann sé eitleán isteach in ilstórach spéire, is é atá ann ná An tOlc. Nuair a ghabhann gealt ar oileán eile lena ghunna líofa ag spré urchar le hógánaigh bítear ag iarraidh é “a chiallú”.

Is é oighear diachrach uafáis an scéil ná nár gheilt in aon chor iad ach oiread le haon bharbarach eile a shocraigh ar na céadta, na mílte, na milliúin a scrios. Is den daonnacht go huile is go hiomlán gach duine díobh.

Ar aon chomhrian leis an ionadh agus leis an alltacht gur deineadh an gníomh ar an gcéad dul amach tá an sceimhle nach raibh pioc de chathú ná ruainne den bhrón ná giob den aiféala air. “Conas is féidir le duine a rá go ndéanfadh sé arís é?” arsa an duine ar an gcosán. Furasta go leor: osclaíonn sé a bhéal agus titeann na focail amach as go seolta.

B’in mar a bhí riamh. Níor léirigh Paul Tibbets, píolóta an Enola Gay a dhein gal agus púdar agus leacht liath den oiread sin daoine in Hiroshima gur chaill sé oiread is nóiméad amháin codlata de dheasca na dtaibhsí a chruthaigh sé; ná an buamadóir Harris as an mbrocamas a dhein sé de shibhialaigh na Gearmáine; ná aon duine a cuireadh ar a thriail in Nuremberg; ná neach ar bith de Ridirí Bushido; ná iad siúd a leag buamaí ar shráideanna inár gcogaí beaga gránna féin, ar an Ómaigh, ná in Inis Ceithleann, ná i mBaile Átha Cliath, ná i mBéal Feirste lenár linn; ná a raibh ciontach in Ruanda ná sa Chongó i ndéanaí aimsire; ná na seirbhísigh stáit in árais ghloine i gcathracha geala a shocraigh go marófaí na céadta míle san Iaráic, agus atá ag dul don uafás laethúil san Afganastáin; agus gach duine eile a choimeádfaidh a bhéal dúnta nuair a dhéanfaimid ionsaí ar an Iaráin.

Agus ansin tá an stair – Críostóir Colón i mbun sléachta sna hoileáin a ghabh sé in ainm Dé; Lyman Frank Baum, údar The Wizard of Oz ag moladh go ndíothófaí na hIndiaigh go léir; An Róibíneach fir ceannais agus a chairde a chuir as do bhundúchasaigh Tasmania ar fad ar fad ar fad...ach och! Níl leabharlann agam lena n-áireamh, ná scata milliún meigibheart lena lua.

Níl frídín fianaise againn gur chuimil ciontacht choinsiasa duine ar bith de dhúnmharfóirí móra an domhain. Go deimhin, is gnáthaí go dtógtar dealbha ina n-onóir, go gcumtar amhrán molta ina dtaobh, go n-ainmnítear cathracha agus sráideanna ina ndiaidh, go háirithe má bhíonn an bua acu.

Braitheann sé ar mhéid an oileáin ar a bhfuil tú. Tá an t-oileán seo againn féin mór go leor don uile dhuine atá sásta sinn a fhulaingt. Is fairsinge fós dúnphort Oileán na hEorpa a raibh Breivik ag iarraidh múr cosanta a dhaingniú thart air in aghaidh na doircheachta lasmuigh.

Tarlaíonn nach bhfuil sa domhan seo ar a mairimid ach oileán beag eile sna cruinní cé ar fad atá amuigh ansin ag gliúcaíocht go dall orainn. Nárbh fhearr coinneal an fhuatha a bhá ná solas an scriosta a lasadh don turas seo, nó ar feadh tamaillín féin?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar