Ni chun tairbhe dream ar bith diospoireacht histeireach

An íde phearsanta agus an dochar a rinne aighneas Ghaelsoil Thulach na nÓg, Co na Mí, don scoil agus do na daoine a bhaineann…

An íde phearsanta agus an dochar a rinne aighneas Ghaelsoil Thulach na nÓg, Co na Mí, don scoil agus do na daoine a bhaineann léi an rud is mó a théann i bhfeidhm ar dhuine agus é ag léamh agus ag éisteacht leis an scéal le tamall anuas - an dochar a rinne na himeachtaí do phríomhoide na scoile, Tomás Ó Dúlaing, a briseadh as a phost; an dochar a rinne sé don chaidreamh idir cuid de na tuismitheoirí agus an bord stiúrtha; do na páistí agus an dochar gan iarraidh a rinne sé don Fhoras Pátrúnachta.

Caithfear a rá ón tús, ámh, nach ceist chreidimh í seo. Gan amhras, bhí comhaireamh seicteach ar siúl ag cuid de na nuachtáin, iad ag tabhairt le fios gur Chaitlicigh ar fad iad baill an Fhorais i dtuairisc amháin nó Caitlicigh ar fad diomaite de dhuine amháin i dtuairisc eile.

Rithfeadh sé leat agus tú ag léamh cuid den ábhar atá scríofa ar an achrann seo gurb ionann an Foras Pátrúnachta agus leagan Gaelach de Opus Dei. Seafóid ar fad.

Ní peaca é bheith i do Chaitliceach. Ach ní hé Caitliceachas an Fhorais nó a mhalairt croí an scéil seo.

READ MORE

Bheadh go leor daoine den bharúil gur aimsigh Ó Dúlaing deacracht i múineadh an teagasc Chríostaí sa scoil idirchreidmheach a bhí faoina chúram. Ba chás leis an deighilt, mar a chonacthas dó í, a dhéanfaí idir dalta Protastúnach agus a chomrádaithe Caitliceacha dá mbíodh ranganna ar shacraimintí Caitliceacha á dteagasc le linn am na scoile.

B'fhiú agus ba cheart dó mar phríomhoide na ceisteanna sin a phlé le tuismitheoirí agus an bord bainistíochta. Ba é cuspóir na scoile Caitlicigh agus Protastúnaigh a oiliúint le chéile agus ba cheart teacht ar chóras a bhainfeadh na cuspóirí sin amach go héifeachtach. Ní hionann sin agus a rá gur aimsigh sé an freagra ceart ar an cheist - trí shacraimintí atá lárnach don chreideamh Caitliceach a ruaigeadh ó ghnáthuaireanta scoile agus deighilt de chineál eile a chothú.

Tá an ceart ag an Fhoras Pátrúnachta gur cheist chaidreamh tionsclaíochta í seo thar rud ar bith eile. Níl duine ar bith ag lochtú Uí Dhúlaing as a chumas agus a dhíograis mar mhúinteoir.

Léiríonn na tuairiscí ar fad faoi - fiú ó dhaoine nach bhfuil ag teacht leis ina dhearcadh - go bhfuil meas ag daoine air mar mhúinteoir gairmiúil. Is é an gaol idir é agus a bhord bainistíochta a bhí faoi scrúdú. Níorbh ionann tuiscint Uí Dhúlaing agus tuiscint an bhord bainistíochta ar shainmheon na scoile. Ceist úinéireachta a bhí ann ar bhealach - cé a stiúraíonn polasaí na scoile: an príomhoide nó an bord bainistíochta i gcomhar lena bpátrúin?

Leis an cheist a chasadh beagán, samhlaigh gur shocraigh Ó Dúlaing gur cheart scoil dhátheangach a dhéanamh den ghaelscoil ar an ábhar é bheith buartha go raibh deighilt á cothú idir na páistí sin a bhí líofa i nGaeilge agus iad sinn nach raibh. Chinn sé ar dheireadh a chur le Gaeilge le linn am na scoile agus ranganna Gaeilge a theagasc do dhaltaí taobh amuigh de ghnáthuaireanta.

Ní cháinfeadh duine ar bith an bord bainistíochta é a bhriseadh as a phost sa chás sin - nó go dtacódh an Foras Pátrúnachta leo.

Dá olcas cás na scoile, is measa arís go bhfuil ionsaithe místuama déanta ar an bhord bainistíochta agus ar an Fhoras Pátrúnachta.

I bpreasráiteas ainmheasartha, thug Stiúrthóir Oideas Gael agus ball d'Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Cuinneagáin, faoin Fhoras Pátrúnachta, á rá gur cheart go n-éireodh Cathaoirleach agus baill an Fhoras Pátrúnachta as a gcuid dualgais láithreach bonn.

Scríobh Ó Cuinneagáin go raibh Ó Dúlaing briste "mar gheall ar cheist polasaí atá leagtha síos ag eagraíocht nach bhfuil ceaptha ag an Stát ná ag aon eagraíocht Stáit, dream nach bhfuil d'údarás acu labhairt thar ceann na Roinne Oideachais, thar ceann na Gaelscoileanna ná thar ceann Foras na Gaeilge".

Bhí an cinneadh "cáidheach, náireach agus dothuigthe" a scríobh sé.

Tá obair mhór déanta ag Ó Cuinneagáin trí fhiontair ar nós Oideas Gael. Tá meas agus gean saothraithe aige dá bharr sin. Ach cén t-údarás atá ag Oideas Gael sa réimse seo, "eagraíocht nach bhfuil ceaptha ag an Stát ná ag aon eagraíocht Stáit, dream nach bhfuil d'údarás acu labhairt thar ceann na Roinne Oideachais, thar ceann na Gaelscoileanna ná thar ceann Foras na Gaeilge."?

Thairis sin, tá údarás ag agus dualgas ar an Fhoras Pátrúnachta tacaíocht a thabhairt don bhord bainistíochta. Bunaíodh an Foras le rogha a thabhairt do thuismitheoirí ar phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí nó Eaglais na hÉireann.

Thóg siad na heaspaig as ceist na scolaíochta agus thug rogha do thuismitheoirí in oiliúint agus, níos tábhachtaí, in úinéireacht a gcuid scoileanna. Ní dhruidfear gaelscoil de bharr fíbín easpaig feasta.

Sa chás sin, is doiligh a dhéanamh amach cén chiall atá le cuid den tráchtaireacht a rinneadh. Le mír a bhaint as preasráiteas Uí Chuinneagáin, is "dothuigthe" a líomhaint go raibh cinneadh an bhoird "as alt go huile agus go hiomlán le cleachtais agus le tuiscintí an tsaoil chomhaimseartha in Éirinn, go háirithe i gcomhthéacs fhorbairt phróiseas an athmhuintearais ar an oileán seo".

Bhí colúnaí Foinse, Rónán Mac Con Iomaire, ar an phort céanna, ag tabhairt le fios gur léirigh an cás fírinne gháir chatha David Trimble nuair a cháin sé an Stát seo as bheith "monocultural, pathetic" agus seicteach.

Thug iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, Proinsias Mac Aonghusa, le fios ar cholún litreacha an nuachtáin seo: "What has been done may unfairly darken the good name of gaelscoileanna, and may also provide further evidence for those who suggest that Home Rule is still Rome Rule. An exceptionally bad day's work has been done."

Níor léir do na scríbhneoirí seo nár cheist athmhuintearais í seo - agus go mb'fhéidir nár ghníomh comhurraime é tabhairt le fios do dhaltaí Caitliceacha agus dá dtuismitheoirí go raibh rud éigin as alt lena gcreideamh féin agus go gcaithfí é a imeallú i scoil a bhí ag iarraidh meas a chothú do dhá thraidisiún. I ndeireadh thiar thall, ní hionann scoil idirchreidmheach agus scoil gan chreideamh nó, chomh tábhachtach chéanna, scoil le gach creideamh.

Tá go leor dochair déanta do Ghaelscoil Thulach na nÓg. Níl ciall ar bith cur leis an dochar sin trí cháineadh éigiallta a dhéanamh ar ghaelscoileanna i gcoitinne nó ar an Fhoras Pátrúnachta, eagraíocht a bhí agus atá ag obair le fuinneamh mór agus go deonach le blianta.

Ní chun tairbhe duine nó dream ar bith cur leis an histéire. Tá gluaiseacht na ngaelscoileanna ar cheann de na gluaiseachtaí is forásaí ar an oileán. Ní athróidh imeachtaí Thulach na nÓg sin. Is bocht go ndéantar iarracht cás Thulach na nÓg a cheangal le forbairt na ngaelscoileanna trí chéile. Ní bhaineann an fhorbairt sin leis an scéal seo beag nó mór.

Faoi Stiúrthóir Ghaelscoileanna, Jacqueline Nic Fhearghusa, a fágadh é míniú machnamhach a thabhairt. Agus í ag scríobh ar Foinse na seachtaine seo, ar sise: "Creidim go bhfuil sé de cheart ag aon phátrún sainmheon na scoile a chosaint.

"Má roghnaíonn bunaitheoirí agus céad tuismitheoir na scoile sainmheon ar leith agus pátrún ar leith, tá dualgas dlíthiúil agus morálta ar an bpátrún an sainmheon sin a chosaint do na chéad ghlúnta eile.

"Má thagann tuismitheoir nó múinteoirí nó baill bhord bainistíochta isteach sa scoil ina dhiaidh sin ní ceart dóibh iarracht a dhéanamh an sainmheon a athrú."

Tá an ceart ar fad aici. Is trua gur chaill Tomás Ó Dúlaing a phost. Nárbh fhada go raibh sé i mbun ranga arís. Ach bhí cinneadh crua le déanamh agus rinne an bord bainistíochta é. I bhfianaise a bhfuil scríofa fúthu, ba chróga acu é. Sheas an Foras Pátrúnachta leo. Tá siad le moladh as sin.